Ráiteas leis an Aire Katherine Zappone, T.D., maidir le híocaíochtaí le Seirbhísí Cúraim Leanaí do Lá na hAgóide
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I ndiaidh breithniú a dhéanamh ar bhuarthaí agus cúinsí na hearnála Cúraim leanaí, d’ordaigh an tAire Zappone an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus Pobal chun íocaíochtaí a údarú do sheirbhísí cúraim leanaí a dhúnfar i rith lá na hagóide, an 5 Feabhra.
Déanfar íocaíochtaí ar an gcoinníoll go n-aimsíonn Soláthraithe Cúraim leanaí dáta eile oiriúnach ar ar féidir seirbhísí cúraim leanaí a sholáthar do thuismitheoirí mar chúiteamh ar an lá a bhíonn an tSeirbhís dúnta.
Thacaigh an tAire Zappone riamh anall le pá níos fearr do Ghairmithe Cúraim leanaí.
Chuir sí tús in 2017 le hÍocaíochtaí Tacaíochta Cláir do sholáthraithe cúraim leanaí den chéad uair riamh. Déantar na híocaíochtaí seo chun tacú le Soláthraithe chun an obair riaracháin a dhéanamh is gá dóibh. B’ionann na híocaíochtaí seo in 2017 agus €18 milliún.
Chuir sí Íocaíochtaí Tacaíochta Cláir ar luach €19.4 milliún ar fáil in 2018.
Tháinig méadú ar Íocaíochtaí Tacaíochta Clár in 2019 go dtí €26 milliún, a thug le fios go raibh bliain an-dúshlánach ann don Earnáil Chúram Leanaí.
Fuair sí cistiú arís eile don bhliain 2020 d’Íocaíochtaí Tacaíochta Cláir ar luach €19.4 milliún don earnáil Chúram Leanaí.
Anuas air sin, léirigh sí go soiléir go dtacaíonn sí le hOrdú Fostaíochta Earnála do Ghairmithe Cúraim leanaí, agus spreagann sí iad chun ballraíocht a ghlacadh de Cheardchumann mar gheall gurb é seo an t-aon bhealach is féidir tionchar díreach a imirt ar cé mhéad a íoctar leo. Ní fhostaíonn an Stát Gairmithe Cúraim leanaí agus, ar an ábhar sin, ní féidir leis an Stát a bpá a dheimhniú.
Fuair sí soláthar €2.2 milliún in 2020 do Chiste Thacaíochta agus Inbhuanaitheachta maidir le Ordú Fostaíochta Earnála don bhliain 2020 agus súil leis go ndéanfadh Ceardchumainn iarratas ar an gCúirt Oibreachais ar Ordú Fostaíochta Earnála do Ghairmithe Cúraim leanaí. Níl seo déanta ag na Ceardchumainn go fóill ach tá an ciste ann go fóill don tráth a tharlóidh sin, agus tá súil leis go dtarlóidh sé i mbliana.
CRÍOCH
Orduithe Fostaíochta Earnála
Déantar Ordú Fostaíochta Earnála nuair a dhéanann an Chúirt Oibreachais moladh maidir le ceisteanna pá, pinsin nó pá breoiteachta d’oibrithe in Earnáil ar leith, e.g. gairmithe cúraim leanaí. Déantar é seo i ndiaidh go bhfaightear iarraidh ó Cheardchumann nó eagraíocht Fostóirí. Nuair a dhéantar an moladh, déanann an tAire é a shíniú chun bonn reachtúil a chur faoin moladh. Léirigh an tAire Zappone a tacaíocht i gcónaí le hOrdú Fostaíochta Earnála do Ghairmithe Cúraim leanaí mar bhealach chun téarmaí agus coinníollacha níos fearr a bhaint amach.