FEACHTAS “GO dTÉ TÚ SLÁN” SEOLTA AG AN TAOISEACH, AG AN AIRE SLÁINTE AGUS AG AN AIRE SLÁINTE PHOIBLÍ, FOLLÁINE AND AN STRAITÉIS NÁISIÚNTA FRITHDHRUGAÍ
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair) sheol an Taoiseach, Micheál Martin TD, an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tAire Stáit don Roinn Sláinte a bhfuil freagracht aige as an tSláinte Phoiblí, as an bhFolláine agus as an an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, an feachtas “Go dTé Tú Slán” a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le daoine agus le pobail aire a thabhairt dá gcuid sláinte fhisiciúil agus mheabhrach sna míonna atá romhainn.
Cuireann Plean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19: Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021 an bhéim ar an ról tábhachtach a bheidh ag an teacht aniar i measc an phobail agus i ndaoine aonair maidir lenár bhfreagairt leanúnach ar an COVID-19.
Tá sé i gceist leis an seoladh inniu gach duine sa tsochaí a spreagadh chun gnímh. Is cuireadh é do dhaoine aonair, do phobail áitiúla, do ghrúpaí deonacha, d’eagraíochtaí spóirt, dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an gcrughaitheacht agus leis an healaíona, leis an oidhreacht áitiúil agus an stair, le gnólachtaí chomh maith leis an rialtas áitiúil agus náisiúnta, bealaí a aimsiú chun tacú le gach duine chun go rachaimid i mbun gníomhaíochtaí agus gnáthamh nua a dhéanfaidh maitheas dúinn.
Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas “Go dTé tú Slán” taispéaint do dhaoine, idir óg agus aosta, conas is féidir linn aire a thabhairt dár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus dár bhfolláine trí nósanna sláintiúla agus úsáideacha a chur isteach inar ngnáthamh laethúil agus seachtainiúil. Soláthróidh sé treoirlínte, eolas agus leideanna ar rudaí a chabhróidh linn bheith ar fónamh sna míonna atá romhainn. Beidh an méid seo go léir le fáil ar gov.ie/healthyireland.
Áitítear sa seoladh inniu, cistiú atá á leithdháileadh ó Sláintecare chun tacú le roinnt tionscnamh tríd an gCiste Éire Sláintiúil a rollfar amach sna míonna ata le teacht. Beidh eolas faoi acmhainní agus tionscnaimh áitiúla ar fail freisin trí Údaráis Áitiúla na hÉireann.
Tá an seoladh seo ag cur leis an bhfeachtas ‘Sa bhád Céanna’ a tharla níos luaithe i mbliana. Díríonn an feachtas “Go dTé tú Slán” ar chúig phríomhthéamaí:
Tá sraith tionscnamh ar bun ag Spórt Éireann a thacóidh le daoine bheith gníomhach ina gceantair áitiúla féin i rith an gheimhridh. Lena chois sin, tugtar cuireadh d’eagraíochtaí spóirt agus do chlubanna bealaí a fhorbairt chun tacú le pobail áitiúla.
Ag cur leis an bhfreagairt Glao an Phobail níos luaithe i mbliana, táthar ag tacú leis na hÚdaráis Áitiúla chun líne chabhrach agus seirbhís muintearais áitiúil don phobal a chur ar fáil. Ag obair le comheagraíochtaí, lena n-áirítear an Garda Síochána, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus Oibrithe Deonacha na hÉireann, cuirfear béim faoi leith ar dhaoine a aithint is mó atá i mbaol ón uaigneas, agus tacú leo.
Soláthróidh na hÚdaráis Áitiúla agus na leabharlanna, le comhairle ón gClár Éire Ildánach, agus i gcomhpháirt le grúpaí ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil, réimse tionscnamh chun tacú leis an gcruthaitheacht ag leibhéal an duine aonair agus an phobail araon, sna healaíona, sa cheardaíocht, agus i gcúrsaí cultúir agus oidhreachta.
