Fógartha ag an Aire McConalogue go leanfar le TAMS agus go bhfuil tráinse nua le tosú an tseachtain seo chugainn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu go leanfar leis an Scéim Spriocdhírithe Nuachóirithe Talmhaíochta (TAMS) le Tráinse 21 den scéim le hoscailt an 16 Eanáir agus le dúnadh an 16 Aibreán 2021. Cuireann an scéim deontais ar fáil d'infheistíocht chaipitil ar an bhfeirm.
Dúirt an tAire " Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuilimid chun leanúint le TAMS i ndiaidh an tráinse reatha. An Aoine beag seo an dáta deiridh atá socraithe do Tráinse 20 reatha na scéime agus osclófar Tráinse 21 láithreach ina dhiaidh sin Dé Sathairn an 16 Eanáir. Is cuid de na bearta idirthréimhseacha atá ar bun againn é seo le tacaíochtaí a chur ar fáil d'fheirmeoirí ar fud ár scéimeanna RDP i mbliana agus tá an-áthas orm go raibh mé ábalta maoiniú a fháil don scéim ríthábhachtach seo. Rinne mé thar a bheith soiléir é go bhfuil leanúnachas fíorthábhachtach agus is cuid den ghealltanas sin atá i gceist leis seo. Tá ag éirí thar barr le TAMS go dtí seo agus íocadh nach mór €265m i gcúnamh deontais. Mholfainn do gach iarratasóir ceadaithe a n-éileamh íocaíochta a chur isteach chomh luath agus atá siad críochnaithe."
Chomh maith leis sin d'fhógair an tAire roinnt leasuithe ar an scéim don tráinse nua a osclóidh an 16 Eanáir agus a mbeidh na hathruithe seo a leanas ag baint léi:
• Infheistíochtaí curtha léi ar mhaithe le leas laonna. Ciallaíonn sé sin go mbeidh na hinfheistíochtaí a bhí ar fáil roimhe seo faoin Scéim Infheistíochta Laonna san áireamh faoi TAMS amach anseo;
• Cuirfear Spréiteoirí GPS ar fáil do gach catagóir d'iarratasóirí. Roimhe seo ní raibh siad le fáil faoin scéim ach amháin d'iarratasóirí curaíochta;
• I gcomhréir le rialacha maidir le feirmeoirí maolúcháin a tugadh isteach anuraidh, níl an grúpa feirmeoirí seo incháilithe níos mó le hiarratas a dhéanamh ar thacaíocht maidir le trealamh LESS.
Chomh maith leis sin d'fhógair an tAire roinnt solúbthachtaí do cheaduithe TAMs reatha mar fhreagra ar fhadhbanna a bhaineann le Covid-19. Tá na solúbthachtaí seo á dtabhairt isteach chun go mbeidh sé níos éasca ag feirmeoirí agus ag a gcuid gníomhairí leanúint de bheith páirteach sna scéimeanna tábhachtacha seo sa chás go dtagann deacrachtaí chun cinn mar thoradh ar na srianta poiblí sláinte atá i bhfeidhm faoi láthair.
Dúirt an tAire, " Tá sé ríthábhachtach go leantar leis an bhfeirmeoireacht le linn na tréimhse seo agus aird a thabhairt ar na bearta sláinte poiblí ag an am céanna. Tá roinnt solúbthachta tugtha isteach agam maidir le socruithe na scéime de bharr nach bhfuiltear ábalta tabhairt faoi chleachtais áirithe faoi láthair agus go bhfuil socruithe eile ag teastáil."
Is iad seo a leanas na solúbthachtaí atá curtha san áireamh:
• Solúbthacht maidir le sprioc TAMS a chur i gcrích – d'fhéadfaí síneadh 3 mhí a chur le gach tionscadal TAMs atá ar tí a bheith tugtha chun críche (nó ceaduithe atá ar tí dul in éag) idir an 1 Eanáir agus an 1 Aibreán;
• d'fhéadfaí síneadh 3 mhí a chur chomh maith leis an dáta maidir le héilimh íocaíochta TAMs a chur ar aghaidh le bheith curtha ar aghaidh roimh an 1 Aibreán 2021.
Is féidir le rannpháirtithe ceadaithe ar mhian leo leas a bhaint as na síntí seo teagmháil a dhéanamh leis an oifig áitiúil ónar eisíodh a gcead agus ceadóidh siad sin an síneadh atá de dhíth.
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá tuilleadh sonraí a bhaineann le bearta TAMS II ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag:
CRÍOCH