Spriocdháta maidir le síneadh BDGP ag teannadh linn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfaighidh rannpháirtithe incháilithe nach bhfuil teagmháil déanta acu lena Roinn go dtí seo lena spéis a léiriú maidir le leanúint leis an gClár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola (BDGP) don bhliain 2021 teachtaireacht téacs SMS inniu óna Roinn.
"Táim sásta leis an líon daoine a bhfuil sé socraithe acu leanúint de bheith páirteach sna scéimeanna in 2021 fad agus atá an CAP nua á thabhairt chun críche. Ba mhaith liom chomh maith a chur i gcuimhne do dhuine ar bith atá páirteach i BDGP agus nár chuir freagra go dtí seo gurb é an 15 Eanáir 2021 an dáta deiridh le freagra a sheoladh."
Tá freagra tugtha ag 55% de rannpháirtithe incháilithe go dtí seo agus tá iarratas déanta ag 98% díobh sin le fanacht sa scéim don bhliain 2021. Inniu seolfar teachtaireacht téacs chuig duine ar bith nach bhfuil freagra tugtha acu lena fháil amach an bhfuil sé i gceist acu síneadh bliana a chur lena rannpháirtíocht i BDGP, agus an rogha acu freagra ‘DAFM Y ’ (le haghaidh Tá) nó ‘DAFM N ’ (le haghaidh Níl) a thabhairt. Beidh 3 lá acu ón am a bhfaightear an teachtaireacht téacs chun freagra a thabhairt. Ní féidir teachtaireacht téacs a eisiúint ach amháin sa chás go bhfuil uimhir fón póca bhailí ar taifead ag an Roinn don fheirmeoir sin.
Dúirt an tAire chomh maith,
“Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an scéim seo don phobal feirmeoireachta. Ní hamháin go dtugann sé cúnamh mór airgeadais d'fheirmeoirí aonair agus do gheilleagar na tuaithe i gcoitinne agus os cionn €254 milliún íoctha ó bunaíodh í in 2015, ach cuidíonn an scéim freisin le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú agus, ag an am céanna, teicneolaíocht ghéiniteach a thabhairt isteach sa tréad náisiúnta chun feabhas a chur ar bhrabúsacht feirmeacha.
Tá íocaíochtaí ar fiú breis agus €37.8 milliún iad eisithe cheana féin i ndáil le BDGP don bhliain 2020 agus íocaíocht €1,800 ar an meán íoctha in aghaidh an rannpháirtí. Maidir leo sin atá incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar an rannpháirtíocht bhreise, ní mórán eile atá le déanamh acu chun na riachtanais a shásamh do 2021."
Nóta d'Eagarthóirí:
• Seoladh litreacha chuig na feirmeoirí iomchuí ón tseachtain dar tús an 14 Nollaig 2020 ag tabhairt deis dóibh iarratas a dhéanamh ar bhliain eile den BDGP agus leagadh amach na riachtanais don bhliain 2021 atá mar an gcéanna, a bheag nó a mhór, leis na cinn don bhliain 2020.
• Beidh an próiseas iarratais oscailte suas go dtí an Aoine an 15 Eanáir 2021, an dáta sin san áireamh, agus bhí an fhaisnéis ábhartha san áireamh sna litreacha a seoladh chuig feirmeoirí.
• Is féidir le feirmeoirí iarratas a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie
• Ba cheart ceist ar bith a sheoladh chuig Rannán na Scéimeanna Mairteola agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 0761 064423 nó ar ríomhphost ar BeefSchemes@agriculture.gov.ie
CRÍOCH