Formheasann an Rialtas Straitéis Chur Chun Feidhme & Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2021-23 le maoiniú de €3.69bn thar 3 bliana
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an Straitéis um Chur Chun Feidhme and Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2021-2023 inniu.
Is éard atá i gceist le Sláintecare ná seirbhís chúraim shláinte ardchaighdeáin, sábháilte agus shóisialta a sheachadadh a fhreastalaíonn ar riachtanais ár ndaonra atá ag fás, agus a mheallann agus a choinníonn na cliniceoirí cúram sláinte is fearr, chomh maith leis na bainisteoirí agus na baill foirne is fearr.
Leagtar amach sa Straitéis nua um Chur chun Feidhme & Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2021-2023 na tosaíochtaí agus na gníomhartha don chéad chéim eile den chlár athchóirithe. Tá sé mar aidhm aige seirbhís sláinte uilíoch a chuireann an cúram ceart, san áit cheart, ag an am ceart, ar fáil ar chostas íseal nó gan aon chostas.
Forbraíodh an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta leis an méid ar foghlaimíodh ó COVID-19 agus sa chomhthéacs nua ina bhfeidhmíonn ó COVID-19 agus sa chomhthéacs nua ina bhfeidhmíonn an córas sláinte, an Clár Rialtais comhaontaithe agus rannpháirtíocht le príomhpháirtithe leasmhara agus comhpháirtithe.
Sna trí bliana amach romhainn, oibreoidh Sláintecare le comhpháirtithe chun:
• plean ilbhliantúil chun liostaí feithimh san ospidéal agus sa phobal a laghdú a chur chun feidhme
• tosaigh an tógáil ar ospidéil roghnacha nua i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh
• an Conradh Comhairleach Sláintecare a rolladh amach, obair phoiblí amháin a cheadú in ospidéil phoiblí
• 7,000 ball foirne cúram sláinte nua pobalbhunaithe a fhostú
• 31 Ionad Cúraim Phríomhúil nua a sheachadadh, ionas go mbeidh 173 ionad san iomlán timpeall na tíre
• infheistiú i 32 Mhol Speisialtóra Pobail do dhaoine scothaosta agus do dhaoine a bhfuil galar ainsealach orthu
• acmhainní sláinte breise a sholáthar sa 18 bpobal is mó atá faoi mhíbhuntáiste ar fud na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas sláinte
• rochtain d’othair ar dhiagnóisic dhíreach trí dhochtúirí teaghlaigh a phríomhshruthú
• tograí beartais a fhorbairt chun Incháilitheacht Uilíoch a bhaint amach
• 6 Limistéar Sláinte Réigiúnach nua a chruthú
• 96 Líonra Cúram Sláinte Pobail nua a bhunú chun tacú le cúram comhtháite ar fud cúraim phríomhúil, phobail agus ghéarchúraim
• infheistiú i Éire Shláintiúil chun daoine a choinneáil slán ina bpobail féin
• scála Tionscadail Nuálaíochta a thacaíonn le tionscnaimh sábháilteachta othar a chalabhrú
• taifead Cúraim Roinnte dhigitigh a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh rochtain ag daoine ar a dtaifid sláinte is cuma cá bhfuil cóireáil a thabhairt dóibh
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá ríméad orm gur cheadaigh an Rialtas an Straitéis Chur Chun Feidhme & Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2021-2023 inniu. Léiríonn sé seo an chéad chéim eile i gclár corraitheach uaillmhianach chun an córas sláinte a athchóiriú. Creidim go bhfuil Sláintecare ag soláthar athchóiriú sláinte a bhfuil géarghá leis, agus tá sé in am anois borradh a chur faoi seo.”
Lean sé ar aghaidh:
“Tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin maidir le Sláintecare a aistriú ó fhís go réaltacht. Tá cinntí móra déanta ag an Rialtas, lena n-áirítear Bord FSS a bhunú agus ceadú na tíreolaíochta do shé réimse sláinte réigiúnacha nua, an comhaontú maidir leis an Dochtúir Teaghlaigh, an Dochtúir Sláinte Poiblí, agus Conarthaí Comhairleacha Poiblí amháin, leathnú na hincháilitheachta do shaoránaigh le haghaidh cleachtas ginearálta, chomh maith le laghdú ar tháillí oidis don phobal.
