Léiriú cruthaitheach agus taispeántais nua chun cothrom céad bliain Chonradh Angla-Éireannach 1921 a cheiliúradh
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán clár imeachtaí inniu (Dé Máirt 7 Meán Fómhair 2021) chun cothrom céad bliain ghnéithe éagsúla den Chonradh Angla-Éireannach a síníodh ar an 6 Nollaig 1921 a cheiliúradh.
Cuireann an Clár béim ar chuid de na príomhimeachtaí náisiúnta a bheidh ar siúl chun cothrom céad bliain ócáidí éagsúla a bhaineann leis an gConradh a cheiliúradh. Léireofar doiciméad an Chonartha go poiblí den chéad uair ó síníodh é 100 bliain ó shin i dtaispeántas de chuid an Chartlann Náisiúnta i dTeach an Chóiste i gCaisleán Bhaile Átha Cliath níos déanaí i mbliana.
Léirítear roinnt imeachtaí agus tionscnamh tábhachtach eile sa chlár chomh maith a scrúdaíonn gnéithe éagsúla den doiciméad bunaidh seo agus a dhéanann ceiliúradh ar chothrom céad bliain ócáidí éagsúla a bhaineann le síniú an Chonartha. Spreagann sé an pobal chun iniúchadh a dhéanamh ar na scéalta a bhaineann leis an gConradh agus teacht ar an ábhar saibhir atá á thacú, á fhorbairt agus á sheachadadh mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023. I measc na dtionscnamh seo beidh taispeántais, léachtaí, eispéiris nua amharclainne, ceol nua, tionscadail dhigitithe ar mhórscála agus ábhar iontach ar líne.
Thapaigh an tAire Martin an deis a thug fógairt an chláir di cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta chun réamhspléachadh a fháil ar an gConradh.
Dúirt an tAire Martin:
“Ócáid shuntasach is ea é an comóradh céad bliain seo inár stair chomhroinnte agus is air seo go príomha a dhíreoidh Clár Dheich mbliana na gCuimneachán i mbliana. Is aistear pearsanta i gcuimhne an teaghlaigh é chomh maith do ghaolta na bhfear agus na mban a ghlac páirt i dtoscaireachtaí idirbheartaíochta an Chonartha ar son na hÉireann agus na Breataine. Ba mhian liom a chinntiú go mbeadh rud éigin sa Chlár a mbeadh spéis ag gach duine ann. Ní gá duit a bheith i do staraí nó i do shaineolaí ar an tréimhse staire seo chun meas a bheith agat ar na scéalta éagsúla a ghabhann leis an doiciméad tábhachtach seo agus an tionchar a bhí aige ar imeachtaí ó shin i leith.”
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
“Tá súil agam go n-aimseoidh daoine rud éigin nua sa mhéid a chuirfear i láthair inniu agus go n-aimseoidh siad rud a chuirfidh siad spéis ann ar go leor leibhéil éagsúla. Ó cuireadh tús le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán in 2012, tá iarracht á déanamh ag an Stát chun a chinntiú gurb iad cruinneas stairiúil, ardchaighdeán acadúil agus fionnachtain cartlainne mar bhunphrionsabail an chláir chuimhneacháin. Léiríonn an clár imeachtaí seo chun an Conradh a chomóradh an t-éiteas seo agus taispeánann sé an t-ábhar saibhir a bhaineann leis an doiciméad lárnach seo atá le feiceáil anois inár gcuid Forais Náisiúnta Cultúir. Óstálfaidh an Chartlann Náisiúnta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann araon taispeántais spreagúla agus cheannródaíocha faoi ghnéithe éagsúla den Chonradh le hábhar nach bhfacthas roimhe seo. Molaim do gach duine a bhfuil spéis acu i stair, i gcúrsaí reatha agus i dtodhchaí na tíre seo na taispeántais agus na peirspictíochtaí nua seo a iniúchadh”.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:
“Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit don náisiún i bhfoirm a thaifid scríofa. Is iomchuí go ndéanfaimis cothrom céad bliain shíniú an Chonartha a cheiliúradh trí thaispeántas mór taifead atá inár seilbh a chur i láthair maidir le caibidlíocht agus síniú an Chonartha. Cuirfear an Conradh ag croílár an chur i láthair agus taispeánfar cáipéisí suntasacha ó bhailiúcháin an Chartlann Náisiúnta go poiblí den chéad uair. Tá mé féin agus mo chomhghleacaithe ag súil go mbainfidh an pobal taitneamh as féachaint ar na bailiúcháin shaibhre seo”.
