Tionólann an Coimisiún Tithíochta a chéad chruinniú
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhreastail an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien, TD ar an gcéad chruinniú den Choimisiún Tithíochta nuabhunaithe inniu. Is é John O'Connor, Iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Tithíochta, Cathaoirleach an Choimisiúin. Comhlíonann bunú an Choimisiúin na gealltanais a tugadh sa Chlár Rialtais agus in Tithíocht do Chách, plean náisiúnta an Rialtais ar thithíocht go dtí 2030.
Scrúdóidh an Coimisiún beartas tithíochta fadtéarmach, tar éis 2030, agus tabharfaidh sé tuairisc don Rialtas ar conas tógáil ar athruithe beartais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith faoi Tithíocht do Chách. Samhlaítear go nglacfaidh an Stát cur chuige tras-rialtais agus marthanach i dtreo an bheartais tithíochta, agus go mbeidh ról aige sa Stát ag baint amach tithe ardchaighdeáin inacmhainne do chách.
Beidh sé de chúram ar an gCoimisiún na nithe seo a leanas a scrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
Cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha ar na réimsí sin faoi bhráid an Aire faoi dheireadh mhí Iúil 2023.
Ag freastal ar an gcéad chruinniú inniu, dúirt an tAire O’Brien:
"Aithníonn an Rialtas an gá atá le cur chuige fadtéarmach i leith polasaí tithíochta, cur chuige marthanach a sháraíonn athruithe rialtais. Ní mór dúinn comhdhearcadh a thógáil maidir le conas a thugaimid aghaidh ar ár gcuid saincheisteanna tithíochta. Sin an fáth, mar atá geallta faoi Tithíocht do Chách agus faoin gClár Rialtais, go bhfuil Coimisiún Tithíochta bunaithe againn, a thosóidh anois ag scrúdú saincheisteanna fadtéarmacha maidir le beartas tithíochta.
"Breathnóidh an Coimisiún ar shaincheisteanna tábhachtacha cosúil le tionacht tithíochta, costas, cáilíocht agus soláthar, costas cóiríochta príobháidí ar cíos agus tithíocht shóisialta. Táim ag tnúth lena chuid oibre a fháil agus lena chinntiú go mbeidh sé mar bhonn eolais do bheartas tithíochta fadtéarmach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí as ucht a bheith ina gcomhaltaí agus ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an gCoimisiún lena chuid oibre.”
Dúirt John O’Connor, Cathaoirleach an Choimisiúin:
"Tá tiomantas agus fócas iontach i measc na gcomhaltaí agus tá an Coimisiún réidh le tosú ar a chlár oibre tábhachtach.
"Mar Chathaoirleach, tá sé ar intinn agam oibriú le comhaltaí eile an Choimisiúin chun a chinntiú go seachadaimid a Théarmaí Tagartha agus go gcuirfimid réitigh ar fáil maidir le conas a chruthaímid córas tithíochta inbhuanaithe, ag seachadadh na dtithe ardchaighdeáin atá ag teastáil, go fadtéarmach."
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gcoimisiún a fháil ag gov.ie/coimisiuntithiochta.
Tá an Coimisiún comhdhéanta de 12 chomhalta: An tUasal John O'Connor (Cathaoirleach); beirt shaineolaithe idirnáisiúnta, arna gceapadh ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; agus naonúr comhalta eile, a roghnaíodh tar éis próisis léirithe spéise a fógraíodh go poiblí. Rinne painéal measúnaithe moltaí don Aire, a cheap na comhaltaí seo.
I measc chomhaltaí an Choimisiúin tá:
Le linn obair an Choimisiúin, rachaidh an Coimisiún agus/nó a fhochoistí i gcomhairle le saineolaithe seachtracha agus le páirtithe leasmhara seachtracha agus beidh ról tábhachtach acu chun comhdhearcadh a thógáil ar shaincheisteanna tithíochta. Cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha ar na réimsí sin faoi bhráid an Aire faoi dheireadh mhí Iúil 2023.
Tagraíonn Iúil 2023 don dáta is déanaí faoina bhféadfar tuarascálacha a thabhairt chun críche agus ní chuireann sé bac ar thuairisciú níos luaithe. Is faoin gCoimisiún a bhreithniú cibé a bheidh sé indéanta tuairisciú níos luaithe ná an dáta sin.
Tá Tithíocht do Chách, plean náisiúnta an Rialtais maidir le tithíocht go dtí 2030, tiomanta do Choimisiún Tithíochta a bhunú: “Coimisiún ar Thithíocht a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna lena n-áirítear caighdeáin, inbhuanaitheacht agus saincheisteanna cáilíochta saoil i soláthar tithíochta”, le amlíne de R4 2021.
Tá an Clár Rialtais tiomanta chomh maith do Choimisiún Tithíochta a bhunú i mbliana chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna amhail tionacht, caighdeáin, inbhuanaitheacht agus saincheisteanna maidir le cáilíocht na beatha i soláthar tithíochta, a mbíonn tionchair fhadtéarmacha acu uile ar phobail. Tá gealltanas ann freisin go reáchtálfar reifreann ar thithíocht. Tá sé beartaithe go dtabharfaidh an Coimisiún Tithíochta moltaí chun cinn maidir le foclaíocht an reifrinn.
Tá sonraí an ghlao ar léirithe spéise do chomhaltaí an choimisiúin (agus a théarmaí tagartha) le fáil anseo: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/a8791-commission-on-housing-expressions-of-interest-and-terms-of-reference/