Imeacht maidir le Todhchaí Fáschoillte san Eoraip oscailte ag an Aire Doyle sa Bhruiséil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'oscail an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D. comhdháil ardleibhéil sa Bhruiséil inniu arna heagrú ag Institiúid Foraoiseachta na hEorpa (EFI) chun todhchaí na bhfáschoillte san Eoraip a phlé. Is cuid de shraith imeachtaí “Think Forest” an t-imeacht seo a eagraíonn an Institiúid chun plé a spreagadh ar réimse ábhar a bhaineann le foraoisí.
Dúirt an tAire Doyle ag imeacht an lae inniu “Cé nach ionann fáschoillte agus tuairim is 7% d'fhoraoisí na cruinne, cuireann siad breis agus an tríú cuid d'adhmad an domhain ar fáil. Tá sé tábhachtach a thuiscint go mbaineann buntáistí éagsúla leis na cineálacha éagsúla foraoisí atá ann agus go mbaineann ról tábhachtach leo maidir le hadhmad a tháirgeadh chomh maith le go leor seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil.”
Chomh maith leis sin, cuireadh an deis ar fáil don Aire Doyle le linn an phlé fáilte a chur roimh staidéar nua atá seolta ag an EFI dar teideal, “Fáschoillte san Eoraip: Dúshláin agus Deiseanna”. Cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maoiniú ar fáil don EFI a chuireann le staidéir forbartha i líon réimsí tábhachtacha. Baineann an staidéar seo leas as taighde eolaíoch a foilsíodh le gairid mar aon le ceithre chas-staidéar (Éire, an tSualainn, an Iodáil, an tSeoirsia), lena fháil amach an bhfuil an earnáil fáschoille ag baint lán a hacmhainne amach d'fhonn beartas comhshaoil agus socheacnamaíochta an hEorpa a bhaint amach. Aithnítear sa staidéar an fhaisnéis eolaíochta atá ar fáil dúinn ó thaobh fáschoillte a leagan amach agus a bhainistiú, an úsáid is féidir a bhaint astu chun freastal ar riachtanais na sochaí amach anseo, agus leagtar amach na himpleachtaí móra a bhaineann leo ó thaobh beartais de. Tá cúraimí á leagan ar fhoraoisí na hEorpa faoi láthair mar an t-athrú aeráide a mhaolú, earraí agus seirbhís a chur ar fáil, poist a chruthú agus is foinsí iad chomh maith le haghaidh breosla agus ábhair eile. Chomh maith leis sin, meastar go mbeidh páirt mhór ag baint le foraoiseacht le bunábhar agus seirbhísí a chur ar fáil d'fhonn bithgheilleagar nuálach agus inbhuanaithe a fhorbairt. D'fhéadfadh ról lárnach a bheith ag fáschoillte chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Chomh maith leis sin, chuir an tAire Doyle fáilte roimh an gComhaontú Glas nua don Eoraip a fógraíodh an tseachtain seo caite inar cuireadh in iúl “go ndéantar tiomantas an Choimisiúin le dul i ngleic leis an athrú aeráide a athshocrú agus conair d'uaillmhian níos mó a leagan amach chun todhchaí níos fearr a chruthú. Beidh foraoisí mar chuid den aistear sin i gcónaí ach ní mór dúinn a chinntiú go leanaimid de bheith airdeallach i bhfianaise baol agus galar a bheith ag teacht chun cinn. Ní mór dúinn leanúint d'oibriú lena chéile chun an t-eolas atá againn a roinnt agus tacú le fóraim a spreagann díospóireacht agus a chuireann dúshlán romhainn maidir leis an gcaoi a smaoinímid faoi fhoraoisí.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire “Tá sé tábhachtach freisin go leanfaimid d'eolas a roinnt idir foraoiseoirí agus taighdeoirí. Ní mór úsáid a bhaint as taighde atá bunaithe ar fhianaise chun eolas a dhéanamh do bheartas i leith foraoisí. Chomh maith leis sin, ní mór dúinn an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin ról tábhachtach a bhaineann le foraoisí chun cur leis an sochaí agus le leas an phobail.”
Nótaí d'eagarthóirí
Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis an imeacht seo ag
s féidir an foilseachán Fáschoillte san Eoraip: Dúshláin agus Deiseanna a fháil anseo.
Maidir le hInstitiúid Foraoiseachta na hEorpa?
Eagraíocht idirnáisiúnta atá lonnaithe san Fhionlainn is ea EFI, a bhunaigh Stáit Eorpacha trí choinbhinsiún idirnáisiúnta. Tá Éire ar cheann den 29 tír Eorpacha a bhfuil Coinbhinsiún EFI daingnithe acu – sa bhliain 2010 i gcás na hÉireann.
Cuireadh tús le bunú an EFI i 1993 agus é mar aidhm léi feabhas a chur ar thaighde idirnáisiúnta i leith foraoisí agus faisnéis neamhchlaonta maidir le foraoisí a chur ar fáil do chinnteoirí ag leibhéal uile-Eorpach.
Breis agus 20 bliain in dhiaidh sin, tá fás agus forbairt tagtha ar an EFI agus í ina heagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil meas uirthi a dhéanann taighde maidir le foraoisí a chur i gcrích, a chomhordú agus a éascú. Chomh maith leis sin, cuireann EFI tacaíocht ar fáil dá cuid ball maidir le saincheisteanna a bhaineann le beartas. Teastaíonn bunmhaoiniú ó bhallstáit, Éire ina measc, chun leanúint den obair a dhéanann an EFI agus tá ranníocaíocht bhliantúil déanta ag Éirinn ó 2010 ina leith trí roinnt tionscnamh agus saoráidí.
Obair an EFI
Na hacmhainní, inniúlachtaí agus bonneagair atá ag teastáil ó eagraíochtaí taighde foraoisí na hEorpa a chur ar fáil chun an tionchar eolaíoch agus sochaíoch atá acu a uasmhéadú.