Fógraíonn an tAire McConalogue Réamhíocaíochtaí 70% de Scéim Íocaíochta Bunúsaí 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go gcuirfear tús le réamhíocaíochtaí faoin Scéim Íocaíochta Bunúsaí 2021 (BPS) (Glasú san áireamh).
Dúirt an tAire:
“Tá an-áthas orm a dhearbhú go bhfuil réamhíocaíochtaí faoin BPS, ar fiú €738 milliún iad le 114,600 feirmeoir, tosaithe inniu. Tá sé seo ar aon dul le blianta roimhe seo. Cuireann na híocaíochtaí seo go mór le hioncam feirme teaghlaigh a uasmhéadú agus is tacaíocht ríthábhachtach iad d’fheirmeoirí ar fud na tíre.”
Lean an tAire air:
“Tá a fhios agam cé chomh ríthábhactach is atá sé tacú le teaghlaigh feirme agus sin an fáth gur príomhthosaíocht domsa é íocaíochtaí a eisiúint chomh tapaidh agus is féidir. Tá sé mar thosaíocht ag an Roinn freisin íocaíochtaí éifeachtacha scéime a eisiúint d’fheirmeoirí. Tá réamhíocaíocht an BPS ag tosú inniu ag ráta 70%, sin méadú ar an 50% a cheadaítear de ghnáth faoi rialachán. Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh an Roinn uirthi ag próiseáil, ar bhonn práine, gach cás atá fágtha le híoc de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime.”
Tá íocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2021 (ANC) a thosaigh i mí Mheán Fómhair ag leanúint ar aghaidh freisin de réir mar a cheadaítear níos mó cásanna le haghaidh íocaíocht.
D’fhonn feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an roinn maidir lena n-íocaíochtaí BPS nó ANC a éascú, tá uaireanta sínte i bhfeidhm don Líne Chabhrach Íocaíochtaí Díreacha. Ón Luan 18 Deireadh Fómhair go dtí an Aoine 22 October, beidh an Deasc Chabhrach ar fáil chun ceisteanna ó fheirmeoirí a fhreagairt suas go dtí 8.30in gach tráthnóna. Is féidir le feirmeoirí glao a chur ar an Deasc Chabhrach ar 057-8674422. Is féidir le feirmeoirí aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne fresisin trí www.agfood.ie
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
"I bhfianaise a thábhachtaí atá íocaíochtaí scéime d’fheirmeoirí, scríobh an Roinn chuig na feirmeoirí go léir le déanaí ag leagan amach an sceideal íocaíochta sna míonna atá amach romhainn. Táim tiomanta a chinntiú go leanfaidh na híocaíochtaí scéime seo á n-eisiúint ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir lena chinntiú go seachadtar na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo d’fheirmeoirí go tráthúil.”
CRÍOCH