Cuirfidh Bord Bia faisnéis agus acmhainní ar fáil chun tacú le réim bia shláintiúil don gheimhreadh seo. Cuirfidh Biaslán an chéad chéim eile dá bhfeachtas “TÚS” i bhfeidhm, ag díriú ar lántairbhe a bhaint as an am a chaitear leis an teaghlach agus nósanna sláintiúla a chothú. Ina theannta sin, éascóidh líonra na leabharlanna ar fud na tíre mórthionscnamh Fás Tú Féin É go luath in 2021, chun tacú le daoine a gcuid bia féin a fhás – is cuma an méid – rud a chabhróidh ceangal a dhéanamh idir bia a fhás agus réim bia sláintiúil a ithe chomh maith le líonraí pobail a fhorbairt.
Seolfaidh FSS sraith d’acmhainní “Tabhair Aire do d’Fholláine” sna laethanta atá romhainn. Chomh maith leis sin, táthar ag tacú leis na Coistí um Sheirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga ar fud na tíre chun go gcuirfidh siad seirbhísí feabhsaithe ar fáil do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh sna míonna atá romhainn.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an Taoiseach:
"Is rud deacair é an t-oiriúnú atá déanta againn go léir ó thús na paindéime seo ach is údar bróid dom é an chaoi atáimid tar éis dul i dtaithí ar chúinsí agus teacht le chéile chun muid féin agus daoine eile a chosaint roimh an mbagairt ó COVID-19. Bhí sé riachtanach na srianta, a bhí ann chun beatha, sláinte agus ár seirbhísí cúraim sláinte a chosaint, a chur i bhfeidhm ar feadh níos faide ná mar a bhí go leor dínn ag súil leis ag an tús, agus tuigim go bhfuil mórán daoine tuirseach anois. An adihm atá taobh thiar den fheachtas nua seo ná daoine a chumasú le smaointe agus le straitéisí a chabhróidh linn i rith an gheimhridh. Cabhróidh sé seo pobail agus daoine aonair a neartú agus tabharfaidh sé dóchas dúinn go bhfuil laethanta níos gile ag teacht."
Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly:
"Ó thús na paindéime seo, is iomaí cúis imní agus struis atá againn agus luíonn siad go trom orainn. Táimid ag dul i dtaithí ar conas maireachtáil le COVID-19, ach mar sin féin is iomaí duine atá buartha maidir lenár sláinte agus ár bhfolláine féin agus sláinte agus folláine ár ndaoine muinteartha i rith an ama seo. I gcroílár an fheachtais “Go dTÉ TÚ SLÁN” tá an aidhm cabhrú le daoine – daoine aonair agus pobail áitiúla –plean a dhéanamh chun rudaí a dhéanamh as a mbainfidh siad tairbhe sna míonna atá romhainn. Spreagfar daoine chun go ndéanfaidís rud éigin gach lá nó gach seachtain atá go maith dóibh, agus beidh an tacaíocht agus na hacmhainní ar fáil chun é sin a dhéanamh. Cé go bhfuil a fhios againn go mbeidh an geimhreadh seo deacair, cabhróidh an feachtas Go dTé Tú Slán linn aire a thabhairt dár sláinte agus dár bhfolláine sna míonna atá romhainn. Tá rud éigin san fheachtas leathan seo do gach duine agus molaim do gach duine páirt a ghlacadh ann."
Dúirt and tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
"Tá áthas ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tacú le agus cur leis an bhfeachtas “Go dTé Tú Slán” thar ceithre cholún. Go háirithe, ní raibh sé riamh chomh tábhachtach bheith gníomhach agus an leibhéal gníomhaíochta sin a choimdeád suas, agus is rud ríthábhachtach é dár bhfolláine fhisiciúil agus mheabhrach. Is eol dúinn go bhfuil teacht aniar le fáil ón sport mar a léiríodh sna míonna deacra ó mhí an Mhárta, agus tá taighde ann a thaispeánann go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag tapú an deise chun bheith gníomhach go fisiciúil. Beidh Spórt Éireann i gceannas ar an gcolún den fheachtas a bhaineann le gníomhaíocht coirp agus, beag beann ar na srianta a bheidh i bhfeidhm, solathróidh sé tacaíocht agus treoir nuálaíoch agus mealltach chun go mbeidh daoine gníomhach sa bhaile agus taobh amuigh araon. Is í ár dteachtaireacht do chách ná go bhfuil gníomhaíocht ann a thaitneoidh leat, is cuma do chúinsí ná cén aois atá agat.
