Fógraíonn an tAire Martin Sraith Podchraoladh Mhná 100
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. sraith podchraoltaí nua, mar chuid de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, a léiríonn an ról tábhachtach a bhí ag mná i múnlú stair na hÉireann 100 bliain ó shin.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm an tsraith podchraoltaí nua seo a sheoladh mar chuid de shraith Mhná 100 de chlár Dheich mBliana na gCuimneachán.
Baineann ár gcéad eagrán úsáid as cáipéisí agus earraí inár bhForais Náisiúnta Cultúir chun scéalta ochtar ban a toghadh in 1921 a insint.
Chuaigh roinnt gnéithe corraitheacha agus tochtmhara den eipeasóid i bhfeidhm go mór orm. Mar shampla, labhair Brenda Malone, Coimeádaí Stair Mhíleata in Ard-Mhúsaem na hÉireann i nDún Uí Choileáin, faoi na hearraí a bhí i bpócaí Thomáis Uí Chléirigh, earraí a thug Caitlín Uí Chléirigh don Ard-Mhúsaem. Deir sí ‘Tagann tocht ort agus na rudaí seo i do lámh agat, tugann sé tuiscint duit ar mhothúcháin Chaitlín, agus a fear caillte aici agus gan aici anois ina áit ach leabhar stampaí, peann luaidhe agus cás folamh spéaclaí.’
Molaim do gach duine éisteacht leis an bpodchraoladh álainn seo faoi na mná ceannródaíocha, suimiúla seo.”
Sa chéad eipeasóid, déanaimid plé ar shaolta ochtar ban a toghadh in 1921. I mí na Nollag 1920, ritheadh an tAcht um Rialtas na hÉireann trí Westminster. Chuir an tAcht seo dhá pharlaimint éagsúla ar bun in Éirinn, ceann amháin i mBéal Feirste agus ceann eile i mBaile Átha Cliath.
Reáchtáladh dhá thoghchán, ceann amháin don dara Dáil ar an 13 Bealtaine agus atoghadh seisear ban gan aon duine ag seasamh ina n-aghaidh. Ba iad an seisear ban a toghadh ná Constance de Markievicz, Caitlín Uí Chléirigh (mar is fearr aithne uirthi mar bhaintreach Thomáis Uí Chléirigh), an Dr. Ada English (Cumann na mBan, Gaillimh), Máire Nic Shuibhne (Corcaigh, deirfiúr Ardmhéara Chorcaí Toirdhealbhach Mac Suibhne a fuair bás ar stailc ocrais i bPríosún Brixton), Caitlín Uí Cheallacháin (baintreach an Chomhairleora Mícheál Ó Ceallacháin, iar-Ardmhéara Luimnigh, duine de thriúr fear a scaoileadh i mí an Mhárta 1921, ócáid ar tugadh Dúnmharuithe an Chuirfiú uirthi) agus Mairéad Mhic Phiarais (máthair Phádraig agus Uilliam Mac Piarais a cuireadh chun báis in 1916).
Reáchtáladh chéad sheisiún Pharlaimint an Tuaiscirt i Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar an 7 Meitheamh. Atoghadh beirt bhan de chuid an pháirtí Aontachtach i bParlaimint Thuaisceart Éireann, Julia McMordie née Gray, Leas-Uachtarán CBE ar Chomhairle Aontachtach Mhná Uladh, agus Dehra S. Chichester née Kerr Fisher (Dame Dehra Parker ina dhiaidh sin) OBE a bhí ina ball lárnach freisin de Chomhairle Aontachtach Mhná Uladh.
Insíonn an podchraoladh scéalta na mban seo trí cháipéisí agus earraí sna Forais Náisiúnta Cultúir: Ard-Mhúsaem na hÉireann, Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, mar aon le hArd-Mhúsaeim Thuaisceart Éireann. Insítear gach scéal ar nós aistir, agus i ngach áit, roghnaítear earraí a chabhraíonn linn aithne a chur ar na mná seo – go polaitiúil agus go pearsanta.
Is iad na daoine a léirítear sa phodchraoladh ná Katherine McSharry, Leas-Stiúrthóir agus Ceann Forbartha sa Leabharlann Náisiúnta; Brenda Malone, Coimeádaí Stair Mhíleata, Airm agus Armúr, Bratacha agus Meirge, Bailiúcháin Iompair agus Éire Comhaimseartha, Ard-Mhúsaem na hÉireann; Helen Beaumont, Oifigeach Oideachais agus For-rochtana, Ard-Mhúsaem na hÉireann; Elizabeth McEvoy, Cartlannaí le freagracht as Oideachas agus For-rochtain i gCartlann Náisiúnta na hÉireann agus Niamh Baker, Coimeádaí Thionscadal Making the Future i Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann. Maoinítear Tionscadal Making the Future trí Shíocháin IV trí Fhoras an AE um Chláir Speisialta. Tá sé i gcomhar leis na hArdmhúsaeim i dTuaisceart Éireann agus le hIonad Nerve agus tá sé á reáchtáil ó 2018 i leith.
Tionscnamh nua ban ar líne is ea é www.mna100.ie , do thréimhse dheireanach Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, agus leanann sé leis an obair chun róil na mban sa tréimhse réabhlóideach a léiriú.