Fógraíonn an tAire Sláinte foráil chun an Clár Rochtana ar Channabas Leigheasach a sholáthar agus a chistiú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., foráil inniu chun an Clár Rochtana ar Channabas Leigheasach a sholáthar agus a chistiú.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Donnelly: “Chuir an Buiséad €4 billiún sa bhreis leis an mBuiséad Sláinte i nDeireadh Fómhair 2020. Tugann an méadú seo le fios cé chomh tiomanta atáimid sa Rialtas chun fairsingiú agus feabhsúcháin ar sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a chistiú.
“Ar cheann de na feabhsúcháin inár Seirbhísí Sláinte a bhainfidh tairbhe as an gcistiú breise seo é an Clár Rochtana ar Channabas Leigheasach, a cuireadh le Plean Seirbhíse FSS don bhliain 2021.
“Is é cuspóir an Chláir seo rochtain atruach a éascú ar channabas ar chúiseanna leighis, nuair a theip ar an ngnáthchóireáil. Leanann sé an chonair shoiléir a leag an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte amach ina dtuarascáil saineolaí ‘Úsáid Cannabais chun Críocha Leighis – Athbhreithniú Eolaíochta’.
“I ndeireadh na dála, is é an comhairleach leighis a dhéanfaidh an cinneadh, i gcomhairle lena n-othar, chun cóireáil ar leith a ordú, cóireáil bunaithe ar channabas san áireamh, d’othar faoina gcúram. Is tábhachtach a lua nach bhfuil aon phleananna ann chun cannabas a dhéanamh dleathach sa tír seo.”
A luaithe a chuireann soláthraithe táirgí cannabas leighis ar fáil, ceadófar faoin gClár Rochtana do chomhairleach leighis cóireáil liostaithe atá bunaithe ar channabas a ordú d’othar atá faoina chúram nó faoina cúram do na riochtaí sláinte seo a leanas, nuair a theip ar an othar freagairt do chóireálacha caighdeánacha:
• spasmacht a bhaineann le scléaróis iolrach
• masmas aimpléiseach agus urlacan a bhaineann le ceimiteiripe
• titimeas trom, frithleighis (atá frithsheasmhach do chóireáil).
Achtaíodh reachtaíocht a bhuntacaíonn leis an gClár Rochtana ar Channabas Leigheasach i Meitheamh 2019. Mar chuid den chéad chéim den Chlár, dhéanfadh soláthraithe féideartha iarratas ar an ÚRTS (an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte) chun go ndéanfar a dtáirgí bunaithe ar channabas a mheasúnú i dtaobh oiriúnachta le haghaidh úsáid leighis. Measann an ÚRTS faoi láthair go bhfuil ceithre tháirge inghlactha. Tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar tháirgí breise agus, má cheaptar go bhfuil siad inghlactha, cuirfear iad leis an sceideal táirgí a chuirfear san áireamh sa Chlár.
Déanfaidh FSS clár leictreonach a bhunú agus a chothabháil don Chlár Rochtana ar Channabas Leigheasach chun rollú agus taifeadadh sonraí áirithe a éascú, aitheantóirí othair (i bhformáid nach luaitear ainm) san áireamh, oideasóirí atá rollaithe sa chlár, chomh maith le táirgí cannabais leighis a ordaítear / a sholáthraítear.
Ar feitheamh tús a chur leis an gClár Rochtana, cuireadh ceadúnas ar fáil do chliniceoirí agus dá n-othair faoi na hAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí, 1977-2016 chun táirgí bunaithe ar channabas a ordú agus a dháileadh. Ní dhéanfaidh tosú an Chláir Rochtana difear do na hothair seo.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Eolas breise ar an gClár Rochtana ar Channabas Leighis:
Soláthraithe / Iompórtálaithe: Is féidir le soláthraí ionchasach iarratas a dhéanamh leis an ÚRTS, thar ceann an Aire, go ndéantar breithniú ar táirge lena chur san áireamh i Sceideal ‘na drugaí rialaithe a shonraítear’ sa phíosa nua reachtaíochta seo (féach thíos freisin faoi ‘Eolas Breise – Treoir do Sholáthraithe/Iompórtálaithe). Faoi mar a shonraítear, tiocfaidh drugaí rialaithe faoi chuimsiú sceideal 2 leis na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí, 2017, agus beidh ceadúnas drugaí rialaithe, a phróiseálann an ÚRTS, thar ceann an Aire, ag teastáil freisin chun na táirgí cannabais siúd a shealbhú, a sholáthar nó a iompórtáil.
Ba cheart d’othair a bhfuil riocht sláinte sonraithe orthu casadh lena gcomhairleach leighis chun teacht ar chomhairle. Is tábhachtach a thuiscint nach mbeidh ach sainchomhairligh druga rialaithe sonraithe a ordú (táirgí cannabais leighis) faoin gClár Rochtana, a luaithe a chuireann soláthraithe na táirgí seo ar fáil ar mhargadh na hÉireann.
Beidh oideasóirí (comhairligh leighis atá ar an gclár speisialtóirí) ábalta cannabas a ordú d’úsáid leighis d’othair, faoi mar a leagtar amach sa reachtaíocht. Is tábhachtach a thuiscint nach mbeidh ach sainchomhairligh druga rialaithe sonraithe a ordú (táirgí cannabais leighis) faoin gClár Rochtana, a luaithe a chuireann soláthraithe na táirgí seo ar fáil ar mhargadh na hÉireann. Ba cheart d’oideasóirí na treoirlínte cliniciúla a léamh freisin a d’ullmhaigh an Sainghrúpa Tagartha, atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte.
Beidh cógaiseoirí ábalta Cannabas d’Úsáid Leighis a dháileadh ar othair, faoi mar a leagtar amach sa reachtaíocht, de bhun oideas bailí, a luaithe a chuireann soláthraithe na drugaí rialaithe sonraithe ar fáil ar mhargadh na hÉireann. Ba cheart do chógaiseoirí na Treoirlínte Cliniciúla a léamh freisin a d’ullmhaigh an Sainghrúpa Tagartha, atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte.
Níl athrú tagtha ar na cionta agus na pionóis i dtaobh soláthar agus seilbh neamhúdaraithe substaintí rialaithe.
Is tábhachtach a thabhairt faoi deara, sa chás gur druga rialaithe sonraithe é táirge cannabais a cheadaítear go dleathach le haghaidh úsáid leighis, maidir leis an gClár Rochtana ar Channabas Leigheasach, ní thugann seo le fios go bhfuil sábháilteacht, cáilíocht nó éifeachtúlacht an druga rialaithe shonraithe á bhformhuiniú in aon chor agus ní bheidh aon dliteanas ar an Aire Sláinte maidir leis an úsáid a bhaineann duine as na táirgí siúd ar eisigh a gcliniceoir oideas dóibh faoin Rialachán seo. Ceist a bhfuil ar an othar agus a gcomhairleoir leighis plé leis is ea táirge cannabais a úsáid ar mhaithe leis an gClár Rochtana ar Channabas Leigheasach.