Éileamh déanta ag McConalogue do ghné láidir ghlas maidir leis an CAP nua agus an mhéid is mó solúbthachta maidir le híocaíochtaí díreacha a theorannú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'éiligh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu gné láidir glas a choinneáil sna hidirbheartaíochtaí leanúnacha maidir le CAP Tar Éis na Bliana 2020.
Is éard a dúirt an tAire McConalogue agus é ag a chéad chruinniú de chuid na Comhairle Talmhaíochta Iascaigh:
"Is í seo an phríomhshaincheist a gcaithfimid aghaidh a thabhairt uirthi. Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh torthaí timpeallachta agus aeráide i gceist leis an CAP nua."
Le linn na cainte ar an 'Leagan Amach Glas' beartaithe i ndáil le CAP Tar Éis na Bliana 2020 d'éiligh an tAire McConalogue go gcuirfí bearta i bhfeidhm chun a chinntiú go dtapódh Ballstáit an deis maoiniú CAP a fháil dá mba rud é go mbeadh éileamh níos ísle ó fheirmeoirí i gceist le scéimeanna ECO ná mar a bhí beartaithe sna chéad blianta den CAP.
D'fhógair an tAire McConalogue:
"Ní mór dom a bheith fíorshoiléir maidir leis an bpointe seo. Ní fhéadfaidh mé glacadh le rud ar bith a d'fhágfadh Éirinn nochta ar an mbealach sin."
Maidir le hÍocaíochtaí Díreacha agus an rogha teorainn a chur ar íocaíochtaí a gheobhadh feirmeoirí aonair dúirt an tAire McConalogue:
"Faoi na céad tograí, bheadh cead ag Ballstáit íocaíochtaí a laghdú go €60,000. Thug mé tacaíocht láidir don rogha sin do Bhallstáit agus ba mhaith dá gcoinneofaí an tsolúbthacht sin, a oiread agus is féidir."
Phléigh an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh roinnt ábhar eile chomh maith, lena n-áirítear an cás maidir le trádáil agus na margaí, Fiabhras Afracach na Muc, agus beartais maidir le lipéadú cothaithe.
Reáchtáil an tAire McConalogue cainteanna úsáideacha leis an gCoimisinéir Janusz Wojciechowski chun CAP amach anseo agus Rialacháin Idirthréimhseacha CAP atá beartaithe a phlé.
CRÍOCH