Foilsíonn an tAire O’Brien Páipéar Beartais ar thodhchaí Uisce Éireann
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD, inniu [an 23 Feabhra 2021] an páipéar beartais “Uisce Éireann - I dtreo fóntas seirbhísí uisce náisiúnta rialaithe faoi úinéireacht phoiblí” i ndiaidh gur faomhadh é ag Comh-Aireacht.
Leagtar amach sa Pháipéar Beartais dearcthaí agus ionchais an Rialtais maidir leis na chéad chéimeanna eile san earnáil uisce a athrú ó bhonn a ndéanfar Uisce Éireann a choinneáil dá bharr mar fhóntas seirbhísí uisce náisiúnta rialaithe faoi úinéireacht phoiblí. Tá súil ag an Rialtas leis an méid seo a leanas, ach go háirithe:
• Scarfaidh Uisce Éireann ó Ervia Grúpa i rith 2023.
• Déanfaidh Uisce Éireann oibriú agus soláthar laethúil seirbhísí uisce a chuimsiú isteach ina struchtúr eagrúcháin féin, seachas na Comhaontuithe Seirbhíse atá ann faoi láthair, ar bhonn céimnithe.
• Chun ullmhú do na seirbhísí siúd a chomhtháthú faoi Uisce Éireann, ba cheart an próiseas rannpháirtíochta atá ag titim amach faoi choimirce an Choimisiúin um Chaidreamh Coimisiún (an CCÁO) a bhfuil mar chuspóir aige creat cobhsaí oibríochtúil a shainaithint chun seirbhísí uisce a sholáthar amach anseo a chríochnú faoi Iúil 2021.
• Cumasóidh an creat chun seirbhísí uisce a sholáthar amach anseo dul chun cinn a dhéanamh ar an gclár claochlaithe earnála uisce atá ar siúl faoi láthair tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
o An rialú a theastaíonn ó Uisce Éireann a sholáthar ar oibríochtaí seirbhísí uisce, cuntasacht iomlán as an gcéanna; na hacmhainní chun riosca a bhainistiú agus chun cumarsáid agus idirbheartaíocht a dhéanamh le gach oibrí seirbhísí uisce maidir leis an gclár athraithe;
o Dul i ngleic le buarthaí oibrithe maidir le foireann seirbhísí uisce údaráis áitiúil reatha a imlonnú trí chomhaontú comhchoiteann leis na hoibrithe; agus
o A chinntiú nach bhfágtar Uisce Éireann gan lucht saothair a bhfuil na scileanna cuí acu chun tabhairt faoina fheidhmeanna reachtúla.
• Cuirfidh Uisce Éireann, ag oibriú le húdaráis áitiúla agus oibrithe seirbhísí uisce reatha, plean céimnithe i bhfeidhm maidir le seirbhísí uisce a chomhtháthú isteach ina struchtúr eagrúcháin, agus tá an cur i bhfeidhm le críochnú in 2022.
• Leanfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC) ag tabhairt faoi rialáil comhshaoil, agus leanfaidh an CRF ag tabhairt faoi rialáil gheilleagrach.
• Leanfaidh soláthar seirbhísí uisce a bheith dílis do, agus comhsheasmhach leis, na riachtanais a leagtar amach i gCreat-Treoir Uisce an AE (2000/60/CE), agus, seachas sin, comhlíonann siad dlí an AE ar gach bealach eile.
Dúirt an tAire O’Brien gur céim thábhachtach é seo chun cinn in iarracht an Rialtais chun córas seirbhísí uisce poiblí den chéad scoth a bhaint amach in Éirinn, agus dúirt sé,
“Tá soláthar fairsing acmhainní uisce in Éirinn a bhfuil go leor tíortha in éad orthu. Tá roinnt mhaith le déanamh go fóill againn, áfach, lena chinntiú go bhfuil ár ngréasáin uisce agus fuíolluisce agus ár gcórais bhainistíochta comhshaoil níos fairsinge oiriúnach don fheidhm.
