Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 6 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,811 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Luain an 5 Deireadh Fómhair, cuireadh 432 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 38,973* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Tá sé riachtanach go ndéanfar iarracht leathan ar fud na sochaí sna seachtainí amach romhainn. Tá sé de chumhacht ag gach duine againn cur isteach ar scaipeadh an víris seo agus is am ríthábhachtach anois é an chumhacht sin a úsáid.
“Dírigh ar an méid is féidir leat a dhéanamh; nigh do lámha go rialta, caith clúdach aghaidhe, coinnigh amach ó dhaoine eile, seachain sluaite, teorannaigh do líonra sóisialta, bíodh na siomptóim ar eolas agat agus bíodh a fhios agat cad ba chóir duit a dhéanamh má bhíonn siomptóim agat nó má bhíonn dlúth-theagmháil agat le cás deimhnithe."
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Má bhíonn casacht, fiabhras nó gearranáil ag dul duit nó má chailleann tú an cumas blas nó boladh a fháil, ba chóir duit aonrú agus glaoch a chur ar do dhochtúir teaghlaigh gan mhoill. Ná téigh ag obair agus déan iarracht gan idirghníomhú le daoine eile. Is gníomh ríthábhachtach é seo má táimid chun slabhraí an tarchuir a bhriseadh."
CRÍOCH