Glao Ollmhór Taighde i réimse na Frithsheasmhachta in aghaidh Antaibheathach fógartha ag an Aire Heydon
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht air as Taighde agus Forbairt, Martin Heydon, T.D., inniu roimh Ghlao ón AE ar Thograí Taighde faoina chlár taighde idirnáisiúnta (ar a dtugtar ERA-NET JPIAMR-ACTION). Díríonn an glao taighde seo go sonrach ar dhul i ngleic leis an mbaol a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach, baol atá ag méadú, fadhb atá ríthábhachtach do na hearnálacha Talmhaíochta, Bia agus Sláinte.
Áirítear sa ghlao, a bhfuil tacaíocht faighte aige ón Aontas Eorpach, 30 eagraíocht maoiniúcháin ó 21 bhallstát agus nuair a ghlactar gealltanais ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara san áireamh faoina thacaíocht do Thaighde, meastar gur fiú buiséad an ghlao agus €24.9 milliún ar an iomlán.
Ag tarraingt airde ar an nGlao nua seo, dúirt an tAire,
"tiocfaidh idirghabhálacha nuálacha chun cinn as an nglao seo le smacht a fháil ar fhorbairt agus ar scaipeadh na frithsheasmhachta in aghaidh antaibheathach i suíomhanna One Health agus/nó eatarthu."
"Chun go mbeimid ábalta aghaidh a thabhairt i gceart ar AMR, ní mór go mbeadh sé ina bunsprioc ag an earnáil agraibhia an méid úsáide a bhaintear as antaibheathaigh a laghdú trí na caighdeáin is airde sláinte ainmhithe agus is féidir a choinneáil", a dúirt an tAire.
Tugtar cuireadh leis an nglao seo d'Eagraíochtaí a bhíonn i mbun Taighde tograí taighde i gcomhar a chur ar aghaidh a bheidh dírithe ar dhul i ngleic leis an bhfadhb seo. Tríd an nglao ar thaighde seo, tá sé i gceist an comhar idir comhpháirtithe taighde as tíortha difriúla agus a bhíonn ag plé le réimsí éagsúla saineolais a bhunú agus a neartú chun taighde ar fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach a chur chun cinn.
Mar fhocal scoir, ghuigh an tAire gach rath ar na hiarrthóirí ina n-iarratas ag rá ‘Táim ag súil go dtiocfaidh eolas, teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí chun cinn mar gheall ar an nGlao seo chun fianaise luachmhar a chur ar fáil i leith beartas a fhorbairt chomh maith le huirlisí úsáideacha chun cuidiú linn na spriocanna fáis straitéisigh mar a leagtar amach i Margadh Glas na hEorpa a bhaint amach. Níl amhras ar bith orm ach go mbainfidh an pobal taighde agus nuálaíochta anseo in Éirinn leas iomlán as an deis seo trí thograí den scoth a chur ar aghaidh."
Nótaí don eagarthóir:
Ardán domhanda i gcomhar é JPIAMR, ina bhfuil 28 ballstát páirteach agus é mar aidhm acu srian a chur ar fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach (AMR) leis an gcur chuige One Health. Comhardaítear maoiniú náisiúnta faoin tionscnamh chun tacú le taighde agus gníomhaíochtaí trasnáisiúnta laistigh de shé réimse tosaíochta Chlár Oibre comhroinnte JPIAMR don Taighde agus don Nuálaíocht Straitéiseach - teiripic, diagnóisic, faireachas, scaipeadh, an timpeallacht agus idirghabhálacha.
Cad is AMR ann?
Is é is frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ann ná frithsheasmhacht miocrorgánaigh in aghaidh druga a bhí éifeachtach roimhe sin chun cóireáil a chur in aghaidh ionfhabhtuithe a mbíonn an miocrorgánach lena mbaineann ina gcúis leo. Tá miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (lena n-áirítear baictéir, fungais, víris agus seadáin) in ann ionsaí a sheasamh ó dhrugaí frithmhiocróbacha amhail drugaí frithbhaictéaracha (e.g. antaibheathaigh), drugaí frithfhungasacha, drugaí frithvíreasacha agus drugaí frithmhaláireacha. Dá bhrí sin, ní éireoidh le cóireálacha caighdeánacha ina n-aghaidh agus ní bheifear in ann fáil réidh leis an ionfhabhtú dá bharr sin, rud a mhéadóidh an baol go scaipfear an t-ionfhabhtú chuig daoine eile.
Cad a chiallaíonn 'One Health'?
Tá coincheap ‘One Health’ ina straitéis dhomhanda a bhfuil sé mar aidhm léi comhar agus cumarsáid idirdhisciplíneach a mhéadú ar gach gné de chúram sláinte do dhaoine agus d’ainmhithe agus don chomhshaol. Aithnítear le cur chuige ‘One Health’ gur fite fuaite ina chéile atá sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an éiceachórais. Mar sin, is é an aidhm atá leis sláinte agus folláine gach speiceas a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí chomhar a mhéadú idir lianna, tréidlianna agus gairmithe eile sláinte eolaíche agus comhshaoil agus trí láidreachtaí a chothú i measc ceannairí agus bainisteoirí chun na spriocanna sin a bhaint amach.
CRÍOCH