“Tá infheistíocht bhreise de €1.23 bn geallta ag an Rialtas i dtionscnaimh Sláintecare in 2021, agus cruthaíodh acmhainn bhreise laistigh d’ospidéil ghéarmhíochaine, cúram pobail agus sóisialta, rolladh amach an chláir fheabhsaithe cúraim phobail agus cur chun cinn na maireachtála sláintiúla.”
Dúirt sé freisin:
“Tá a fhios againn gur oibrigh ár soláthraithe sláinte agus cúraim shóisialta go dícheallach anuraidh. Thug an phaindéim dúshlán dár seirbhísí sláinte ar go leor bealaí, ach léirigh sé toilteanas agus fonn ár bhfoireann agus ár gcórais nuálaíocht agus oiriúnú a dhéanamh ar mhaithe le hothair. I go leor de na hathruithe a chonaiceamar ar fud na paindéime ionchorpraíodh na croíphrionsabail de Sláintecare maidir leis an gcúram ceart a sholáthar, san áit cheart, ag an am ceart.”
Mar fhocal scoir, dúirt sé:
“Tá sé in am anois leas a bhaint as an bhfuinneamh agus an fonn seo ar athrú ionas go ndéanfaimid ár seirbhís sláinte agus cúraim shóisialta a athchóiriú go fadtéarmach. Creidim go ndéanfaidh an chéad chéim eile seo den chlár athchóirithe Sláintecare é sin go díreach.”
Dúirt Laura Magahy, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Oifig Chur Chun Feidhme an Chláir Sláintecare:
“Aithníodh dhá chlár athchóirithe Sláintecare a dteastaíonn fócas práinneach uathu chun an fhís uile-pháirtí a sholáthar chun an cúram ceart a thairiscint do mhuintir na hÉireann, san áit cheart, ag an am ceart. Tógann an dá chlár athchóirithe seo agus na tionscadail ghaolmhara ar na hathchóirithe substaintiúla a léirítear trínár gclár comhtháthaithe / nuálaíochta, agus tá siad ag teacht le riachtanais an phobail agus ag teacht le tiomantas an Rialtais chun bogadh i dtreo cúraim shláinte uilíoch.
“Ar dtús, tá a fhios againn go bhfuil ár liostaí feithimh ró-fhada, agus táimid tiomanta iad a laghdú trí shraith tionscnamh ceangailte a dhéanamh a dhíríonn ar acmhainn bhreise a sholáthar sa chóras, bearta táirgiúlachta a spreagadh, agus a chinntiú go dtairgtear cúram san áit cheart, d’fhonn spriocanna ama feithimh Sláintecare a bhaint amach sa deireadh. Ar an dara dul síos, bíonn tionchar ag difríochtaí éagóracha agus inseachanta ar shláinte an daonra uile, agus idir grúpaí éagsúla sa tsochaí a eascraíonn as na dálaí sóisialta ina mbeirtear daoine, ina bhfásann siad anuas, ina gcónaíonn siad, ina n-oibríonn siad agus ina n-éiríonn siad níos sine. Sa chlár seo, táimid tiomanta aghaidh a thabhairt ar neamhionannas sláinte agus bogadh i dtreo cúram sláinte uilíoch.”
Dúirt an tOllamh Tom Keane, Cathaoirleach na Comhairle Comhairleacha um Chur Chun Feidhme Sláintecare:
“Tógann an Straitéis Chur Chun Feidhme agus an Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2021-2023 atá á sheoladh inniu, ar obair bhunaidh agus ar dhul chun cinn seasta atá déanta maidir leis an bhfís Sláintecare do thodhchaí na sláinte agus an chúraim shóisialta in Éirinn a chur chun feidhme.