"Tá réimse gníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha ag an gClár Éire Ildánach ag leibhéal áitiúil a thaitneoidh le daoine agus a chabhróidh leo an ceangal le daoine a chothú. I bhfianaise mo chúlra féin, is ábhar bróid faoi leith iad na ceolchoirmeacha COVID. Téann ceoltóirí agus amhránaithe cumasacha a bhfuil an-taithí acu go dtí tithe altranais chun ceolchoirmeacha a chur ar siúl taobh amuigh dóibh; 182 ceolchoirm cheana féin. Leanfar leis seo le linn an gheimhridh agus isteach in 2021."
Ag labhairt di, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí; agus Forbartha Tuaithe & Pobail & na hOileáin, Heather Humphreys:
"oibrithe deonacha agus grúpaí pobail i gcroílár Ghlao an Phobail. Bainfidh an tionscnamh nua “Bí Nasctha” sochar as an spiorad pobail áitiúil agus spreagfaidh sé daoine chun go gcoimeádfaidh siad súil ar a chéile agus deonaithe áitiúla chun go ndéanfaidh siad teagmháil leo siúd atá uaigneach agus scoite. Beidh mo Roinn ag tacú le grúpaí pobail agus le deonaithe áitiúla leis an obair thábhachtach seo chun cinnte a dhéanamh de gur féidir le gach duine a bheith ar fónamh ag an am dúshlánach seo."
Dúirt an tAire Stáit don Roinn Sláinte a bhfuil freagracht aige as an tSláinte Phoiblí, as an bhFolláine agus as an an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan:
"Is cúis áthais dom é tacú le seoladh an fheachtais “Go dTé tú Slán” inniu. Agus muid ag tabhairt aghaidhe ar an ngeimhreadh deacair atá romhainn, tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh go n-ithfimid bia folláin, go mbeimid chomh gníomhach agus is féidir, agus go dtabharfaimid aire dár bhfolláine mheabhrach. Is é ceann de na teachtaireachtaí de chuid Éire Shláintiúil ná go mbaineann an tsláinte linn go léir. Ceann de na príomhrudaí a bhaineann le Éire Shláintiúil ná an chomhpháirtíocht atá forbartha againn lenár bpáirtithe leasmhara go léir. Tá an chomhphairtíocht sin in áit an-mhaith anois chun an feachtas seo a sheachadadh, agus sna míonna atá romhainn beidh na comhpháirtithe seo go léir i mbun clár, tionscnamh agus áiseanna aitiúla a sheachadadh. Le feiceáil freisin, beidh clár gníomhaíochtaí folláine ina”gcumasaítear saoránaigh”, agus tacófar le tionscnaimh mhaireachtála shláintiúla, lena n-áirítear bia áitiúil, cruthaitheacht, galair ainsealacha a bhainistiú agus dearcadh dearfach ar an aosú. Ba mhaith liom gach duine a spreagadh chun go nglacfaidh siad páirt sna gníomhaíochtaí seo chomh fada agus is féidir, ionas gur féidir linn mar dhaoine aonair agus le chéile, mar náisiún, aghaidh a thabhairt ar an ndúshlán seo."
Ag labhairt di, dúirt Príomhfheidhmeannach Sláintecare, Laura Magahy:
"Tá áthas orm go bhfuil Sláintecare ag cistiú an feachtas tábhachtach seo “Go dTé tú Slán” chun tacú le gach duine plean pearsanta a dhéanamh a chabhróidh leo an tréimshe atá ag teacht anois a chur tharstu. Is í Sláintecare an fhís atá ann chun athchóiriú a dhéanamh ar sheirbhísí cúraim sláinte agus sóisialta na hÉireann. Baineann sé le seirbhís cúraim sláinte agus sóisialta a chruthú, a fhreastalóidh ar riachtanais ár ndaoine, a mheallfaidh agus a choimeádfaidh na gairmithe cúraim sláinte is fearr agus a sholáthróidh an cúram ceart, san áit cheart, ag an am ceart.
