Tá an tAire McGrath le bualadh le Seansailéir na Ríochta Aontaithe mar chuid de chuairt ar Londain
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Taistealóidh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, go Londain tráthnóna (Dé Céadaoin an 25 Eanáir) le haghaidh cuairt oifigiúil dhá lá lena n-áireofar cruinniú in Uimh. 11 Sráid Downing le Jeremy Hunt MP, Seansailéir an Státchiste.
Ag teacht sna sála ar a gcruinniú neamhfhoirmiúil achomair ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos an tseachtain seo caite, buailfidh an tAire le Odile Renaud-Basso, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), atá lonnaithe i Londain. Ranníoc rialtas na hÉireann €4 mhilliún le Ciste BEAF um Thionchar ar Ghnólachtaí Beaga le déanaí chun tacú leis an Úcráin.
Maidin Déardaoin, buailfidh an tAire McGrath lena mhacasamhail sa Ríocht Aontaithe, mar atá Jeremy Hunt MP, Seansailéir an Státchiste. Buailfidh an tAire freisin le Andrew Bailey, Gobharnóir Bhanc Shasana; le Nicholas Lyons, Ard-Mhéara Chathair Londan; agus le Rachel Reeves MP, Scáth-Sheansailéir an Státchiste.
Ag labhairt dó roimh a chuairt, dúirt an tAire McGrath:
“Caidreamh an-tábhachtach atá agus a bhíonn i gcaidreamh na hÉireann lenár gcuid comharsan agus cairde sa Ríocht Aontaithe, go háirithe dár ngeilleagair faoi seach, a bhfuil sreabha láidre trádála déthaobhaí idir an dá thír mar bhonn agus thaca acu.
“Táim ag súil leis an gcaidreamh sin a phlé le linn na sraithe cruinnithe a bhfreastalóidh mé orthu, agus aird á tabhairt ar na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun chun saincheisteanna a bhaineann leis an bPrótacal a réiteach – ar iarrachtaí iad nach mór an t-am agus an spás a theastaíonn a thabhairt dóibh chun go n-éireoidh leo.
“Ar ndóigh, beidh mé ag plé na saincheisteanna polaitiúla agus eacnamaíocha atá ann cheana freisin, le linn tréimhse ina bhfuil an Eoraip agus áiteanna níos faide anonn ag déileáil le dúshláin mhóra.”