Fógraíonn an tAire Noonan Maoiniú €9m do Thionscadail Oidhreachta Tógtha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus ar an gCiste um Struchtúir Stairiúla
• Méadú 12.5% tagtha ar mhaoiniú
• Tacóidh sé le húinéirí agus le caomhnóirí na struchtúr cosanta i ngach ceantar údaráis áitiúil ar fud na tíre
• Díríonn an maoiniú ar struchtúir thraidisiúnta agus ar aghaidheanna siopa i nGaeilge
• D’fhéadfadh oibreacha faoin scéim suas le 50,000 lá fostaíochta a chruthú i scileanna traidisiúnta tógála
Sheol Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, inniu an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SCOT) agus an Ciste um Struchtúir Stairiúla (CSS) don bhliain 2023.
Le cistiú comhcheangailte de €9m, is ionann scéimeanna 2023 agus infheistíocht shuntasach i gcaomhnú oidhreacht thógtha na hÉireann. Táthar ag súil go dtacóidh SCOT agus CSS leis na céadta tionscadal agus go gcruthófar breis agus 50,000 lá fostaíochta do ghairmithe oilte caomhantais agus do cheardaithe.
Ag fógairt scéimeanna 2023 níos luaithe inniu, dúirt an tAire Noonan:
“Ní mór am, cúram, saineolas agus infheistíocht shuntasach a bheith ag tacú lenár bpobail agus iad ag iarraidh ár n-oidhreacht thógtha a dheisiú, a chaomhnú agus a athchóiriú. Dá bhrí sin, tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil iarratais oscailte anois don Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus don Chiste um Struchtúir Stairiúla do 2023, le maoiniú comhcheangailte de €9m. Léirítear leis an méadú 12.5% ar anuraidh tiomantas an Rialtais seo do chosaint agus caomhnú leanúnach ár dtimpeallacht thógtha, i gcomhréir leis na spriocanna atá leagtha amach in Oidhreacht Éireann 2030, an plean nua oidhreachta náisiúnta, a sheol mé níos luaithe i mbliana.”
Tacóidh an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus an Ciste um Struchtúir Stairiúla le húinéirí agus le caomhnóirí struchtúr atá faoi chosaint i ngach ceantar údaráis áitiúil ar fud na tíre. Le chéile, cabhróidh na scéimeanna leis na céadta tionscadal beag dlúthshaothair chomh maith le tionscadail ar scála mór chun ár dtimpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú agus a chaomhnú. Tabharfaidh na tionscadail seo tacaíocht shuntasach do phoist áitiúla i gcaomhnú agus i scileanna traidisiúnta.
Áirítear leis an maoiniú a d’fhógair an tAire Noonan €4.5 milliún san iomlán don Scéim Infheistíochta do Oidhreacht Thógtha, agus €4.5 milliún don Chiste um Struchtúir Stairiúla.
Beidh dhá shruth sa Chiste um Struchtúir Stairiúla 2023 a tugadh isteach den chéad uair in 2021: ceann amháin do struchtúir dhúchasacha agus ceann eile d’aghaidheanna siopa stairiúla.
Cuirfidh an sruth dúchasach maoiniú iomlán de €150,000 ar fáil le haghaidh deisiúcháin chaomhantais agus oibreacha caipitil beaga ar struchtúir dhúchasacha incháilithe – struchtúir a thógtar trí mhodhanna traidisiúnta áitiúla (féach ar an nóta thíos) - nach bhfuil liostaithe in Taifid ar Dhéanmhais Chosanta an údaráis áitiúil nó atá faoi chosaint ar shlí eile ó thaobh an dlí de.
Áirítear leis an sruth aghaidhe siopa, a bhíonn ag reáchtáil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, maoiniú comhroinnte de €50,000 chun aghaidheanna siopa i nGaeilge a chaomhnú.
Áireofar sa Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2023 maoiniú imfhálaithe de €500,000 le haghaidh deisiúcháin chaomhantais ar struchtúir tuí stairiúla chun cúnamh airgeadais atá ar fáil d’úinéirí den sórt sin a uasmhéadú, rud a chuideoidh leo costais eile a fhritháireamh.
In 2022, maoiníodh 594 thionscadal leis an dá scéim, ó mhiondeisiú riachtanacha ar earraí uisce báistí go deisiú dín ar mhórscála. Tionscadal amháin dá leithéid, a maoiníodh thar dhá bhliain, ná deisiú agus caomhnú 62 fuinneog i dTeach Bhéal na mBuillí, Ros Comáin. Bhí an tionscadal seo le feiceáil le déanaí in eipeasóid de Great Irish Interiors ar RTÉ.
Tá na hiarratais ar oscailt anois agus mairfidh siad go dtí an 31 Eanáir 2023. Tá sonraí na scéimeanna agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil ar shuíomhanna gréasáin uile na
n-údarás áitiúil agus ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Ag labhairt dó faoin seoladh inniu, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD:
“Ní fhéadfaí áibhéil a dhéanamh faoin tábhacht a bhaineann lenár dtimpeallacht thógtha stairiúil: is dlúthchuid dár gcultúr agus dár n-ómós áite é agus tá sé thar a bheith tábhachtach dár ngeilleagair áitiúla. Tá sé de fhreagracht chomhroinnte orainn a chinntiú go gcuirfear an oidhreacht seo ar aghaidh chuig na glúine atá le teacht. In éineacht le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Malcolm Noonan, TD, bhí ríméad orm méadú a fháil ar Bhuiséad 2023 chun an chéad bhabhta infheistíochta eile a éascú chun ár n-oidhreacht thógtha a chaomhnú. Leis an maoiniú seo, beifear in ann tabhairt faoi thionscadail nua agus spreagúla caomhantais sa bhliain amach romhainn.”
Ag cur le tuairimí an Aire O’Brien, dúirt an tAire Stáit don Rialtas Áitiúil, Peter Burke TD:
“Is iontach an rud é comhoibriú leanúnach an rialtais láir agus áitiúil a fheiceáil ag obair le húinéirí chun dul chun cinn a dhéanamh ar thionscadail oidhreachta tógtha ar fud na tíre, ag cinntiú go gcosnaítear ár n-oidhreacht mar shócmhainn phobail. A bhuí le hobair na Roinne agus na n-údarás áitiúil, cosnaítear leis na scéimeanna seo ár n-oidhreacht agus neartaítear leo ár bhféiniúlacht chomhroinnte mar bhaill de phobail áitiúla.”
CRÍOCH
Is téarma ailtireachta é ‘Dúchasach’ a thagraíonn do thógáil a dhéantar lasmuigh de thraidisiún foirmiúil acadúil ar bith. Laistigh de chomhthéacs na hÉireann, tagraíonn sé do thithe, d’fhoirgnimh, do struchtúir agus do ghnéithe a thóg ‘gnáthdhaoine’, mar aon lena gcomharsana, ag baint úsáid as smaointe agus modhanna a seachadadh ar aghaidh laistigh de theaghlaigh agus de phobail. Tá ár n-oidhreacht dhúchasach ríthábhachtach do shainiúlacht áitiúil agus tugtar léi a gcarachtar do thírdhreacha na háite. Níl go leor cónaitheoirí uirbeacha ach cúpla glúin as tithe dúchasacha, agus mar sin tá leas ag gach duine ina marthanais.