"Is éard atá i gceist le Sláintecare freisin ná sláinte ár ndaoine a chur chun cinn chun tinneas a sheachaint, colún a sheachadaíonn Éire Shláintiúil agus í ag obair chun sláinte agus folláine gach duine in Éirinn a fheabhsú. Tríd an bhfeachtas seo beidh dlúthpháirt ag daoine áitiúla na réitigh atá ag teastáil ina gceantair féin a aimsiú, agus trí iarrachtaí comhchoiteann na gcomhpháirtithe agus na dtacadóirí, beifear ábalta sprioc Sláintecare a chomhlíonadh maidir le drochshláinte a chosc agus daoine a choimeád ar fónamh."
Thar ceann earnáil na n-údarás áitiúil, dúirt Philomena Poole Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin:
"Tá raon de chláir agus de thionscaimh pleánáilte ag na h-údaráis áitiúla chun tacú le gach duine bheith ar fónamh agus gníomhach ag am am deacair seo. Pé acu tríd an gcruthaitheacht, na healaíona, cláir spóirt, an léitheoireacht, an oidhreacht, nó áiseanna allamuigh, tá sé mar aidhm ag do chomhairle go mbeidh rud éigin ann a bheidh mar ábhar spéise do chách. Beimid ag obair go dlúth lenár bpobail áitiúla agus lenár gcomhghíomhaireachtaí chun seirbhís líne chabhrach glao an phobail a dhoimhniú agus a leathnú amach, seiceáil isteach le daoine, agus cinnte a dhéanamh de go mbeidh rochtain éasca ar chabhair nó ar thacaíocht ag gach duine a bhfuil gá aige leis. Tá áthas ar na hÚdarás Áitiúla bheith ar thús cadhnaíochta san fheachtas “Go dTé tú Slán” agus táimid ag súil lenár dteagmhálacha áitiúla a úsáid chun a chinntiú gur féidir le gach duine i ngach contae é sin a dhéanamh."
CRÍOCH
I bPlean an Rialtais Maireachtáil le COVID-19: Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021 cuirtear an bhéim ar an ról tábhachtach atá ag an duine aonair agus ag an bpobal maidir leis an bhfeagairt leanúnach atá againn ar an COVID-19.
Mar chuid de pholasaí Sláintecare a thacaíonn le tinneas a chosc agus córas cúram sláinte a sheachadadh do mhuintear na hÉireann, tá cur chuige an Rialtais uile maidir le sláinte agus folláine mhuintear na hÉirean á chur chun cinn agus á chur i bhfeidhm ag Éire Shláintiúil. Trí chomhpháirtíochtaí láidre le mórán comhlachtaí, soláthraíonn Éire Shláintiúil treoir agus fócas chun tacú le daoine aonair, le pobail áitiúla, le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí náisiúnta chun feabhas a chur ar a gcuid sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus ar a gcuid folláine.
Anois, ag eascairt as na tionscnaimh agus na comhpháirtíochtaí seo tá an deis ann teacht aniar a fhorbairt inár sochaí ag am a bhfuil géarghá leis.
Go sonrach, aithnítear roinnt gnéithe i bplean an Rialtais a thacóidh leis an teacht aniar i measc an phobail:
Rollfar amach tionscnaimh faoin bhfeachtas “GO dTÉ TÚ SLÁN” sna míonna atá romhainn. I measc na dtionscnamh atá á bhforbairt agus á gcur i bhfeidhm faoi láthair tá:
Tá béim faoi leith á gcur ar dhaoine a spreagadh chun go mbeidh siad gníomhach i rith an gheimhridh, agus ag cur san áireamh na dúshláin a eascraíonn as na srianta a bhaineann le COVID, tá réimse tionscadal agus tionscnamh forbartha ag Spórt Éireann i gcomhpháirtíocht lena chomhlachtaí cistithe agus le Coistí Náisiúnta Rialaithe, leis na hÚdaráis Áitiúla agus leis na Comhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla, chun tacú leis an bhfeachtas Go dTé tú Slán. Rollfar amach na tionscnaimh seo sna míonna atá romhainn.
