Osclaítear an comhairliúchán maidir le hOibleagáid um Theas In-athnuaite a thabhairt isteach
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'oscail an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide comhairliúchán chun tuairimí a lorg ó pháirtithe leasmhara ar an bhféidearthacht go dtabharfaí isteach Oibleagáid nua um Theas In-athnuaite.
D'éileodh an oibleagáid seo, má thugtar isteach í, ar sholáthraithe an fhuinnimh a úsáidtear san earnáil teasa in Éirinn a chinntiú go bhfuil cuid áirithe den fhuinneamh a sholáthraítear in-athnuaite.
Díríonn Gníomh 57b faoin bPlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide ar chinneadh atá á fhoilsiú faoi dheireadh na bliana seo ar cheart oibleagáid den sórt sin a thabhairt isteach, mar aon leis an tréimhse agus an scóip atá beartaithe.
Cuirfidh an comhairliúchán seo bonn eolais faoin gcinneadh ar cheart agus conas oibleagáid den sórt sin a chur i bhfeidhm in Éirinn sna blianta amach romhainn.
Ba chóir a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon chinntí déanta fós maidir le cibé ar cheart oibleagáid a chur i bhfeidhm agus, dá mbeadh ceann ann, conas a dhéanfaí é a struchtúrú. Ní chinnfear é seo ach a luaithe a bheidh an comhairliúchán poiblí críochnaithe.
Déanfar measúnú agus tabhfar aghaidh ar aon iarmhairtí féideartha a bhaineann le hOibleagáid um Theas In-athnuaite a thabhairt isteach ar theaghlaigh ar ioncaim íseal i mbochtaineacht fuinnimh ní atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh mar chuid den phróiseas seo.
Cén fáth Oibleagáid um Theas In-athnuaite?
Faoi láthair tá foinsí in-athnuaite ag freastal ar 6.3% dá héileamh san earnáil teasa, m.s bithmhais agus bithghás. Is é sin an céatadán is ísle d’aon tír san Eoraip agus i bhfad faoi bhun mheán an Aontais Eorpaigh de 22%.
Cé go bhfuil roinnt dul chun cinn á dhéanamh maidir le teas in-athnuaite a mhéadú in Éirinn, caithfear níos mó a dhéanamh. Le hoibleagáid san earnáil teasa, spreagfadh úsáid teasa in-athnuaite. D’fhéadfaí oibleagáid den sórt sin a scaipeadh ar gach cineál breosla neamh-inathnuaite.
Go hachomair, is é cuspóir foriomlán Oibleagáid um Theas In-athnuaite ná:
“Astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil teasa a laghdú trí úsáid mhéadaithe a bhaint as fuinneamh in-athnuaite inbhuanaithe agus ar an gcaoi sin cur le sprioc an Chláir don Rialtas laghdú 51% ar astaíochtaí faoi 2030 agus glan-astaíochtaí nialasacha faoi 2050.”
Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo. An dáta deiridh ná 5i.n. Dé hAoine, 1 Deireadh Fómhair 2021.