Meabhraíonn an tAire Heydon do ghnólachtaí Agraibhia athruithe breise ar Shocruithe Trádála leis an mBreatain Mhór ón 1 Aibreán 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'áitigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu ar oibreoirí gnó bia a onnmhairíonn táirgí chun na Breataine Móire ullmhú do na riachtanais nua um dheimhniú sláinte a thabharfaidh Rialtas na RA isteach an 1 Aibreán 2021 .
Ag labhairt dó ag an 19ú cruinniú de Choiste Comhairleach na bPáirtithe Leasmhara maidir leis an mBreatimeacht, inar tugadh nuashonrú mionsonraithe ar na riachtanais nua do pháirtithe leasmhara, d’admhaigh an tAire na deacrachtaí atá amach romhainn. Dúirt sé,
“Is dúshlán an-suntasach é seo, agus leanfaidh m’oifigigh de bheith ag plé go dian leis an tionscal sna seachtainí amach romhainn chun a chinntiú go mbeidh córais i bhfeidhm chun deimhniú sláinte onnmhairithe a sholáthar ar an scála is gá. Beidh ról ríthábhachtach ag an tionscal freisin chun a chinntiú gur féidir na riachtanais shuntasacha seo a chomhlíonadh. Tuigim go maith na hábhair imní atá ag na tionscail feola agus déiríochta, mar shampla, maidir leis an ualach riaracháin breise a thiocfaidh as trádáil leis an mBreatain Mhór. Tá mo Roinnse agus mé féin ag iarraidh a chinntiú, áfach, gur féidir le gach gnó agraibhia leanúint ar aghaidh ag trádáil lena gcustaiméirí luachmhara sa RA sa todhchaí."
Rinne an tAire machnamh go bhfuilimid anois beagnach dhá mhí i gcaidreamh trádála buan nua leis an mBreatain Mhór, le Custaim agus rialaithe SPS mar chuid den ghnáthghnó. Go dtí seo, chonacthas méideanna allmhairí i bhfad níos ísle ná mar is gnách, i dtéarmaí foriomlána agus i leith earraí agraibhia atá faoi réir rialuithe Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (SPS). Dúirt an tAire,
“Trí chéile, tá ullmhúcháin mhaithe déanta ag na hoibreoirí atá freagrach as coinsíneachtaí mar iarracht ceanglais an AE a chomhlíonadh. É sin ráite, bhí fadhbanna ann le réamhfhógra agus doiciméadú a d’fhág gur cuireadh moill ar roinnt feithiclí agus coinníodh roinnt coinsíneachtaí, go dtí go bhféadfaí na saincheisteanna a réiteach. Leanfaidh an Roinn de bheith ag plé le hoibreoirí de réir mar a thagann na saincheisteanna seo chun cinn."
Thapaigh an tAire an deis freisin a mheabhrú do ghnólachtaí go mbeidh orthu, chomh maith le riachtanais SPS, foirmiúlachtaí Custaim a chomhlíonadh.
Chuala an Coiste nuashonruithe freisin ón Roinn Gnóthaí Eachtracha i ndáil le hoibriú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, agus i ndáil le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.
Mar fhocal scoir, thug an tAire dá aire go bhfuil cumarsáid le páirtithe leasmhara fós ina cuid thábhachtach d’obair na Roinne maidir leis an mBreatimeacht, agus go leanfaidh an dian-chomhar sin ina leith sin sna seachtainí amach romhainn.
Mhol sé chomh maith do gach gnó teagmháil a dhéanamh le seoladh ríomhphoist tiomnaithe na Roinne brexitcall@agricuture.gov.ie nó ar an teileafón, ag 076 106 4443, le haon cheisteanna a bhaineann leis an mBreatimeacht. Tá comhairle agus acmhainní mionsonraithe ar fáil freisin ar láithreán gréasáin Rialtas na hÉireann ag: Ag ullmhú do Rialuithe Allmhairithe nua na RA (1 Aibreán, 1 Iúil) , agus ar láithreán gréasáin na Roinne ag: Ag onnmhairiú go dtí an Ríocht Aontaithe as Éirinn
CRÍOCH