Áireofar ina measc:
Is bealach iontach é FitLine cabhrú le daoine ar mhian leo bheith níos sláintiúla ach nach bhfuil an t-am ná b’fhéidir an deis acu an chéad chéim sin a thógáil. Gné eile den tionscnamh seo ná go bhfuil tacaíocht leantach ann (ar an nguthán) ar bhonn leanúnach.
Is mór an baol é an t-uaigneas do dhaoine óg agus aosta le linn na paindéime COVID, go háirithe i rith tréimhsí nuair a bhíon srianta géara i bhfeidhm ar an ngluaiseacht agus ar an gcaidreamh sóisialta. Tugadh isteach an clár Glao an Phobail san earrach chun línte cabhrach áitiúla a sholáthar tríd na hÚdaráis Áitiúla a chuirfeadh tacaíochtaí praiticiúla ar fáil, a roinnfeadh eolais agus a chuirfeadh seirbhís muintearais ar fáil. Mar chuid den fheachtas “Go dTé tú Slán” cuirfear go mór leis seo agus is í an phríomhaidhm ná seirbhís réamhghníomhach for-rochtana a sholáthar do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith scoite amach.
Déanfaidh Fóram an Phobail maoirseacht ag leibhéal an Chontae agus na Cathrach ar chomhordú na nGardaí, FSS, na nÚdaráis Áitiúla, An Post, grúpaí pobail, carthanachtaí, cumainn chónaitheoirí agus grúpaí eile, i bhfeachtas a bheidh ag tosú láithreach chun freastal ar dhaoine a d’fhéadfadh a bheith leochaileach maidir leis an uaigneas i measc an phobail uile, beag beann ar aois, inscne, náisiúntacht ná tíreolaíocht. Is í an phríomhaidhm ná cinnte a dhéanamh de go mbeidh an deis céanna ag gach duine bheith páirteach sa chlár cúnaimh Glao an Phobail, ionas go bhfaighidh siad seirbhísí muintearais, tacaíochtaí praiticiúla agus tacaíochtaí níos casta más gá. Forbrófar clár tacaíochtaí muintearais go háitiúil agus go náisiúnta do dhaoine óg agus aosta. I gcroílár na dtionscnamh seo beidh an Clár Sláinte & Folláine COVID-19 do Sheanóirí, eagraithe ag an bhFoireann Sláinte & Folláine de chuid FSS i gcomhpháirtíocht le hAoisbhá Éireann.
Forbróbar clár de thacaíochtaí muintearais go náisiúnta agus go háitiúil araon. Áireofar leis seo for-rochtain ar an nguthán ó ionaid Ghlao an Phobail, rochtain ar shaineolas maidir le cúrsaí imní, struis nó meabhairshláinte a láimhseáil, comhordú a dhéanamh le deonaithe nó oibrithe ón Údarás áitiúil maidir le tacaíocht fhisiciúil praiticiúil, córas comrádaithe aon-le-haon le deonaithe agus le comharsana, agus comhrá grúpa cianda a fhorbairt idir comharsana.
Rithfear feachtas naisiúnta trí Sheirbhísí Eolais an Rialtais chun Glao an Phobail a chur chun cinn ar an raidió, sa phreas agus ar an meáin shóisialta. Soláthrófar uimhreacha gutháin agus treorófar daoine chuig gov.ie/communitycall. Cuirfidh na hÚdaráis Áitiúla uimhreacha na línte cabhrach chun cinn trí chainéil áitiúla, lena n-áirítear na meáin shóisialta, nuachtáin agus raidió áitiúil.
Rollfar amach réimse tionscnamh a dhíríonn ar bhealaí a chabhróidh le daoine sos a ghlacadh agus rudaí cruthaitheacha a dhéanamh sna míonna atá romhainn, agus beidh siad á seachadadh tríd na hÚdaráis Áitiúla den chuid is mó.
