Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte go bhfuiltear chun an Scéim Íocaíochta Cúnaimh Shealadaigh um COVID-19 a shíneadh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Dé Máirt), d’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD go bhfuiltear chun an Scéim Íocaíochta Cúnaimh Shealadaigh um COVID-19 a shíneadh.
Tá breis is 30,000 dár saoránaigh ina gcónaí i dtithe altranais. Tá cónaitheoirí tithe altranais leochaileach mar gheall ar a n-aois, na bunfhadhbanna leighis atá acu agus, roinnt mhaith den am, mar gheall ar riachtanais chúraim atá acu a bhfuil go minic mar thoradh ar riachtanais chúraim a bhfuil an dlúth-theagmháil fhisiciúil i gceist leo. Tá foirne tiomnaithe ar fud na tíre a chuireann an cúram agus an tacaíocht seo ar fáil. Bhí an-dúshlán i gceist leis an bpaindéim COVID-19 agus tionchar ar leith aici orthu siúd a bhfuil cónaí orthu i dtithe altranais, ar a dteaghlaigh siúd agus ar na baill foirne go léir a sholáthraíonn na seirbhísí ríthábhachtacha seo, agus caithfimid dúinn leanúint de thacaíocht phraiticiúil, spriocdhírithe a sholáthar do na seirbhísí siúd dá bharr.
Bunaíodh an Scéim Íocaíochta Cúnaimh Shealadaigh mar ghléas tacaíochta sealadach chun cur leis na costais sin atá ag tithe altranais agus a bhaineann le COVID-19. Soláthraíonn an Scéim íocaíochtaí tacaíochta do thithe altranais is iarrthóirí iad uirthi in aghaidh mhí Aibreán, mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh. Bhíothas chun an Scéim a dhúnadh inniu ach aontaíodh go bhfuiltear chun í a shíneadh amach chun tuilleadh tacaíochtaí a chur ar fáil in aghaidh mhí Iúil, mhí Lúnasa agus mhí Mheán Fómhair.
Cuireann sé seo go mór leis an tacaíocht atá tugtha don earnáil i ndáil léi a bheith réitithe agus ullmhaithe chun tionchar COVID-19 a bhainistiú agus a mhaolú, agus, rud tábhachtach, chun tacú leis cónaitheoirí agus cosaint a thabhairt dóibh. Leis an Scéim seo a bheith sínte amach, éascófar do na bearta ullmhachta agus bainistíochta seo leanúint ar aghaidh a bheith curtha i gcrích agus cuireann sé cinnteacht ar fáil maidir le tabhairt i gcrích na Scéime sealadaí seo freisin.
Anuas sin, tá córais agus struchtúir shuntasacha curtha i bhfeidhm ag an FSS agus HIQA chun tacaíocht a thabhairt do thithe altranais príobháideacha agus deonacha agus tá forbairt mhór déanta ina leith le roinnt míonna anuas. I measc na dtacaíochtaí neamhairgeadais seo, táthar ag soláthar an trealaimh chosanta phearsanta (PPE) agus na cóiríochta sealadaí d’fhoireann na dtithe altranais agus áírítear leis chomh maith leis an Fhoireann Freagartha Géarchéime lena n-áirítear foireann FSS arna imscaradh. Tá go leor tacaíochta curtha ar fáil freisin mar thacaíocht teileafóin, tacaíocht um an gcosc agus an rialú ionfhabhtaithe agus tacaíocht Sláinte Poiblí atá á soláthar do thithe altranais.
Agus an Scéim á síneadh amach, aithnítear na tacaí eile go léir seo agus beidh roinnt leasuithe curtha i bhfeidhm ar an Scéim sínte, maidir le PPE, mar shampla, agus maidir le teorainneacha na tacaíochta agus athruithe atáthar chun cur leis an bpróiseas iarratais atá tugtha isteach chun críocha na próisis riaracháin a laghdú.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Donnelly
“Cé go bhfuil an-dul chun cinn ar fad déanta i dtaca leis an fhreagra ar COVID-19, an víreas a chur faoi chois sa phobal ina measc, creidim go gcaithfimid leanúint de thacaíocht a thabhairt do thithe altranais agus go gcaithfimid cuidiú leo leis an bpleanáil agus na hullmhúcháin atá le déanamh iontu chun freagra a thabhairt ar COVID-19. Tá áthas orm a fhógairt, mar sin, go bhfuilim chun an Scéim Íocaíochta Cúnaimh Shealadaigh (TAPS) a leathnú amach ar feadh thréimhse 3 mhí, go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.
