Foilsíonn an tAire Ryan an Ráiteas Beartais nua ón Rialtas ar Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, 'Ráiteas Beartais ar Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht – Amhábhair Chriticiúla don Aistriú chuig Geilleagar Ciorclach', beartas nua ón Rialtas.
Tá mianraí ina ngné riachtanach dár saol laethúil agus den aistriú chuig geilleagar ciorclach agus leanfaidh siad lena bheith ina ngné riachtanach díobh sin sa todhchaí. Tá ríthábhacht ag baint leo freisin maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach ar fud roinnt earnálacha, mar shampla: giniúint cumhachta inathnuaite; stóráil fuinnimh (ceallraí) agus tarchur fuinnimh; agus iompar. Gné de bheartas an Aontais Eorpaigh a bhíonn ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí is ea an soláthar amhábhar criticiúil, go háirithe mar gheall ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin.
Ós rud é go mbeidh gá ann go fóill le mianraí ar fud na sochaí, tá sé ríthábhachtach go n-eastóscfaí iad ar bhealach atá freagrach ón taobh sóisialta de agus ó thaobh an chomhshaoil de araon agus go mbeadh reachtaíocht láidir i bhfeidhm ina leith sin. Sa chomhthéacs sin, tá sé mar aidhm leis an mbeartas um thaiscéalaíocht mianraí agus mianadóireacht:
Tá an ráiteas beartais ina léiriú ar an dianphróiseas comhairliúcháin phoiblí a seoladh ina leith agus ar dhíospóireacht an Ghrúpa Chomhairligh um Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht. Tagann na comhaltaí den ghrúpa comhairleach ó cholúin chomhshaoil, gheo-eolaíocha, tionscail agus shóisialta, ó ranna agus ó rialálaithe.
Ag labhairt dó faoin ráiteas beartais nua, dúirt an tAire Ryan:
"Teastóidh soláthairtí slána mianraí uainn má táimid chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach. Tá ríthábhacht ag baint lenár gcomhshaol a chosaint agus lenár n-oidhreacht nádúrtha a chaomhnú ag an am céanna. Leis an mbeartas seo, glactar prionsabail forbartha inbhuanaithe an rialtais agus forlíontar an t-ardleibhéal cosanta comhshaoil a fhorfheidhmítear ar an lorgaireacht agus ar an mianadóireacht nua-aimseartha agus amach anseo in Éirinn."
Agus é ag glacadh leis gur tháinig díospóireacht phoiblí agus pholaitiúil araon chun cinn mar gheall ar chomhairliúcháin phoiblí ar cheadúnais áirithe lorgaireachta mianraí a dheonú nó a athnuachan, dúirt an tAire:
"Ceann amháin de phríomhthosaíochtaí an ráitis beartais seo is ea feasacht an phobail agus rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht rialála a mhéadú agus tacú leis an dlisteanacht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí taiscéalaíochta mianraí agus mianadóireachta."
Leanfaidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach um Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht maidir le cur chun feidhme an ráitis beartais, lena n-áirítear athbhreithniú ar na próisis rialála agus na bearta atá ceaptha chun tacú le feasacht agus rannpháirtíocht an phobail.
Leagtar prionsabail amach sa ráiteas beartais, agus iad grúpáilte faoi chúig théama. Tá an tábhacht chéanna ag baint le gach ceann de na cúig théama agus tacaíonn siad lena chéile. Is iad seo a leanas na téamaí sin:
Tá na prionsabail atá leagtha amach sa ráiteas beartais bainteach le roinnt gníomhartha sonracha a sainaithníodh chun an beartas a chur chun feidhme. Tá na gníomhartha sin tuairiscithe ar bhealach a fhágann go mbeifear in ann mionscrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna uile a bhaineann le gach gníomh. Beidh tuilleadh comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus leis an bpobal ag teastáil i gcás roinnt gníomhartha aonair.
Is féidir an beartas a rochtain ar shuíomh gréasáin na roinne.
CRÍOCH