Tá na hÚdaráis Áitiúla á dtacú chun go n-eagróidh siad tionscnaimh chruthaithacha ina gceantair féin. Le comhairle ón bhFoireann ar an gClár Éire Ildánach, cuirfidh na hÚdaráis Áitiúla a dtionscnaimh in oiriúint do na cúinsí áitiúla agus an suim a d’fhéadfadh a bheith ann i ngíomhaíochtaí ar nós:
Is tionscnamh é seo atá deartha ag Mobile Music Machine, atá á thacú ag an gClár Éire Ildánach agus atá á rolladh amach le tacaíocht ó Éire Shláintiúil. Sa tsraith seo de cheolchoirmeacha, cuireann ceoltóirí clasaiceacha agus amhránaithe ceoldrámaíochta den scoth ceolchoirmeacha beo ar siúl taobh amuigh i ngáirdíní agus ar thalamh ospidéal agus tithe altranais ar fud na hÉireann. Comhlíonann na ceolchoirmeacha treoirlínte FSS maidir leis an scaradh sóisialta. Más feidir, suíonn na cónaitheoirí lasmuigh chun taitneamh a bhaint as an gceolchoirm nó bíonn siad ag éisteacht trí fhuinneoga atá ar oscailt. Cuirtear an ceol i láthair in ollphubaill atá dúnta agus is féidir an fhuaim a chur isteach sna tithe altranais trí challairí. Baintear úsaid as téitheoirí iniompartha chun go mbeidh na ceoltóirí ábalta ceolchoirmeacha a chur ar siúl i rith an gheimhridh. Tá cead tugtha ag FSS na ceolchoirmeacha seo a reáchtáil suas go dtí srianta leibhéal 4.
Tá feachtas nua de chuid na nÚdarás Áitiúil/na Leabharlann agus an Chláir Éire Ildánach ag comóradh scríbheoirí Éireannacha, agus ag an am céanna táthar ag spreagadh daoine chun go mbainfidh siad sult as an léitheoireacht agus muid ag dul tríd COVID-19. Tá leabharlanna poiblí Éireannach agus an Clár Éire Ildánach ag meabhrú do gach duine gur féidir leo ‘Scéal nua a thosú’ agus aoibhneas na léitheoireachta a aimsiú ina leabharlann áitiúil fiú leis na srianta COVID-19 i bhfeidhm. Aithníonn na hÚdaráis Áitiúla/Leabharlanna go mbeimid ag lorg rudaí chun ár n-intinn a tharraingt ó chúrsaí i rith míonna an gheimhridh, agus mar sin tá siad ag cur gach duine ar an eolas maidir le cuimse leabhar do gach aois agus gach ábhar spéise atá ar fáil tríd an leabharlann. Is bealach iontach í an léitheoireacht chun do scíth a ligean, éalú, folláine chruthaitheach a neartú nó rudaí nua a fhoghlaim. Leanfar le soláthar seirbhísí leabharlainne, rochtain saor in aisce ar ríomhleabhair agus closleabhair san áireamh, trí gach céim de phlean an Rialtais Ag Maireachtáil le Covid-19. Tá rochtain ag baill de leabharlanna ar na seirbhísí seo saor in aisce agus is féidir le gach duine ballraíochta a ghlacadh ag librariesireland.ie/join nó trí theagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil. Seolfar an feachtas seo ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.
Faoi threoir leabharlanna poiblí agus le tacaíocht ó Éire Shláintiúil agus á bhainistiú ag Aonad Forbartha na Leabharlann sa Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, cuirfidh an clár ‘Éire ag Léamh’ an bhéim ar an scíthléitheoireacht, ar an éalú, ar an spreagadh meabhrach agus ar an bhfolláine. Spreagfaidh an clár gach duine chun go rachaidh siad i dtaithí ar aoibhneas na léitheoireachta – agus an taithí sin a roinnt – leis an teaghlach, le cairde, i gclubanna leabhar nó ar líne. Cuirfear acmhainní ar fáil chun go mbeidh rochtain ann ar leabhair, idir leabhair fhoilsithe agus ríomh-leabhair. Beidh an tionscnamh seo ag tarlú go luath in 2021.
