Fógraíonn an tAire McConalogue Daonáireamh Eachaí 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., go dtabharfaidh a Roinn faoin gcéad dhaonáireamh eachaí bliantúil ag deireadh mhí na Samhna 2021.
Beidh ar aon duine a choimeádann aon eachaithe sa Stát tuairisceán líonta daonáirimh a sheoladh ar aghaidh laistigh d’amlíne shonraithe.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá an chéad daonáireamh eachaí eile a dtabharfar faoi i Samhain 2021 ar cheann amháin de shraith beart a bheartaím a thosú chun tacú le leas eachainmhithe agus tá sé ar cheann de na bearta a dtugann mo Roinn tús áite dóibh sa bhliain 2021. Tagann sé le mo ghealltanas freisin an córas sainaitheanta agus inrianaitheachta eachaí a athbhreithniú agus a fheabhsú ag féachaint le tacú níos mó le leas eachaí, faoi mar a leagtar amach i Straitéis Leasa na hÉireann 2021-2025, a d’fhoilsigh mo Roinn i ndiaidh dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara.”
Éascóidh an daonáireamh Dlí nua an AE maidir le Sláinte Ainmhithe (Rialachán (AE) 2016/429) a chomhlíonadh freisin, a tháinig i bhfeidhm in Aibreán 2021 agus a cheanglaíonn nach mór gnáthchónaí gach eachaí a choimeádtar sa Stát a chur i gcuntas ar an mbunachar sonraí lárnach eachaí. Is gnách gurb é seo an t-áitreabh ina gcónaíonn eachaí ar feadh tréimhse breis agus 30 lá.
Tá an daonáireamh ceaptha nasc tosaigh a chruthú idir gach eachaí a choimeádtar sa Stát ar lá an daonáirimh agus an t-áitreabh ina gcoimeádtar iad ag an tráth sin. Cruthófar próifíl de na heachaithe go léir a bhíonn i láthair ar ghabháltas ar an dáta sin ar chóras Sainaitheanta agus Gluaiseachta Ainmhithe (AIM) na Roinne, ina bhfuil an bunachar sonraí lárnach eachaí. Tá súil leis go méadóidh nascadh foirmiúil a dhéanamh idir eachaithe agus a gcoimeádaithe comhlíonadh na reachtaíochta eachaí, ina leagtar freagracht ar an gcoimeádaí taifeadta as sláinte agus leas na n-ainmhithe go léir faoina c(h)úram a chinntiú.
Ghabh an tAire McConalogue buíochas le coimeádaithe eachaí as an reachtaíocht eachaí a chomhlíonadh go dtí seo agus léirigh sé muinín go gcloífidh siad go dearfach leis an gcóras nua, chomh maith céanna. D’iarr sé orthu a dtaifid a sheiceáil anois agus is féidir aon saincheisteanna a thabhairt chun rialtachta a d’fhéadfadh teacht chun solais a luaithe agus is féidir. Caithfear gach áitreabh ina gcoimeádtar eachaithe a chlárú leis an RTBM, ina leith seo, don chuspóir sin agus tá freagracht ar gach coimeádaí eachaithe as a chinntiú go ndéantar aon eachaithe faoina gcúram a shainaithint i gceart le pas bailí.
Cuirfidh an daonáireamh eolas tábhachtach ar fáil i gcás go mbriseann galar eachaí amach, chun dul i ngleic le buarthaí sláinte poiblí agus chun déileáil le capaill ar iarraidh, ar seachrán nó a goideadh.
Seolfaidh coimeádaithe eachaithe sonraí an daonáirimh eachaí ar aghaidh ar líne trí agfood.ie.
Caithfidh coimeádaithe nach bhfuil cuntas agfood.ie acu cheana féin clárú ag www.agfood.ie chun sonraí logála isteach pearsanta a fháil chun a n-eolas daonáirimh a sheoladh ar aghaidh. Ba cheart é seo a dhéanamh roimh Shamhain trí logáil ar www.agfood.ie agus an rogha ‘Cláraigh’ a roghnú.
Scríobh an Roinn chuig gach coimeádaí cláraithe le hiad a chur ar an eolas ar an daonáireamh a bheidh ag teacht aníos agus déanfaidh sé teagmháil le coimeádaithe eachaí arís níos déanaí sa bhliain, le dáta dhaonáireamh 2021 a dheimhniú. Ag an tráth sin, cuirfear treoir ‘Céim ar Chéim’ ar fáil maidir le sonraí an daonáirimh a líonadh agus a sheoladh ar aghaidh ar líne trí agfood.ie.
Nótaí don Eagarthóir
• Áirítear le hainmhithe eachaí capaill, capaillíní, asail, miúil, agus séabraí.
• Chun clárú le agfood.ie, caithfidh an coimeádaí iarratasóra a ndáta breithe, seoladh ríomhphoist agus uimhir ghutháin a sholáthar chun an próiseas clárúcháin a chríochnú. Ar mhaithe le cúiseanna slándála, eisítear sonraí pearsanta logála isteach sa phost agus faightear iad, go ginearálta, laistigh de 3-4 lá i ndiaidh an próiseas clárúcháin a chur i gcrích. Ba cheart iad seo a choimeád go sábháilte mar gheall nach féidir teacht ar an gcóras gan iad.
• Tá cion déanta ag aon duine a bhfuil aon eachaithe á gcoimeád ar áitreabh acu nach bhfuil cláraithe leis an Roinn ar an gcuspóir sin. Ba cheart iarratais le háitreabh a chlárú chun eachaithe a choimeád a dhéanamh le hOifig Réigiúnach RTBM áitiúil an iarratasóra. Tá na sonraí teagmhála do na hoifigí éagsúla ar láithreán gréasáin an RTBM ag
https://www.gov.ie/en/organisation-information/9dc27-contact-us/#regional-offices
• Tá ceanglas dlíthiúil ar choimeádaithe eachaithe a chinntiú go ndéantar gach eachaí faoina gcúram a shainaithint i gceart le pas. Is cion é má theipeann ort seo a dhéanamh. Eisíonn Eagraíochtaí Eisiúna Pasanna (EEPanna) atá ceadaithe ag an RTBM pasanna eachaí. Tá liosta de EEPanna ceadaithe ar fáil ar láithreán gréasáin an RTBM ag
https://assets.gov.ie/101245/c14ec4bb-6e11-498c-bd72-1997c5e81146.pdf
• Tá an Roinn ag súil le rochtain theoranta a sholáthar do choimeádaithe eachaithe ar a bpróifílí eallaí eachaí AIM go luath in 2022 lena chur ar a gcumas an bunachar sonraí lárnach a chur ar an eolas go díreach ar na hathruithe ar stádas gnáthchónaithe aon eachaí atá liostaithe ar a bpróifíl féin.
CRÍOCH