“Tá sé mar aidhm ag an tacaíocht seo, mar aon leis an bpacáiste níos leithne de thacaíochtaí a sholáthraíonn an Stát agus a chuid gníomhaireachtaí do thithe altranais príobháideacha agus deonacha araon ná go gcuirfear tuilleadh leis an raon beart sláinte poiblí atá riachtanach chun cosaint a thabhairt do chuid de na saoránaigh is leochailí atá againn.”
CRÍOCH
Mar chuid den phacáiste tacaíochta do thithe altranais cuireadh Scéim Íocaíochta Cúnaimh Shealadaigh um COVID19 (TAPS) a bhí oscailte d’iarratais an 17 Aibreán 2020. Is é coincheap lárnach na scéime ná go gcuirfidh an Stát maoiniú breise ar fáil do na tithe altranais sin a bhfuil gá acu leis, le bheith curtha i dtreo na gcostas sin atá inghearrtha le bheith ullmhaithe i dtaca le Covid-19, chomh maith leis an maolú i leith ráig Covid-19 agus an bhainistíocht ráige um COVID-19. Bhí sé beartaithe go mbeadh an scéim le dúnadh inniu, an 30 Meitheamh, ach aontaíodh go bhfuiltear chun síneadh a chur leis an Scéim. Anois beidh an Scéim ag críochnú ag deireadh mhí Mheán Fómhair.
Tá dhá chomhpháirt sa Scéim atá comhtháite le chéile
Faoin gcomhpháirt tacaíochta caighdeánaí, féadfar maoiniú a sholáthar do gach teach altranais is iarratasóir chun cur le costas bearta a bhaineann le COVID-19 agus na costais ionchasacha a bhaineann leo don mhí. Déantar an t-uasleibhéal tacaíochta airgeadais faoin Scéim a ríomh trí thagairt a dhéanamh do líon na gcónaitheoirí sa teach altranais thar thréimhse shonraithe, bunaithe ar oícheanta leapa.
Déantar na huasteorainneacha íocaíochta faoin Scéim sínte (Iúil, Lúnasa agus Meán Fómhair) a ríomh mar a leanas:
Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an íocaíocht cúnaimh ráige den Scéim chomh maith sa scéim.
Tá uasteorainn fhoriomlán mhaoinithe mhíosúil ann, gurb é an t-uasmhéid is féidir a íoc le Teach Altranais faoin Scéim sínte in aghaidh na míosa. Baineann an méid seo le comhiomlán na n-íocaíochtaí faoin Íocaíocht Cúnaimh Chaighdeánach agus faoin Íocaíocht Cúnaimh Ráige mar aon. Tá sé cothrom leis an gceann is ísle den dá mhír seo:
Tá an FSS ag leanúint ar aghaidh ag cur soláthairtí suntasacha den PPE ar fáil do thithe altranais. Leanfaidh an FSS ag soláthar an PPE do thithe altranais, agus chun an luach ar airgead a chinntiú, ní chlúdaíonn an costas seo leis an Scéim a thuilleadh.
Táthar chun riarachán na Scéime a shimpliú freisin trí dheireadh a chur leis an bpróiseas Fhoirm A. Bhí cuspóir tábhachtach leis an bpróiseas seo ag tús na Scéime chun luathshreabhadh an airgid mhaoinithe a chinntiú. Mar sin féin, tá an príomhchuspóir a bhí aige bainte amach anois agus d’fhéadfadh sé a bheith friththáirgiúil anois ó thaobh an dea-riaracháin agus an oiriúnacht don úsáideoir de, agus mar sin táthar chun deireadh a chur leis le linn thréimhse shínte na Scéime.
Leis an Scéim sínte beidh gá le tithe altranais cóip dá pleananna ullmhachta a thaispeáint freisin, chomh maith le haon phleananna comhlíonta atá curtha i bhfeidhm acu le HIQA agus beidh ceangal ar na hiarratasóirí tuarascáil deiridh a sholáthar ar an gcaiteachas agus ar an tslí ar úsáideadh an t-airgead i gceist, i mí dheiridh na Scéime, is é sin le rá mí Mheán Fómhair.