Mhol an tAire Martin cruthaitheacht na n-ealaíontóirí agus na gceoltóirí a bhfuil baint acu leis an gClár seo chomh maith.
“Is ábhar misnigh dom a fheiceáil go spreagann Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán chun saothar nua iontacha a chruthú. Cuirfidh an cur chuige nuálach atá ag Léiriúcháin ANU agus iad ag obair leis an bhfile Theo Dorgan chun díospóireachtaí an chonartha a chur ar stáitse sa Cheoláras Náisiúnta beocht sa nóiméad tábhachtach seo inár gcuid staire ar bhealach speisialta. Tabharfaidh an Ceoláras Náisiúnta cuireadh do mhórcheoltóirí agus scríbhneoirí amhrán de chuid na hÉireann machnamh a dhéanamh ar na daoine a ghlac páirt sna díospóireachtaí agus portráidí de ghlúin a chruthú in am nuair a bhí athruithe móra ag tarlú, ag críochnú le ceolchoirm i mí na Nollag chun an saothar seo a thaispeáint. Táim ag tnúth le léiriúchán Chompántas Drámaíochta Fishamble de “The Treaty” le Colin Murphy a fheiceáil a thugann léargas ar shaol na ndaoine a ghlac páirt i gcaibidlíocht an Chonartha."
Dúirt Theo Dorgan,
“Trí léiriú ANU, cuirtear ar ár gcumas aghaidh a thabhairt ar ár gcuid staire mar a bhí sí i ndáiríre, na hargóintí a chloisteáil agus an stair a fheiceáil mar a bheadh sí ag tarlú anois. Ach le himeacht ama, leis an méid atá foghlamtha againn le céad bliain anuas, tá an deis againn freagraí nua a fháil ar sheancheisteanna, tá an deis againn machnamh a dhéanamh, cneasú agus bogadh ar aghaidh."
Tá roinnt imeachtaí sa chlár a seoladh inniu a óstálfaidh Ambasáid na hÉireann i Londain lena n-áirítear taispeántas de Phortráidí Chonradh Angla-Éireannach John Lavery i gcomhar le Gailearaí Hugh Lane, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus Áras an Uachtaráin agus taispeántas dar teideal An Conradh, 1921: Taifid don Chartlann i gcomhpháirtíocht leis an gCartlann Náisiúnta, Acadamh na Breataine agus Cartlann Náisiúnta na RA.
Cuimsíonn an Clár treoir d’acmhainní éagsúla ar líne dóibh siúd ar mian leo tuilleadh eolais a fháil faoin nóiméad ríthábhachtach seo inár gcuid staire.
Nóta d’Eagarthóirí
I measc na dtionscnamh seo beidh taispeántais, léachtaí, eispéiris nua amharclainne, ceol nua, tionscadail dhigitithe ar mhórscála agus ábhar iontach ar líne.
Tá grianghraif sa cheangaltán den chuairt a thug an tAire Martin inniu ar an gCartlann Náisiúnta chun réamhspléachadh a fháil ar an gConradh. Tá na sonraí go léir atá ar fáil sa Chlár ar líne. Sa chás nach bhfuil nasc chun rudaí a fheiceáil ar líne nó sonraí eile ar fáil fós, uaslódáilfear iad de réir mar a bheidh sonraí ar fáil sna seachtainí atá romhainn. Ba chóir dóibh siúd ar spéis leo freastal ar na himeachtaí seo an Clár a sheiceáil sna seachtainí atá romhainn. gov.ie/treaty
Chun féachaint ar Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021 a foilsíodh níos luaithe i mbliana, brúigh ar an nasc thíos: