Fógraíonn McConalogue luach €1 milliún de dheontais chun tacú le €4.9 milliún d’infheistíochtaí nua a dhéanfaidh ocht gcuideachta phróiseála bia mara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu luach €4.9 milliún d’infheistíocht nua a dhéanfaidh ocht gcuideachta phróiseála bia mara, agus cuirfidh Clár an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh deontais €1,011,184 ar fáil. Comhchistíonn Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach na deontais agus tá siad faoi réir téarmaí agus coinníollacha.
Agus na deontais á bhfógairt aige, dúirt an tAire McConalogue,
“Táim an-sásta tacú leis na ocht bhfiontar bia mara seo chun a ngnólachtaí a fhás níos mó. Tréimhse an-dúshlánach í an tréimhse atá buailte linn faoi láthair i ndiaidh gur imir Covid agus Brexit tionchar ar mhargaí agus léiríonn an infheistíocht leanúnach chaipitil a rinne ár n-earnáil bhia mara go bhfuil an earnáil athléimneach agus go bhfuil dóchas ag an earnáil go dtiocfaidh deiseanna aníos go dtiocfaidh borradh ar an earnáil amach anseo.”
Dúirt an tAire McConalogue, freisin,
“Sholáthair Clár Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh mo Roinne breis agus €230 milliún le seacht mbliana anuas chun tacú le borradh inbhuanaithe ár n-earnála bia mara. Tá Clár Forbartha Bia Mara nua don tréimhse 2021-27 á chur le chéile faoi láthair agus tá súil agam go gcuirfear tús leis níos déanaí i mbliana.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Ghlac an Coimisiún Eorpach le Clár Oibríochtúil an CEMI 2014-2020 i mí na Nollag 2015. Cuireann an Clár cistiú €240 milliún ar fáil don earnáil bhia mara earnáil (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) i gcaitheamh na tréimhse 2014 go 2020. Tá an Clár comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach.
Cuireann Scéim Infheistíochta Caipitil Próiseála Bia Mara an CEMI a mhéid le cúnamh 30% ar fáil d’áitreabh próiseála bia mara chun infheistíocht chaipitil a spreagadh i gcumas táirgthe breisluacha. Cuireann an Scéim Nuálaíochta agus Pleanála Gnó Bia Mara cúnamh a mhéid le 50% ar fáil d’fhiontair bhia mara chun nuálaíocht a chothú i dtáirgí nua a fhorbairt agus chun tacú le pleanáil gnó.
Faomhadh deontais - Scéim Infheistíochta Caipitil Próiseála Bia Mara
Tairbhí | Contae | Cur Síos ar an Tionscadal | Infheistíocht Iomlán | Deontas | |
Good Fish Processing Ltd | Corcaigh | Córais Bhainistíochta Faisnéise | €140,759 | €42,228 | |
Castletownbere Fishermens Co-operative Society Ltd | Corcaigh | Reoiteoir bíseach, meaisín bainte ceann agus oibreacha gaolmhara | €859,157 | €257,747 | |
Nicky’s Plaice Ltd | Baile Átha Cliath | Infheistíocht i Meaisín Oighir agus Mionchnámh | €41,000 | €9,900 | |
Cuideachta Neamhtheoranta Kerry Fish (Éire) | Ciarraí | An Roinn Ardchúraim a athchumrú agus líne uathoibrithe shlisnithe bradán deataithe a cheannach. | €723,746 | €185,775 | |
Dundalk Bay Seafoods Ltd | Lú | Infheistíocht i Líne Táirgthe Éifeachtúil agus atá Neamhdhíobhálach don Chomhshaol | €64,700 | €19,410 | |
Senahoek Trading Ltd | Corcaigh | Monarcha a thógáil, Fuarstóras san áireamh | €2,989,091 | €448,364 | |
Iomlán: | €4,818,453 | €963,424 |
Faomhadh deontais – Scéim Infheistíochta Caipitil Próiseála Bia Mara
Tairbhí | Suíomh | Cur Síos ar an Tionscadal | Infheistíocht Iomlán | Deontas |
Goatsbridge Fish Processors Ltd | Cill Chainnigh | Straitéis Gnó – Seirbhísí comhairleacha a chuireann barr feabhais ar phleanáil airgeadais agus struchtúr cuideachta in Éirinn agus san RA | €39,000 | €19,500 |
Cuideachta Neamhtheoranta Sofrimar | Loch Garman | Trialacha a bhaint as trealamh agus é a ligean ar cíos chun púdar a dhéanamh de tháirgí dramhaíola lena n-úsáid sa ghairneoireacht. | €56,520 | €28,260 |
Iomlán: | €95,520 | €47,760 |
CRÍOCH