Freastalaíonn an tAire Stáit Míchumais ar chomhdháil an AE ar an Straitéis Eorpach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhreastail an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, T.D., ar an bhFíschomhdháil Ardleibhéil ar an Straitéis Eorpach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 an 20 Aibreán 2021, a chuir Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas Eorpach ar siúl.
Cuireadh deis ar fáil sa chomhdháil institiúidí Eorpacha, ballstáit agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a thabhairt le chéile chun plé a dhéanamh ar an Straitéis, a spriocanna agus na dúshláin amach romhainn.
Agus ionadaíocht á déanamh d’Éirinn i gCruinniú Comhchéime le comhghleacaithe ó Bhallstáit eile, labhair an tAire Rabbitte faoin tacaíocht a thugann Éire do Chárta Míchumais an AE, ar thionscnamh suaitheanta é faoin Straitéis.
Ag labhairt ar an ábhar, dúirt an tAire Rabbitte:
“Freagairt phraiticiúil atá i gCárta Míchumais an AE do dhul i ngleic leis na bacainní atá roimh dhaoine faoi mhíchumas atá ag gluaiseacht ar fud an Aontais. Cuireadh an clár píolótach tosaigh ar siúl in ocht dtír an AE a bhí dírithe ar limistéir an chultúir, na fóillíochta, an spóirt agus an iompair. Ceapaim go bhféadfadh tionscnamh dá mhacasamhail seo cabhrú go mór le tairbhí breise a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas ar fud an AE.
“Chuirfeadh cur chuige comhroinnte i leith an Chárta Míchumais ar fud an AE féidearthachtaí ar fáil láithreach a bhféadfadh nach dtiocfadh a leithéid aníos roimhe seo. Tionscadal an-spreagúil é. Tugtar le fios faoi láthair go mbeartóidh an Coimisiún Eorpach faoi dheireadh 2023 Cárta Míchumais Eorpach a chruthú a mbainfear aitheantas frithpháirteach amach dó i measc thíortha an AE a ghlacann páirt sa chóras, ar bhonn deonach.
“Trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt ar mhíchumas agus ar theacht ar sheirbhísí trasna ár dteorainneacha, is féidir linn tosú le bacainní atá roimh dhaoine faoi mhíchumas a bhaint. Chuirfeadh an Cárta seo fíorthairbhí ar fáil ní hamháin do shaoránaigh Éireannacha ach do na milliún saoránach ar fud an AE. Más féidir linn úsáid a bhaint as sonraí dearfacha ón tionscadal píolótach, creidim gur féidir linn cur leis an dearcadh polaitiúil a theastaíonn chun an tionscnamh seo a thabhairt chun cinn faoin Straitéis nua. Táim muiníneach go nglacfaidh Éire a páirt chun tabhairt faoin bpróiseas sin agus measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann,” a dúirt an tAire Rabbitte mar fhocal scoir.
CRÍOCH
>taitneamh a bhaint as a gcearta daonna,
>comhdheiseanna a bheith acu,
>an teacht cothrom a bheith acu chun páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar,
>cinneadh a dhéanamh faoi cén áit agus conas a chónaíonn agus cé leis a gcónaíonn siad,
>gluaiseacht gan srian san AE gan aird ar a riachtanais tacaíochta,
>gan a bheith thíos le hidirdhealú a thuilleadh.