Á bhforbairt ag an gComhairle Dearaidh & Ceardaíochta Éireann, beidh sraith de ghníomhaíochtaí cruthaitheacha agus tionscadail ar bun. Dearadh an tsraith gníomhaíochtaí cruthaitheacha agus an clár imeachtaí chun an fholláine agus an teacht aniar a chur chun cinn le linn na géarchéime COVID-19. Tabharfar cuireadh do 45 Ceardchuallacht, Comhlachas, Líonra agus Cumann ar fud na hÉireann, ina bhfuil os cionn 2,000 ball, ábhar cruthaitheach a fhorbairt le haghaidh sraithe de ghníomhaíochtaí pobail agus gníomhaíochtaí ar líne. Áireofar leis seo ceardlanna ceardaíochta bunaithe sa bhaile a fhorbairt do dhaoine óga agus d’aosaigh. Déanfar sraith d’fhíseáin ghearra próiseas-bhunaithe, a léiríonn na scileanna, na hábhair agus an cumas a bhaineann leis an bpróiseas déantúsaíochta agus forbrófar taispeántais & tionscadail i measc an phobail.
Tá Bord Bia ag tacú le Éire Shláintiúil maidir leis an bhFeachtas nua Teacht Aniar & Folláine de chuid an Rialtais trí sraith d’oidis cothaitheacha séasúracha ata éasca le hullmhú a chur chun cinn. Tá a gcuid béilí geimhridh dírithe ar réim bia shláintiúil agus cothrom, ina n-úsáidfear feoil, déirí, torthaí agus glasraí a fhaightear go háitiúil agus atá dearbhaithe ó thaobh cáilíochta de. Ina theannta sin, beidh leideanna ag Bord Bia chun do ghairdín a ullmhú don earrach, agus is iontach an ghníomhaíocht allamuigh í seo do dhaoine idir óg agus aosta. Trí na leathanaigh nua ar líne a bhaineann le garraíodóireacht agus na hardáin mheáin shóisialta Bloom a bhfuil an-tóir orthu, spreagfaidh siad daoine chun aire a thabhairt don spás atá acu taobh amuigh i rith míonna an gheimhridh chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh taispeántas torthúil dathúil ann san earrach.
Tosóidh an chéad chéim eile den fheachtas TÚS ar an Luan, 2 Shamhain agus díreofar ar lántairbhe a bhaint as an am a chaitear leis an teaghlach. Tá athrú ó bhonn tagtha ar shaol daoine agus ar ár gcaidrimh sa bhaile ó thosaigh Covid-19. Tá an timpeallacht shóisialta nua seo le brath san fheachtas TÚS i mbliana. Áírítear sa chéad chéim eile den fheachtas taighde a rinneadh le tuismithmeoirí. Úsáidtear an t-eolas agus an léargas seo sa chéad chéim eile den fheachtas, atá dírithe ar athsmaoineamh a dhéanamh ar an am a chaitear leis an teaghlach agus nósanna níos sláintiúla a thabhairt isteach arís sa bhaile. Ar shuíomh gréasáin TÚS (www.makeastart.ie) tá treoracha soiléire ann maidir le hacmhainní a chabhróidh le tuismitheoirí glacadh le gnáthaimh shláintiúla.
Tá clár gníomhaíochtaí pleanáilte chun tacú le tionsnaimh áitiúla “Fás tú Féin é” a bheidh ag tosú go luath in 2021 agus a bheidh nasctha le líonra na leabharlanna ar fud na tíre. Cuireann an clár seo deiseanna ar fáil do dhaoine, idir óg agus aosta, dul amach, roinnt bia a fhás agus ag an am céanna bheith gníomhach go fisiciúil agus tuiscint níos fearr a fháil ar an nasc atá idir ár sláinte agus an bia a ithimid, agus spiorad pobail a fhorbairt. Cuirfidh comhpháirtíocht leis an rialtas áitiúil ar chumas rannpháirtithe bia a fhás ag baint úsáide as an bpaca fáis tosaigh, agus ansin na síolta, na síológa, na plandaí, na torthaí agus an t-eolas a roinnt le 10 duine eile. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an gclár seo ar leath mhilliún duine in Éirinn. Trí rudaí a fhás agus iad a chur ar aghaidh do dhaoine eile, cothaíonn daoine roghanna bia atá níos sláintiúla agus níos inmharthanaí, agus ag an am céanna cothaíonn siad an nasc leis an teaghlach, le cairde, le comharsana agus le pobail áitiúla. Earcóidh Fás tú Féin É (GIY) rannpháirtithe, rachaidh sé i mbun caidrimh leo agus beidh an tacaíocht agus na dúshláin ann atá ag teastáil chun rudaí a fhás agus iad a chur ar aghaidh go rathúil thar tréimhse 6 mhí, ó Feabhra go mí Iúil.
