Fógartha ag an Aire Hackett go bhfuil Céim 2 den Amharcóir Ceadúnais Foraoiseachta seolta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go bhfuil Céim 2 de thairseach foraoiseachta ar líne na Roinne seolta. Léirítear eolas i ndáil le hiarratais a dhéanamh ar cheadúnais foraoiseachta in Éirinn ar an tairseach ar a dtugtar an tAmharcóir Ceadúnais Foraoiseachta (FLV) agus cuirtear rochtain éasca agus díreach ar líne ar fáil do bhaill den phobal ar iarratais agus ar chinntí maidir le hiarratais ar cheadúnas foraoiseachta.
Dúirt an tAire agus Céim 2 á fógairt aici, a thagann i ndiaidh Chéim 1 a seoladh i mí na Nollag 2020,
"Tá an-áthas orm go bhfuil Céim 2 á seoladh inniu. Ón lá inniu ar aghaidh, cuirfear gach iarratas i ndáil le ceadúnas foraoiseachta a fhaightear, chomh maith leis na cáipéisí iarratais ar fad lena mbaineann, suas ar an FLV ó tharla iad a bheith fógartha agus oscailte do chomhairliúchán poiblí. Tá úsáid á mbaint as na huirlisí léarscáilíochta is deireanaí don tairseach agus beidh teacht ar an eolas ach cnaipe a brú."
Nuair a sheol an tAire an tAmharcóir Ceadúnais Foraoiseachta an mhí seo caite, gheall sí go mbeadh forbairtí breise ar an mbealach gan mhoill. Is é seoladh an lae inniu toradh an ghealltanais sin. Cé is moite go gcuirfear an t-eolas ar fad a bhaineann le hiarratais ar fáil, beifear ábalta rochtain a fháil ar an gcinneadh deiridh agus na cáipéisí ar fad lena mbaineann nuair atá cinneadh déanta ar iarratas. Le himeacht ama tiocfaidh méadú ar an tairseach agus beidh stór iarratais i ndáil le ceadúnais, doiciméid tacaíochta agus cinntí á gcoinneáil inti.
Dúirt an tAire freisin, agus í ag rá d'ainneoin an chloch mhíle thábhachtach atá bainte amach inniu tá luach ag baint leis an amharcóir cheana féin,
"glacaim go gcuirfear fáilte roimh na gnéithe nua a fógraíodh inniu i bhfianaise go bhfuil tairbhe mór á bhaint as an uirlis cheana féin". Tá an-úsáid bainte as an tairseach go dtí seo agus an-fháilte roimpi. Is dea-thuar é d'fhorbairtí breise eile amach anseo agus táim ag súil le Céim 3 a bheidh ar fáil in Earrach na bliana seo, trína gcuirfear saoráid ar líne ar fáil chun aighneacht a dhéanamh ar iarratas i ndáil le ceadúnas foraoiseachta."
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is féidir an tAmharcóir Ceadúnais Foraoiseachta (FLV) a fháil ar https://www.gov.ie/en/publication/642e6-forestry/#forestry-licence-viewer
Tá an FLV le seoladh i trí chéim:
1. Céim 1 - a seoladh i mí na Nollag 2021, taispeántar faisnéis ardleibhéil na láithreán le huirlisí cuardaigh atá éasca le húsáid.
2. Céim 2 - foilseofar cáipéisíocht iarratais san amharcóir, maidir le hiarratais a gheofar agus cinntí a dhéanfar ar na hiarratais sin ón 11 Eanáir, 2021. Áireofar leis seo faisnéis d’iarratasóirí, doiciméid tacaíochta cosúil le tuarascálacha, measúnuithe agus aon aighneachtaí a gheofar ar aon iarratas. Foilseofar an cinneadh maidir leis an iarratas freisin. Foilseofar na cáipéisí iarratais nuair a dhéanfar an t-iarratas a fhógairt agus é oscailte do chomhairliúchán poiblí; cuirfear aighneachtaí ar fáil de réir mar a fhaightear agus a phróiseáiltear iad; foilseofar cinntí agus doiciméid tacaíochta de réir mar a fhógraítear iad.
3. Céim 3 - cuirfear nasc ar fáil ar iarratais atá oscailte le haghaidh comhairliúcháin phoiblí, chun cead a thabhairt do pháirtithe leasmhara aighneacht a dhéanamh ar líne agus an táille cuí a íoc.
Is féidir le húsáideoirí uimhreacha tagartha ceadúnais a úsáid, cuardach a dhéanamh de réir suímh - baile fearainn agus contae, an liosta feidhmchlár is déanaí a úsáid nó zúmáil isteach ar suíomh. Is féidir sraitheanna éagsúla a roghnú sna roghchláir ar thaobh na láimhe deise agus tá rogha cúlra léarscáile ag an úsáideoir.
CRÍOCH