Ráitis N & P go dtí an Déardaoin 30 Aibreán 2020 ar fáil anois
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta Bia, agus Mara go bhfuil ráitis eatramhacha Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) don tréimhse ó Eanáir go Aibreán 2020 ar fáil anois ar chóras ar-líne na Roinne ag www.agfood.ie.
Tá na ráitis seo an-úsáideach d'fheirmeoirí le gur féidir pleanáil don chuid eile den bhliain, ionas gur féidir a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le teorainneacha na Rialachán Níotráití, trína seachnófar pionóis mar gheall ar na teorainneacha 170 kg Nítrigine an heicteár nó an teorainn dóibh sin a bhfuil maolú faofa 250 kg Nítrigine an heicteár acu a bheith á sárú.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Chun uimhir fón póca a chlárú le haghaidh foláirimh téacs SMS amach anseo téigh chuig www.agriculture.gov.ie/contactsupdates chun teacht ar an bhfoirm cláraithe.
CRÍOCH