Fógraíonn McConalogue go n-aithnítear IIMRO mar Eagraíocht Táirgeora Bia Mara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu gur aithníodh Eagraíocht Acmhainní Muirí Oileáin na hÉireann (IIMRO) mar Eagraíocht Táirgeora AE.
Agus aithint IIMRO mar Eagraíocht Táirgeora á fhógairt, dúirt an tAire McConalogue,
“Gheallamar i gClár an Rialtais do thacú leis an gcabhlach iascaigh cladaigh maidir le hacmhainn níos mó margaíochta agus cur chun cinn a chruthú trí bhunú Eagraíocht Táirgeora a éascú do na báid iascaireachta níos lú seo, a chuireann deis bhreise ar fáil, leis sin, do na pobail oileáin agus chósta atá bainteach san earnáil chladaigh. In 2020, chuir mo Roinn Critéir Aitheantais nua i bhfeidhm atá le sásamh ag grúpaí táirgeora a lorgaíonn aitheantas mar Eagraíocht Táirgeoirí AE agus dearadh iad seo, ach go háirithe, chun go ndéanfar níos éasca é ar iascairí cladaigh aitheantas a bhaint amach. Táim an-sásta an chéad Eagraíocht Táirgeora iascaigh cladaigh a cheadú, a dhíríonn ar ár n-oileáin amach ón gcósta, agus tá súil agam go mb’fhéidir go gceadófar Eagraíochtaí Táirgeora breise cladaigh go luath.”
Tá an IMMRO bunaithe ar Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall agus déanann sé ionadaíocht d’iascairí oileáin ar fud oileáin na hÉireann. Luaigh an tAire,
“Baineadh stádas Eagraíocht Táirgeora amach don IIMRO mar thoradh ar an obair dhian a rinne iascairí oileáin agus an méid a chuir siad le geilleagair áitiúla. Is í an iascaireacht cnámh droma bheatha an oileáin in Éirinn agus baineann tábhacht leis ar mhaithe le folláine chultúrtha agus gheilleagrach na n-oileán.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Comhlachtaí a aithnítear go hoifigiúil iad Eagraíochtaí Táirgeora Bia Mara, a bhunaíonn grúpaí táirgeoirí iascaigh nó dobharshaothraithe chun gníomhaíocht a mball a bhainistiú. Is féidir le hEagraíochtaí Táirgeora ról tábhachtach a ghlacadh sa mhargadh, feabhas a chur ar choinníollacha chun táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a mball a chur ar an margadh, feabhas a chur ar thorthaí geilleagracha dá mbaill, an margadh a chobhsú, gabhálacha nach dteastaíonn a sheachaint agus a laghdú a mhéid agus is féidir, cur le deireadh a chur le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha iascaireachta, nach dtugtar le fios agus nach rialaítear agus gníomhaíochtaí a bpríomhbhall táirgthe a chomhordú go ginearálta.
Cuirtear creat dlíthiúil AE ar fáil i Rialachán 1379/2013 um chomheagrú an mhargaidh i ndáil le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (Rialachán CMO) chun Eagraíochtaí Táirgeora Bia Mara a aithint. Caithfidh grúpa iarratas a dhéanamh ar aitheantas mar Eagraíocht Táirgeora leis an údarás náisiúnta inniúil ábhartha. Sannadh an ról ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara mar údarás inniúil náisiúnta ar mhaithe leis an rialachán seo.
Chun teacht ar shonraí breise, féach, le do thoil CMO agus Eagraíochtaí Táirgeora
CRÍOCH