Liosanna agus Cloigthithe – iarrtar ar an bpobal Ár nOidhreacht a Chosaint agus díobháil ar shuíomhanna oidhreachta ag méadú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
- Ardóidh an feachtas feasacht ar shuíomhanna luachmhara oidhreachta in Éirinn agus cuirfidh ina luí ar dhaoine bheith cúramach agus iad ag cuardach an samhradh seo
- Tá fianaise le déanaí faoi ghraifítí agus iompar míshóisialta ag cuid de na séadchomharthaí náisiúnta is suntasaí in Éirinn
Tá feachtas nua dar teideal Ár nOidhreacht a Chosaint seolta ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta). Léiríonn an feachtas gur gá do chuairteoirí ar shuíomhanna oidhreachta agus séadchomharthaí le linn an tsamhraidh a bheith cúramach maidir le gach a ndéanann siad. Meabhraíonn an feachtas, a sheol an tAire Oidhreachta agus Athchóirithe Toghchánach, Malcolm Noonan TD, agus an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, TD, don phobal go bhfuil sé tábhachtach na suíomhanna seandálaíochta agus ailtireachta ar fud na tíre a chosaint, toisc go bhfuil cuid mhór acu fíorleochaileach.
Tá breis agus 145,000 séadchomhartha seandálaíochta ar taifead ar fud na tíre, idir shuíomhanna poiblí agus príobháideacha. Léiríonn an taighde is déanaí go raibh daoine ar marthan in Éirinn breis agus 10,000 bliain ó shin. Imeasc na cineálacha seandálaíochta in Éirinn tá tuamaí meigiliteacha, liagchiorcail, galláin, ealaín charraige, imfháluithe eaglasta, eaglaisí, reiligí, liosanna, uaimheanna talún, crannóga agus caisleáin.
Tá eolas ar an bhfeachtas ar fáil ag gov.ie/opw
Agus daoine ag baint taitneamh as an samhradh ag cuardach ar fud Éireann, molann an dá Roinn go dtabharfadh daoine cuairt ar an iliomad suíomhanna oidhreachta atá ar fáil agus ach go háirithe aird a thabhairt ar chomh leochaileach agus soghonta atá mórán de na suíomhanna seo. Tá finaise le déanaí ar ghraifítí agus iompar míshóisialta ar chuid de na suíomhanna seo is suntasaí, uaimheanna agus reiligí ina measc. Is léir uaidh seo gur gá do dhaoine meas níos mó a bheith acu ar na suíomhanna seo. Féadfaidh díobháil ar chuid de na suíomhanna seo iarsmaí seandálaíochta a chur i mbaol. Mar shampla, féadfaidh tinte beaga agus cur isteach ar an dtalamh, fiú más gan aon drochintinn é, an-díobháil agus díothú a dhéanamh ar shéadchomharthaí.
Is leithleach san Eoraip í tuath na hÉireann maidir leis an líon séadchomharthaí a mhaireann fós ón seanaimsir. Is aidhm don bhfeachtas seo tuiscint agus meas ar na séadchomharthaí seo a leathnú ionas gur féidir linn uile a chinntiú go ndéanfar cosaint orthu dóibh siúd a thiocfaidh inár ndiaidh.
Dúirt an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Malcolm Noonan TD:
“Tá breis agus 145,000 suíomh seandálaíochta agus séadchomhartha ar taifead in Éirinn, scaipthe i ngach baile mór, paróiste agus baile fearann ar fud na tíre. Mar sin, is beag áit nach bhfuil cóngarach do nasc speisialta lenár sinsir agus lenár stair. Is féidir linn go léir a bheith mórtasach as an oidhreacht seo agus páirt a ghlacadh um a shábháil don ghlún seo agus do na glúin a thiocfaidh inár ndiaidh. Molaim do gach duine a thugann cuairt ar shuíomh oidhreachta nó ar shéadchomhartha an samhradh seo aird a thabhairt ar a n-iompar maidir leis na suíomhanna seo.”
Dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, TD:
“Is sainmhíniú céannachta againn ár n-oidhreacht – cé hiad sinne agus cad as a thángamar – agus foinse criticiúil um oideachas agus oiliúint. Léiríonn sí an timpeallacht inar mhair ár sinsir – idir an saol laethúil agus ócáidí speisialta. Is gné tábhachtach turasóireachta í an oidhreacht freisin, go háirithe i gceantair faoin dtuath, mar sin ní mór dúinn teacht le chéile chun í a chosaint.”
Is féidir linn bheith bródúil as na séadchomharthaí seandálaíochta atá againn; léiríonn siad dúchas, comharsanacht agus comhchéannacht i bpobail ar fud na tíre. Féadfaidh siad aoibhneas agus iontas a chothú ionainn. Is féidir linn oibriú as láimh a chéile chun iad a chaomhnú do na glúin atá romhainn – díreach mar is breá linn iad inniu. Le do thoil, bí cúramach an chéad uair eile a thugann tú cuairt ar cheann de na suíomhanna luachmhara seandálaíochta atá againn.
-CRÍOCH-
Urlabhróirí ar fáil
Faoi na hAchtanna um Shéadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014, tá freagracht foriomlán um oidhreacht seandálaíochta a chosaint agus gníomhaíochtaí seandálaíochta a rialú ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; feidhmíonn Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) na freagrachtaí seo thar ceann an Aire.
Tá OPW freagrach as buanchoimeád, cosaint, cothabháil, caomhnú, bainistiú agus cur i láthair na Séadchomharthaí Náisiúnta atá faoi chúram an Stáit. Soláthraíonn na seandálaithe sa tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí (Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta) ionchur seandálaíochta maidir le cúram, caomhnú, cur i láthair agus léirmhíniúchán ar na séadchomharthaí náisiúnta atá faoi chúram an Stáit agus oibríonn siad go dlúth le OPW.