Fógraíonn an tAire McConalogue gur seoladh an Tionscadal Píolótach Comhshaol Talmhaíochta Torthaíbhunaithe (an TCTT)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu gur osclaíodh an Tionscadal Píolótach Comhshaol Talmhaíochta Torthaíbhunaithe (an TCTT). Tá an tionscadal píolótach seo ar cheann de na bearta idirthréimhseacha d’fheirmeoireacht na hÉireann a úsáideann an cistiú breise a fuair an tAire i mbliana do thionscnaimh chomhshaoil. Tá sé in ainm is triail phíolótach a bhaint as roinnt beart anois a mb’fhéidir a chuirfear san áireamh níos déanaí faoi bhearta an chéad Chomhbheartas Talmhaíochta eile d’Éirinn ó 2023 ar aghaidh.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire McConalogue,
“Clár píolótach uaillmhianach, nuálach agus spreagúil é an TCTT. Bhain dhá ghné le m’aidhm an-soiléir don fheirmeoireacht agus 2021 ag druidim linn - ár scéimeanna reatha comhshaol talmhaíochta a thar-rolladh chun cinnteacht a thabhairt d’fheirmeoirí agus triail phíolótach a bhaint as tionscnaimh nua. Tá an-bhís go deo orm faoi thionscadal an TCTT seo mar gheall go gcabhraíonn sé linn agus sainaithníonn feirmeoirí luach is féidir linn a bhronnadh ar ár gcéad scéim comhshaol talmhaíochta náisiúnta eile trí thriail a bhaint as roinnt beart anois. Sainaithneoidh sé na torthaí comhshaoil agus bithéagsúlachta ó bhearta feirme ar leith fad a bhíonn príomhioncaim nua á soláthar d’fheirmeoirí.”
Dúirt an tAire freisin,
“Seo an chéad uair a rinneamar feirmeoireacht comhshaoil thorthaíbhunaithe a scálú aníos go dtí an leibhéal seo agus cabhróidh sé le feirmeoirí a dhreasú soláthar a dhéanamh don chomhshaol trína chinntiú go bhfaigheann iad siúd a bhfuil na scóir chomhshaoil is fearr acu an pá is airde. Tacóidh an tionscadal freisin le hioncaim feirme trína mhéid le €12,600 a sholáthar d’fheirmeacha rannpháirteacha i rith téarma dhá bhliain dá gconradh TCTT.”
Bronnfar scór ar thalamh a thugtar isteach sa TCTT i mbliain a haon lena stádas comhshaoil agus bithéagsúlachta a dheimhniú. I gcomhar lena gcomhairleoir, tabharfaidh feirmeoirí faoi oibreacha feabhsúcháin comhshaoil chun luach comhshaoil gnéithe reatha feirme a mhéadú agus é ina aidhm feabhas a chur ar an scór comhshaoil i mbliain a dó. Íocfar an íocaíocht is mó le feirmeacha a bhfuil an scór is airde acu.
Is féidir le feirmeoirí meáníocaíocht bhliantúil a mhéid le €4,700 a fháil agus cuirfear íocaíocht uasta €6,900 ar fáil. Chun an íocaíocht uasta a fháil, caithfidh feirmeoir na critéir mhionsonraithe go léir a dtugtar cuntas orthu i dtéarmaí agus coinníollacha na scéime a shásamh.
D’fhéadfadh an cur chuige torthaíbhunaithe gnóthachain shuntasacha chomhshaoil agus ioncaim a sholáthar agus ceaptar go nglacfar go tréan leis mar an bpríomhscéim comhshaol talmhaíóchta faoin CBT. Cuirfidh an TCTT deis ar fáil chun tástáil a dhéanamh ar an tsamhail thorthaíbhunaithe ar bhonn náisiúnta chun ullmhú don chéad scéim comhshaol talmhaíochta eile a leanfaidh ó GLAS.
Dúirt an tAire mar fhocal scoir, “Cuireann an beart seo go mór leis na bearta reatha comhshaol talmhaíochta, cosúil le GLAS, Orgánaic agus EIPanna ar lean gach ceann díobh in 2021 chun cinnteacht a thabhairt d’fheirmeoirí i rith na tréimhse aistrithe seo. Bhain mé méadú 11% amach ar chistiú na Roinne mar chuid de Bhuiséad 2021 lena chinntiú go bhféadfadh GLAS leanúint ar aghaidh do na feirmeoirí siúd fad a bhíonn bearta píolótacha nuálacha, cosúil leis an TCTT, á soláthar.
“Léiríonn an leibhéal is airde seo d’infheistíocht i mbearta comhshaol talmhaíochta ar an bhfeirm tiomantas an Rialtais seo dár spriocanna a bhaint amach lena mbaineann ár n-uaillmhian chomhshaoil a fhíorú agus infheistíocht á déanamh i gcomhthráth in ioncaim feirme. Spreagfainn aon fheirmeoir incháilithe iarratas a dhéanamh agus táim ag tnúth le hoibriú le gach páirtí leasmhar ar an tionscnamh seo de réir mar a fhorbraímid ár scéimeanna don chéad CBT eile.”
Nótaí don Eagarthóir:
• Is féidir teacht ar shonraí iomlána faoin TCTT ag www.gov.ie/en/service/64388-results-based-environment-agri-pilot-programme-reap/
• Is féidir teacht ar an bhfoirm iarratais trí thairseach agfood ag agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-agent/#/login
• Is féidir iarratais a sheoladh ar aghaidh go dtí an 10 Bealtaine 2021.
CRÍOCH