Fáiltíonn an tAire Foley roimh fhoilsiú Thuarascáil chás-staidéir ar scoileanna rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD inniu roimh fhoilsiú na chéad tuarascála taighde agus meastóireachta as sraith de thuarascálacha a fhoilseofar ar eispéiris na scoileanna atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.
Is é cuspóir an staidéir ná measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta rannpháirteacha.
Déantar cur síos sa tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag na scoileanna seo go dáta i gcur i bhfeidhm na gcritéar teangabhunaithe don tumoideachas. Tá sí bunaithe ar thorthaí ó chás-staidéir a rinne an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) i gcomhar le Cigireacht na Roinne Oideachais. Cuimsítear sa tuarascáil freisin féinmhachnamh scoileanna ar an Scéim go dtí seo. Tugann siad seo léargas den scoth ar nuálaíocht agus ar dhea-chleachtais na scoileanna féin, agus ar a n-eispéireas go dtí seo.
Rinneadh na cás-staidéir seo in dhá bhunscoil déag agus i seacht n-iar-bhunscoil agus tá siad mar chuid de staidéar taighde agus meastóireachta trí bliana.
“Is céim thábhachtach an tuarascáil taighde agus mheastóireachta chuimsitheach seo ar chur i bhfeidhm na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta”, a dúirt an tAire Foley.
“Is cúis áthais dom go léiríonn an anailís ar thorthaí taighde an FTO agus na Cigireachta an chaoi ina bhfuil mórchéimeanna chun tosaigh glactha ag scoileanna na Scéime. Tá a n-acmhainn mar phríomh-mhoil phobail á forbairt ag scoileanna d’fhonn tacú le húsáid níos forleithne na Gaeilge agus leis an gcultúr Gaelach sa Ghaeltacht.
“Leagann na torthaí béim ar ghnéithe den dea-chleachtas i gcur i bhfeidhm an tumoideachais i scoileanna Gaeltachta leithéidí straitéisí luath-idirghabhála á n-úsáid chun tacú le foghlaim na teanga, na naisc níos láidre atá á gcothú leis an bpobal áitiúil agus béim athnuaite ar shaibhreas teanga na scoláirí. Cuirtear béim sa tuarascáil freisin ar ghnéithe den chleachtas nach mór a fhorbairt tuilleadh i roinnt cásanna, mar shampla, pleanáil chun aistriú éifeachtach ón suíomh luathfhoghlama agus cúraim a éascú, agus ról na dtuismitheoirí agus na ndaltaí/scoláirí a neartú sna próisis phleanála gníomhaíochta agus féinmheastóireachta scoile.
Léiríonn na cás-staidéir an chaoi ina bhfuil an scéim ag cur ar chumas scoileanna úsáid níos forleithne na Gaeilge a chur chun cinn i bpobail áitiúla. Tá na naisc le naíonraí agus le pearsanra pleanála teanga á neartú chun oidhreacht shaibhir na Gaeltachta a chur chun cinn.
Lean an tAire Foley agus dúirt:
“Tá ceannairí scoile ag cur fís na Scéime in iúl go rathúil. Tá tionchar dearfach aige seo ar an gcaoi a bhfuil na pobail scoile ag baint úsáid as an nGaeilge sa scoil.
“Is ábhar misnigh é go gcuirtear an tréimhse dhá bhliain luath-thumoideachais sa Ghaeilge i bhfeidhm i ngach ceann de na bunscoileanna cás-staidéir. Baintear úsáid as go leor straitéisí nuálacha sna hiar-bhunscoileanna cás-staidéir chun úsáid leathnaithe na Gaeilge a chur chun cinn”, a dúirt an tAire.
“Tá dul chun cinn déanta freisin ar úsáid na teicneolaíochta mar acmhainn teagaisc. Tá na hacmhainní, a sholáthraíonn gníomhaireachtaí náisiúnta ar nós An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta (COGG), ag cuidiú leis an gcleachtas i seomraí ranga Gaeltachta a fheabhsú.
“Creidim go dtacóidh agus go gcuirfidh na smaointe agus na heiseamláirí dea-chleachtais sa tuarascáil chás-staidéir seo leis an obair leanúnach atá á déanamh ag scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus ag suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim, chun oideachas ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil dár ndaoine óga go léir”.
Tá an Tuarascáil ar Scoileanna cás-staidéir rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar fáil anseo.