“Beidh tionchar mór ag an dá Chlár Athchóirithe agus an maoiniú gan fasach gaolmhar ar thodhchaí ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach chórais sláinte agus cúraim shóisialta na hÉireann. Tá na Cláir seo ailínithe go hiomlán leis an bhfís Sláintecare chun an cúram ceart a sholáthar san áit cheart ag an am ceart agus chun an aidhm cúram sláinte uilíoch a sholáthar bunaithe ar riachtanas seachas ar an gcumas íoc.”
Tá an Straitéis Chur Chun Feidhme agus an Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2021-2023 ailínithe go dlúth le Straitéis Chorparáideach FSS 2021-2023 agus le Plean Seirbhíse Náisiúnta FSS agus leagtar amach ann na príomhghníomhaíochtaí a threoróidh athchóiriú na seirbhísí sláinte in 2021 agus ina dhiaidh sin.
CRÍOCH
Cláir Athchóirithe Sláintecare 2021 — 2023
Trí thaighde, cheardlanna agus rannpháirtíocht, tugadh tosaíocht do dhá Chlár Athchóirithe Sláintecare le haghaidh cur chun feidhme spriocdhírithe sna trí bliana amach romhainn.
Is iad sin:
• Clár Athchóirithe 1: Rochtain Shlán, Thráthúil ar Chúram a Fheabhsú agus Sláinte & Folláine a Chur Chun Cinn; agus
• Clár Athchóirithe 2: Aghaidh a thabhairt ar Neamhionannas Sláinte - i dtreo Cúraim Shláinte Uilíoch
Beidh obair, tacaíocht agus rannpháirtíocht ghníomhach na bpríomh-chomhpháirtithe i gceist leis na Cláir Athchóirithe seo, lena n-áirítear an Roinn Sláinte, ranna tras-rialtais, a gcuid gníomhaireachtaí, go háirithe FSS, oibrithe sláinte agus cúraim shóisialta agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha, eagraíochtaí pobail agus deonacha, agus an earnáil phríobháideach.
Clár Athchóirithe 1 - Rochtain Shlán, Thráthúil ar Chúram a Fheabhsú agus Sláinte & Folláine a Chur Chun Cinn
• oibriú i dtreo cúraim a aistriú amach as ospidéil ghéarmhíochaine isteach sa phobal agus níos gaire do theach duine.
• 96 Líonra Cúraim Shláinte Pobail nua a bhunú chun tacú le cúram comhtháite ar fud príomhchúraim, cúraim phobail agus géarchúraim
• Ionaid Chúraim Phríomhúil nua a fhorbairt, suas le 7,000 ball foirne cúram sláinte pobalbhunaithe a earcú, Moil Speisialtóirí Pobail a chruthú lena n-áirítear Cláir Chúraim Chomhtháite do Dhaoine Scothaosta, an Clár Náisiúnta um Chosc ar Thitim agus earcú Comhairleoirí um Néaltrú
• Tionscadail an Chiste Nuálaíochta Sláintecare rathúil a chalabrú ar fud na tíre agus a phríomhshruthú chun comhtháthú an chúraim idir suíomhanna pobail agus ospidéil a chur chun cinn.
• an Ciste Nuálaíochta a leathnú chun díriú ar thorthaí a fheabhsú do phobail a bhfuil riachtanas faoi leith acu agus tionscadail chosáin othar feabhsaithe a sheachadadh
• bealaí cúraim nua a shruthlíniú chun cabhrú le comhtháthú níos fearr idir suíomhanna cúraim a bhrú chun cinn. Oibreoimid le Dochtúirí Teaghlaigh, ospidéil, comhpháirtithe pobail agus FSS chun bealaí sruthlínithe a chomhaontú, arna gcumasú ag teicneolaíocht agus nuálaíochtaí digiteacha. Soláthróidh na cosáin nua seo, a chomhaontófar ar fud an chórais, naisc níos fearr ar fud suíomhanna cúraim, bainfidh siad an úsáid is fearr as acmhainní agus cuideoidh siad le seachadadh cúraim a bhrostú.
• plean ilbhliantúil a fhorbairt chun gach liosta feithimh a laghdú.