“Tá ar chumas Uisce Éireann gan stró, le tacaíocht ón infheistíocht ba mhó a rinne an Rialtas i mbonneagar uisce, chun na córais agus na seirbhísí a fhorbairt a theastaíonn ó Éirinn chun freastal ar ár saoránaigh san 21ú haois. Caithfear fóntas den chéad scoth a chruthú chun sin a dhéanamh, áfach. Trí oibriú le chéile, tá fíorfheabhsúcháin déanta ag Uisce Éireann agus údaráis áitiúla ar chórais a chur i bhfeidhm ar fud na tíre chun feabhas a chur ar ár seirbhísí uisce ó 2014. Dírítear i bpáipéar beartais an lae inniu ar chur leis sin agus é a thabhairt chun cinn.
“Tá fís an Rialtais á leagan amach agam inniu faoi conas ba mhaith linn Uisce Éireann a fhorbairt. Ba mhaith linn go ndéanfar an rogha ionad oibre d’Uisce Éireann i measc na foirne údaráis áitiúil sin fud fad na tíre a bhfuil seirbhísí uisce á soláthar acu faoi láthair thar ceann Uisce Éireann. Aithnímid dílseacht oibrithe dá n-údarás áitiúil agus dá stádas mar oibrithe sa tseirbhís phoiblí anuas ar a dtiomantas do sholáthar seirbhíse áitiúil. Iarraim, ar an ábhar sin, trí choimirce an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, go dtagann an bhainistíocht ó Uisce Éireann agus an earnáil Rialtais Áitiúil agus ceardchumainn le chéile chun réiteach a fhorbairt a cheadaíonn dúinn bogadh ar aghaidh leis an bhfóntas poiblí den chéad scoth sin agus meas á léiriú i gcomhthráth ar bhuarthaí na foirne údaráis áitiúil.
“Tuigim freisin an t-athrú ollmhór ó bhonn atá le déanamh ar an rialtas áitiúil i mblianta amach anseo. Aithnítear é seo sa Pháipéar agus oibreoidh mé le Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach lena chinntiú nach bhfágtar údaráis áitiúla agus dliteanais airgeadais gan tacaíocht acu mar thoradh ar an gclár claochlaithe.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le lucht saothair reatha Ervia agus Uisce Éireann as an rannchuidiú go dtí seo sa dul chun cinn a rinneadh chun ár mbonneagar agus ár seirbhísí náisiúnta uisce a nuachóiriú; agus ba mhaith liom an t-athrú breise claochlaitheach a aithint atá i gceist dóibh de réir mar a bhogann an Rialtas chun cinn le dhá chuideachta ar leith a bhunú – Líonraí Gáis Éireann agus Uisce Éireann – chun ár líonraí náisiúnta gáis agus uisce a bhainistiú.
“Tá an Rialtas tiomanta do chinntiú nach mór breithniú a dhéanamh ar dhearcthaí agus ar bhuarthaí príomhpháirtithe leasmhara agus dul i ngleic leo laistigh den phróiseas claochlaithe. Áirítear leis na páirtithe leasmhara seo na hoibrithe seirbhísí uisce ar fud na tíre, a d’fhorbair na seirbhísí uisce ar a mbraitheann an oiread sin dínn inniu a bhuíochas lena dtiomantas agus a ndúthracht; an earnáil rialtais áitiúil, atá mar chuid intreach den tseirbhís phoiblí agus de phobail áitiúla; Comhdháil na gCeardchumann (ICTU), agus na ceardchumainn ábhartha atá cleamhnaithe leo, is é sin, Fórsa, SIPTU, Connect agus UNITE agus, dar ndóigh, Uisce Éireann, a mháthairchuideachta Ervia agus a bhfoireann. Ba mhaith liom a thabhairt le fios do gach duine atá bainteach go léirímid meas docht daingean, mar Rialtas, ar bhur dtuairimí agus bhur ndearcthaí agus ba mhaith linn an deis is mó agus is féidir a thabhairt daoibh chun bhur dtuairimí a nochtadh nuair a bhíonn an cinneadh á dhéanamh faoi do shocruithe oibre féin amach anseo.
“Tá an deis anois againn leanúint ar aghaidh lenár seirbhísí uisce poiblí a chomhtháthú laistigh de struchtúr eagrúcháin Uisce Éireann chun go mbíonn eagraíocht aonair againn ar a bhfuil an dualgas córas uisce poiblí den chéad scoth a fhorbairt, agus atá ábalta sin a sholáthar gan stró, ar féidir le hÉirinn agus a saoránaigh a bheith bródúil as, agus cúis mhaith leis.”
CRÍOCH