Sonraí maidir le scéim Íocaíochta Mairteola Réidhe €50 milliún fógartha ag Calleary
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Dara Calleary TD, sonraí ar an Íocaíocht Mairteola Réidhe (BFP), scéim €50 milliún atá maoinithe ag an Státchiste lena haghaidh chun tacaíocht ioncaim a chur ar fáil do suas le 42,000 feirmeoir a bhfuil fiontair mhairteola réidhe acu agus a raibh tionchar ag éifeachtaí eacnamaíochta phaindéim COVID-19 orthu.
Dúirt an tAire Calleary:
"Tuigim go maith na deacrachtaí atá ag cur isteach ar earnáil mairteola na hÉireann de bharr COVID-19 mar aon leis na hiarmhairtí atá ann d'fheirmeoireacht mairteola agus do gheilleagar na tuaithe ina iomlán. D'fhulaing feirmeoirí a bhfuil ainmhithe réidhe acu de bharr praghsanna íslithe agus srianta eile i ndáil le hainmhithe a thabhairt chun margaidh. Bhí tionchar suntasach ag dúnadh na margaí seirbhíse bia in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus níos faide i gcéin ar an tionscal agus go háirithe orthu sin a sholáthraíonn don mhargadh chun slí bheatha a bhaint amach.
"Cuideoidh an tacaíocht spriocdhírithe seo le feirmeoirí a raibh eallach réitithe acu le linn na tréimhse idir an 1 Feabhra agus an 12 Meitheamh 2020 na tionchair eacnamaíochta de bharr phaindéim COVID-19 a mhaolú do na feirmeoirí sin agus tacaíocht ioncaim bhreise luachmhar a chur ar fáil i mbliana. Is gníomhaíocht eacnamaíochta thábhachtach í feirmeoireacht mairteola a bhfuil éifeacht iolraitheora aici i bpobail thuaithe, mar sin, tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh na pobail seo a choinneáil ag imeacht fad agus atáimid ag obair i dtreo téarnamh eacnamaíochta."
Tá an beartas seo dírithe ar fheirmeoirí a raibh ainmhithe réidhe acu agus tagann sa bhreis ar ardú suntasach a rinneadh ar thacaíochtaí eacnamaíochta agus leasa spriocdhírithe i ndáil le táirgeadh na mbó diúil níos luaithe sa bhliain, i bhfoirm scéim na mBó Diúil BEEP.
Thug an tAire Calleary ar aird cé go bhfuil an scéim maoinithe ag státchiste na hÉireann, go bhfuil sonraí na scéime curtha in iúl don Choimisiún Eorpach de réir Chreat Cúnaimh Stáit Sealadach COVID-19.
Beidh tuairim is 42,000 feirmeoir i dteideal iarratas a dhéanamh ar an scéim, a bheidh bunaithe ar an líon eallaigh a cuireadh ar aghaidh lena marú sa tréimhse idir an 1 Feabhra agus an 12 Meitheamh 2020, agus beidh sin faoi réir teorann de 100 ainmhí an tréada. Íocfar thart ar €100 in aghaidh an ainmhí bunaithe ar mheastacháin na n-ainmhithe incháilithe.
Sa chás go bhfuil ró-éileamh i gceist leis an scéim, beidh an ráta íocaíochta in aghaidh an ainmhí faoi réir ciorraithe líneacha chun an buiséad €50 milliún atá ar fáil a chomhlíonadh.
Beifear in ann iarratas a dhéanamh ón 19 Lúnasa 2020 agus is é an 9 Meán Fómhair 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Cuirfear sonraí an bheartais lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil ar www.agriculture.gov.ie/farmerschemesandpayments/BFP in am trátha.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne tríd an tairseach agfood.ie.
CRÍOCH
Chun cúnamh a fháil chun clárú ar www.agfood.ie ar dtús sula ndéantar iarratas ar líne, is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach Clárúcháin AgFood ar 0761 064424. Is féidir leo glaoch ar an uimhir sin chomh maith má tá cúnamh ag teastáil uathu comhairleoir talmhaíochta nó comhairleoir Teagasc a chlárú chun iarratas a dhéanamh thar a gceann.