Plean Uile - Rialtais chun dul i ngleic le hAthrú Aeráide
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, fáilte inniu roimh sheoladh an Phlean Uile-Rialtais chun dul i ngleic le hathrú aeráide a bhfuil aird tarraingthe ann ar an tiomantas thar a bheith dúshlánach ach ollmhór atá déanta ag an Roinn Talmhaíochta mar chuid den phlean náisiúnta seo.
Dúirt an tAire:
"Leagtar amach sa phlean Uile-Rialtais seo an fhís atá againn agus an bealach a dtabharfar an fhís sin chun fíre chun laghdú ar Astaíochtaí Gáis Ceaptha Teasa a bhaint amach agus chun áit níos fearr a dhéanamh d'Éirinn dúinne agus do na glúnta atá le teacht. Tá an méid a chuireann cúrsaí talmhaíochta leis an sprioc náisiúnta sin suntasach agus ní hamháin go n-áirítear tiomantas do ghnóthachain éifeachtúlachta ann ach áirítear ann chomh maith baint dé-ocsaíde carbóin tríd an bhforaoiseacht agus trí ithreacha orgánacha a bhainistiú agus aithnítear deiseanna chun cur le táirgeadh agus éifeachtacht fuinnimh."
Tá cáil an-mhaith ar tháirgeoirí bia agus ar fheirmeoirí na hÉireann ar fud an domhain i leith inbhuanaitheachta an bhia agus na ndeochanna a tháirgimid. Is cáil í sin a bhfuil sé de cheart againn a bheith bródúil aisti. De bharr go bhfuil fás ag teacht ar an éileamh ar fud an domhan do bhia agus de bharr go bhfuil áit mhargaidh atá ag athrú go tapa ag lorg deimhnithe maidir leis an gcáilíocht inbhuanaitheachta atá againn, bhí feirmeoirí rannpháirteach go gníomhach le blianta beaga anuas chun lorg carbóin ár gcuid táirgí a fheabhsú.
Leagtar sprioc uaillmhianach atá dúshlánach amach don earnáil sa phlean uile-Rialtais seo agus éilíonn sin ar an earnáil a bheith nuálach agus cur leis an méid réiteach atá ann i leith an dá ní sin chun táirgeacht a fheabhsú agus astaíochtaí a laghdú. Go tábhachtach, tugtar aitheantas don earnáil talmhaíochta maidir leis an infheistíocht mhór atá déanta go dtí seo i leith foraoisithe, cuirtear deiseanna ar fáil chun carbón a bhaint trí thalamh a bhainistiú agus leagtar amach spriocanna tomhaiste i ndáil le hastaíochtaí a laghdú. Níl aon amhras orm ach go dtabharfaidh an earnáil an dúshlán seo arís agus go laghdófar astaíochtaí chun go mbeidh Éire fós ina ceannródaí domhanda maidir le táirgeadh bia aeráid-chliste inbhuanaithe.
Dúirt an tAire Creed:
"Tá feirmeoirí na hÉireann nuálach, acmhainneach agus tiomanta don obair i gcomhar chun réitigh a fháil le dul i ngleic leis an dúshlán ollmhór seo. Tá siad tiomanta cheana féin, ina gcaomhnóirí talún, don inbhuanaitheacht, agus cinnteofar leis an tiomantas sin go mbeidh geilleagar tuaithe beomhar ann do na glúnta atá le teacht."
Fiú amháin in Éirinn a bheidh dícharbónaithe go hiomlán, beidh na hastaíochtaí talmhaíochta mar chéatadán den iomlán fós mór. Tá deis ollmhór ann tionchar a imirt ar mar a fhorbróimid an chéad phlean straitéiseach CAP eile agus an straitéis Agraibhia. Ní mór ceannaireacht a léiriú maidir leis an tslí a bhfuilimid ag dul i ngleic le gníomh aeráide agus inbhuanaitheacht agus ag an am céanna bia a sholáthar is féidir a rianú agus ar bhealach nach ndéanann dochar don timpeallacht.
Dúirt an tAire Creed freisin:
"Beidh orainn géarú ar na maidí laistigh den earnáil - ciallaíonn sin go mbeidh athrú le déanamh ar gach uile ceann dár gcuid 139,000 feirm. Ní bheidh sé éasca...ní bhíonn sé éasca riamh athrú a dhéanamh agus glacfaidh sé am maith a dhéanamh de roinnt de na bearta seo. Tá sé ríthábhachtach áfach go nglacfaimis beart anois mar go gcaithfimid ár gcuid oibleagáidí Náisiúnta a chomhlíonadh ach freisin mar gheall go bhfuil buntábhacht leis na creidiúintí glas atá againn a choinneáil chun go mbeidh earnáil agraibhia na hÉireann iomaíoch."
Is cur chuige cothrom atá sa phlean seo ina n-aithnítear an tábhacht atá le tacú leis an slabhra bia ar fud an domhain agus an gá atá le geilleagar tuaithe bríomhar ach freisin agus rud atá tábhachtach go gcuideoimis leis na spriocanna náisiúnta i dtaobh laghdú astaíochtaí a bhaint amach. Fad is go rachaidh muid i ngleic go luath agus go láidir leis na bearta a aithnítear ar chuar MACC Teagasc, tá creat againn chun astaíochtaí a laghdú agus ceapadh a mbeimid ábalta dul chun cinn a dhéanamh leis.
Ar deireadh dúirt an tAire Creed:
"Níl na gealltanais seo gan dúshlán agus beidh obair i gcomhar, comhoibriú agus freagrach i gcomhar i gceist d’fhonn iad a chomhlíonadh. Ní fios fós cad a bheidh i gceist san eolaíocht amach anseo agus leanfaimid ag obair leis na páirtithe leasmhara ar fad, i mbun rannpháirtíochta le feirmeoirí, lucht tionscail, taighdeoirí agus comhairleoirí, an tsochaí shibhialta agus an rialtas chun réitigh teicneolaíochta agus samhaltacha nua gnó a aithint chun nuálaíocht a thabhairt chun cinn chun freagairt don dúshlán seo."
Beidh an dúshlán seo ina chuid thábhachtach den rannpháirtíocht le linn comhchomhairleoireacht CAP na Roinne agus maidir le straitéis forbartha don earnáil bia go dtí 2030. Tá an Roinn le Plean Gníomhaíochta le dul i ngleic le hAthrú Aeráide a fhoilsiú sna seachtainí atá romhainn do chomhchomhairleoireacht.
CRÍOCH