• pleananna fórsa saothair a fhorbairt lena chinntiú go mbeidh an lucht saothair ailínithe leis na seirbhísí a theastaíonn, má mhaoinítear iad. Áireofar leis seo comhordú níos fearr ar oiliúint agus oideachas chun a chinntiú go gcuirfí oiliúint ar i ndóthain gairmithe agus go ndéanfaí iad a mhealladh agus a choinneáil sna réimsí ina bhfuiltear ag súil go mbeidh gá leo agus úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíocht agus bealaí cúraim comhaontaithe a thabhairt isteach. Grúpa faoi stiúir chliniciúil a bhunú do gach disciplín chun bealaí atreoraithe ó dheireadh go deireadh a chomhaontú. Cuideoidh sé seo le spriocanna ama feithimh Sláintecare a bhaint amach:
1. 12 sheachtain le haghaidh nós ghnáthamh Othar Cónaithe
2. 10 seachtaine le haghaidh coinne othar seachtrach…
3. 10 lá le haghaidh tástála diagnóisice agus
4. uasmhéid ama feithimh inár RÉanna de cheithre huaire an chloig
• an Clár r-Shláinte a chur chun cinn agus infheistíocht shuntasach a sholáthar i gcaipiteal agus i bhfoireann r-Shláinte. Tacóidh feabhas ar ár mbonneagar r-Shláinte agus digiteach le comhtháthú agus cuideoidh sé le daoine a choinneáil slán sa phobal nó sa bhaile agus beidh an córas níos éifeachtaí dá bharr.
• an Conradh Comhairleach Sláintecare a thabhairt isteach, a ligfidh d’obair phoiblí amháin a dhéanamh in ospidéil phoiblí - Beidh sí seo mar an chéad chéim ar an mbóthar chun cleachtas príobháideach a bhaint as ospidéil phoiblí, rud a chinnteoidh go n-úsáidtear saoráidí cúram sláinte poiblí d’othair phoiblí amháin agus go bhféadfaidh othair phoiblí rochtain a fháil ar ospidéil phoiblí bunaithe ar riachtanas cliniciúil amháin agus ní ar an gcumas íoc.
Clár Athchóirithe 2: Aghaidh a thabhairt ar Neamhionannas Sláinte
• sláinte agus folláine fhadtéarmach na bpobal is mó atá faoi mhíbhuntáiste in Éirinn a fheabhsú tríd an gClár Pobail Sláintiúla Sláintecare. Gheobhaidh 18 limistéar ar fud na tíre infheistíocht in 2021… ag díriú ar chaitheamh tobac, ar oideas sóisialta, tuismitheoireacht, ithe sláintiúil, rochtain ar spórt, gníomhaíocht choirp agus na healaíona
• Plean Gnó a fhorbairt agus clár bainistíochta a athrú chun an sé Limistéar Sláinte Réigiúnacha nua a chur chun feidhme de réir mar atá ceadaithe ag an Rialtas in 2019. I láthair na huaire, seachadtar cúram sláinte pobail agus cúram ospidéil ar leithligh le buiséid ar leithligh. Cuideoidh na réigiúin sláinte nua linn cúram sláinte níos fearr a phleanáil agus a sholáthar, le buiséad comhroinnte chun aire a thabhairt do na daoine atá ina gcónaí i ngach réigiún.
• an Beartas agus an Plean Gníomhaíochta um Murtall 2016-2025 a chur chun feidhme. Áireofar leis seo an cur chun feidhme den chlár um Meáchan Sláintiúil do Leanaí, chun dea-chleachtais a chur chun cinn maidir le hathfhoirmliú, margaíocht agus soláthar bia. Oibreoimid ar fud an Rialtais chun seachadadh clár agus tionscnamh náisiúnta comhaontaithe a neartú lena n-áirítear NURTURE, feachtas START, SMART Start, Curaclam Folláine i Scoileanna agus Bia Sláintiúil níos Éasca.
Tá an Straitéis Chur Chun Feidhme & Plean Gníomhaíochta Sláintecare ar fáil le híoslódáil anseo .