Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí toradh athbhreithniú ar dhúnadh Sceilg Mhichíl
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chinntigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) inniu go bhfanfaidh Láthair Oidhreachta Domhanda Sceilg Mhichíl dúnta do chuairteorí i 2020 de thairbhe imní Covid-19 agus baol dá bhárr do lucht fóirne agus cuairteoirí araon.
Bheartaigh OPW athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a tógadh an láthair a dhúnadh i mí Bealtaine i bhfiansaise athruithe ins na cuinsí agus go raibh mhaolú ar threórlínte áirithe fógartha ag an Rialtas ionas áiseanna turasóireachta go h-áirithe a ath-oacailt.Taréis comhairliúchán a dhéanamh le páirtithe sa tSeirbhís Oidhreachta san OPW agus go seachtrach, d’fhógair oifigigh inniu nách mbéadh sé indéanta an t-oileán cáilúil a oscailt don méid atá fágtha den saesúr a bhéadh beartaithe do chuairteoirí, toisc nách féidir an an baol atá leis an turas báid agus eispéireas an chuairteora ar an tOileán féin a mhaolú go leór chun sábháltacht cuairteoirí ná foireann an OPW a chinntiú.
“Bhí oscailt an suíomh tábhachatach oidhreachta seo beartaithe ar dtús don 15ú Bealtaine” a dúirt Coimisinéir Oidhreachta an OPW, John McMahon inniu, “ach gan amhras cuireadh é sin ar ceal le linn aoirde an dianghlasáil. An rud atá á fhógairt an tseachtain seo againn ná toradh ár n-athbhreithniú inmheánach, a bhí curtha ar bun chun go bhfeicimís an raibh rudaí athruithe go leór is go mbéadh ar ár gcumas saesúr oscailte déanach sa tsaesúr a fhógairt agus cuairteanna don bpobal a cheadú i rith cuid de mhíosa Lunasa agus Meán Fómhair ar a laghad. Taréis machnamh a dhéanamh ar na cuinsí ar fad, táimíd tagtha ar an gcinneadh nách bhfuil sé seo indéanta agus nách féidir Sceilg Mhichíl a dhéanamh sábhálta ó Covid-19 do chuairtoirí ná don bhfoireann. Is trua linn dá bhárr sin go bhfuil orainn a chinntiú nách mbeidh láthair Sceilg Mhichíl ag ath-oscailt don méid atá fágtha do shaesúr 2020 agus gur gá dúinn anois pleanáil ar ath-oscailt sa bhliain 2021, nuair atá súil againn go mbeidh sé ar ár gcumas freastal ar chuairteoirí ar an láthair arís.”
I ngnáth-bhliain, tagann críoch le saesúr do chuairteanna ar Sceilg Mhichíl ag deireadh Meán Fómhair, agus is é an taithí ná go mbíonn coinníollacha farraige agus aimsire i mí Deireadh Fómhair go mór níos measa agus ní féidiir dul i dtír ag an láthair. Tá measúnú déanta ag an OPW áfach go bhfuil iolrach dainséirí maidir leis an dturas báid agus an cosán do chuaireoirí ar an tOileán féin agus go bhfuil sé do-dhéanta ath-oscailt fiú ar feadh tréimhse teóranta i míosa Lúnasa agus Meán Fómhair. Roimh teacht ar chinneadh, chuaigh an OPW i gcomhairle leis na bádóirí áitiúla atá freagrach as cuairteoirí a thabhairt chuig an t-oileán, agus deineadh iniúchadh leó an raibh athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ionas an t-eispéireas do chuairteoirí a dhéanamh níos sábhalta. Bhí sé soiléir áfach go raibh scála na ndúthshláin ró-dheacair le sárú agus nách bhféadfaí dul chun cinn ar an mbonn seo, agus deineadh ath-chinntiú ar an gcinneadh a deineadh roimhe seo.Tá oibrithe an OPW fós ar t-oileán ionas oibrithe riachtanacha cothabhála agis oibrithe eile ar an t-oileán agus a séadchomharthaí. Leanfaidh said ag taisteal go dtí an t-oileán go dtí deireadh Meán Fómhair i mbun a ngnáth-chlár oibre.
Tá Ionad Eispéireas na Sceilge, lonnaithe ar an gCaladh, ina sprioc suaithinseach do thurasóirí go h-áitúil, ar oscailt faoí láthair. Ina theannta sin, tá turasanna bád ar fáil agus ag feidhmiú faoí láthair.
Tuilleadh eolais ó OPW Communications at pressoffice@opw.ie