Cabhróidh na téamaí go léir le daoine aire a thabhairt dá ngiúmar le linn an ama dhúshlánaigh seo. Beidh cabhair agus tacaíocht bhreise ag teastáil ó roinnt daoine, áfach, maidir lena bhfolláine agus a meabhairshláinte de bharr na héifeachta atá ag COVID agus ag na srianta ar shaol daoine, ar shaol a muintir, ar a bpostanna nó ar a gcúinsí. Tá dea-chomhairle agus eolas úsáideach ar fáil san fheachtas maidir le conas tacú le do shláinte intinne agus cén áit ar féidir leat dul má tá cabhair agus tacaíocht bhreise de dhíth ortsa nó ar dhuine muinteartha leat.
Is é suíomh gréasáin FSS yourmentalhealth.ie túsphointe le haghaidh dea-chomhairle maidir le do mheabhairshláinte, agus le haghaidh eolais ar réimse leathan de sheirbhísí agus de thacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine in Éirinn ón tseirbhís sláinte, ó do dhochtúir teaghlaigh agus ó raon de chomheagraíochtaí cistithe. Tá tacaíocht le fáil ar an bhfón, trí SMS nó seirbhísí téacs agus trí chomhairleoireacht agus tacaíocht ar líne.
Tá clár nua, ar líne, saor in aisce, á seoladh ag an bhfoireann FSS um Shláinte agus Fholláine ar a dtugtar Tabhair Aire do d’Fholláine. Cuireadh an clár seo atá bunaithe ar fhianaise, in oiriúint ó chlár aghaidh ar aghaidh go dtí sraith d’fhíseáin ar líne don phobal ag an am seo. I gceist leis an gclár tá 5 seisiún ar fhíseán, a mhaireann 20 nóiméad an ceann, agus is féidir rochtain a fháil ar trí yourmentalhealth.ie. Dírítear sna seisiúin, ar fhéinchúram a chleachtadh, tuiscint a bhaint as ár smaointe, ár mothúcháin a phlé, caidrimh dhearfacha a thógáil agus feabhas a chur ar ár dteacht aniar.
Seo hí an chéad uair ar fhorbraigh Sláinte agus Folláine de chuid FSS clár atá dírithe ar mheabhairshláinte dhearfach don phobal ar an mbealach seo. Tá méadú tagtha ar an ngá atá ann do thacaíochtaí ar líne agus ar an úsáid atá á baint astu, ós rud é go bhfuilimid ag bogadh ar shiúl ó chláir aghaidh ar aghaidh, agus táthar ag súil go dtabharfaidh cláir ar líne mar seo rochtain do mhórán daoine ar mhian leo foghlaim faoi conas is féidir leo tacú lena bhfolláine mheabhrach. Cé go dtugtar misneach do dhaoine na seisiúin a chomhlánú, tá na seisiúin ar fáil 24/7, agus is í an teachtaireacht atá ann ná triail a bhaint as ceann agus dul ar aghaidh ón bpointe sin.
Is coistí ag leibhéal an chontae iad Coistí Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga a thugann le chéile na príomhsholáthróirí de sheirbhísí reachtúla, pobail agus deonacha do leanaí agus do dhaoine óga idir 0 agus 24 bliain d’aois. Cuirtear béim faoi leith ar mheabhairshláinte na ndaoine óga, agus tá sraith tionscnamh forbartha ag Coistí Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga, a seachadófar go háitiúil i rith an gheimhridh agus isteach san earrach in 2021.
Ina measc tá: