27 Meán Fómhair 2022
Chuir an tAire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi, fáilte ó chroí inniu roimh an leithroinnt Bhuiséid de bhreis is €3.3 billiún le haghaidh na hEarnála Dlí agus Cirt i 2023 mar léiriú ar thiomantas daingean an Rialtais do phobail níos láidre agus níos sábháilte a thógáil.
Leis an gcistiú, atá níos mó ná riamh, déanfar an Garda Síochána a láidriú, agus tacófar leo, agus iad ag troid in aghaidh na coireachta agus ag cosaint pobal; cuirfear an cistiú is mó riamh ar fáil chun dul i ngleic leis an bhForéigean Baile, Gnéasach agus Inscne-bhunaithe trí Phlean Neamhfhulaingthe an Aire Nic an tSaoi a chur i bhfeidhm; agus cuideofar leis chun sraith athchóirithe suntasacha a bhaint amach ar fud na hearnála dlí agus cirt.
Leis an gcistiú tacófar, freisin, leis an sprioc Éire shábhailte, chothrom, uilechuimsitheach a bhaint amach agus cinnteofar go bhfaighidh pobail leochaileacha agus íospartaigh na coireachta an tacaíocht a bheidh ag teastáil uathu.
Leis an gcistiú suntasach seo – os cionn €3bn i gcaiteachas reatha móide €272m le haghaidh tograí caipitil – tógfar, freisin, ar an obair atá ar siúl cheana féin chun daoine óga a atreorú ó iompar coiriúil agus cuirfear béim ar an bhfíoras nach bhfuil aon tairbhe leis an gcoireacht.
Le Buiséad 2023 tacaítear, freisin, le riachtanais chriticiúla nuachóraithe agus digitithe ar fud na hearnála Dlí agus Cirt a leathadh amach agus coinnítear an ráta soláthair mhéadaithe foirne don Choimisiún um Chosaint Sonraí chun príobháideachas daoine aonair a chosaint.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi:
“Tá ag dul do gach éinne go mbeidís sábháilte agus go mbraithfidís sábháilte – agus táimid tiomanta do phobail níos láidre, níos sábháilte, a thógáil. Tiomantas soiléir atá i mBuiséad an lae inniu do phobail níos láidre, níos sábháilte, a thógáil; do thacú leis an nGarda Síochána agus dá láidriú, agus, freisin, do thacú le híospartaigh na coireachta agus an Fhoréigin Bhaile, Ghnéasaigh agus Inscne-bhunaithe.
“Aithnímid an éifeacht mhillteach a bhíonn ag an gcoireacht, ní amháin ar na daoine aonair a ndearnadh difear dá saol, ach ar an bpobal leathan. Táim tiomanta ní amháin do líon na nGardaí agus líon na mball foirne de na Gardaí a mhéadú, ach freisin d’infheistiú sna hacmhainní atá ag teastáil uathu chun a gcuid oibre ríthábhachtaí a dhéanamh, ag cosaint an phobail.
“Tá póilíniú sofheicthe thar a bheith tábhachtach maidir lena chinntiú go bhfuil pobail ar fud na tíre sábháilte agus go mbraitheann siad sábháilte.
“Feicfimid suas le 1,000 earcach nua Garda ag dul isteach i gColáiste na nGardaí sa Teampall Mór an bhliain seo chugainn, chomh maith le hearcú 430 ball foirne de na Gardaí chun Gardaí ar an líne thosaigh a shaoradh i gcomhair croí-dhualgas póilíneachta.
“Leis an bhfeachtas earcaíochta don Gharda Síochána i mbliana chonacthas 11,000 duine ag déanamh iarratais chun dul isteach sa tseirbhís – agus osclóimid feachtas eile an bhliain seo chugainn chun cuidiú linn deimhniú go mbeidh 200 earcach nua ag dul isteach sa Teampall Mór gach trí mhí i gcaitheamh na mblianta amach romhainn.
“Cuideoidh níos mó Gardaí, móide baill foirne bhreise de na Gardaí, le daoine chun go mbraithfidh siad níos sábháilte agus laghdófar an choireacht leo. Táimid ag cur níos mó airgid ar fáil, freisin, le haghaidh ragobair na nGardaí – agus ciallaíonn sé sin go ndéanfar Gardaí a imlonnú de réir mar a bheidh gá leo chun dul i ngleic leis an gcoireacht agus le hiompar frithshóisialta inár bpobail.
“Fógróidh mé go luath na hiarratasóirí rathúla tosaigh ar an gCiste Nuálaíochta Sábháilteachta Pobail. Bhunaigh an tAire Mac Craith agus mé féin an ciste sin chun na fáltais mhí-ionraice ón gcoireacht arna ngabháil ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla a ath-infheistiú i dtograí pobail. Tá an-áthas orm go ndéanfar an ciste a mhéadú 50 faoin gcéad an bhliain seo chugainn, go €3m, de bharr an Bhuiséid seo.
“Buntosaíocht domsa mar Aire Dlí agus Cirt is ea dul i ngleic leis an bhForéigean Baile, Gnéasach agus Inscne-bhunaithe – trí thacaíochtaí agus seirbhísí arna ndíriú ar an íospartach a chur ar fáil agus trína chinntiú go ngearrtar pionós ar lucht imeartha foréigin.
“Straitéis uaillmhianach 5 bliana atá i mo phlean Neamhfhulaingthe, a foilsíodh níos luaithe i mbliana, chun cuidiú leis an Neamhfhulaingt a bhaint amach inár sochaí i leith an chineáil uafásaigh sin foréigin agus drochúsáide.
“Mar Aire Dlí agus Cirt, is mise an príomh-Aire sa Rialtas le freagracht as an bhForéigean Baile, Gnéasach agus Inscne-bhunaithe, agus tá soláthar seirbhísí agus beartais araon faoin Roinn Dlí agus Cirt anois. Déanfaimid gníomhaireacht nua um fhoréigean baile a bhunú i 2023, agus beidh sé sin faoi lánseol in Eanáir 2024.
“Cuirtear €9m breise, méadú 22%, ar fáil do 2023 leis an mBuiséad seo – an cistiú is mó riamh chun dul i ngleic leis an bhforéigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe. Tacófar leis sin, freisin, leis an bplean Neamhfhulaingthe a chur i bhfeidhm.
“Áirítear sa €9 milliún sin cistiú méadaithe €7m d’eagraíochtaí arna gcistiú ag TUSLA chun aghaidh a thabhairt ar éilimh ghéara ar sheirbhísí, madir leis na seirbhísí atá ann faoi láthair ar fud na tíre, agus le haghaidh infheistíochta i seirbhísí nua arna leagan amach sa phlean Neamhfhulaingthe. Láidreoidh an cistiú sin na tacaíochtaí ar fud an náisiúin, freisin, agus cuideofar leis chun an luas a choimeád agus na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach sa straitéis náisiúnta á gcur i bhfeidhm.”
"Tá áthas ar an Aire Nic an tSaoi, chomh maith, agus ar na hAirí Ó Donnchú agus Mac Craith, a fhógairt go bhfuil táillí cúirte agus máil ar Orduithe Díolúine Speisialta le laghdú faoina leath, ó €410 go €205, chun tacú le gnólachtaí sa Gheilleagar Oíche.
“Tá an Rialtas tiomanta do thacú leis an ngeilleagar oíche – an iliomad ceoltóirí, ionad, tionscnóirí agus eagraithe ócáidí atá lárnach do shaol cultúrtha bríomhar a chruthú.
“Tá áthas an domhain orm a bheith á fhógairt inniu go mbeidh, ó mheán oíche anocht, an costas ar iarratas a dhéanamh ar Ordú Díolúine Speisialta – a bhíonn ag teastáil ó ionaid dhéanacha chun oscailt – le laghdú faoina leath.
“Tagann sé sin sna sála ar roinnt beart atá déanta againn chun tacú leis an ngeilleagar oíche, agus roimh athchóirithe ceadúnúcháin níos fadtéarmaí a fhógrófar nuair a fhoilseoidh mé Scéim Ghinearálta an Bhille um Dhíol Alcóil sna seachtainí beaga amach romhainn.”
Dúirt an tAire Stáit um Athchóiriú an Dlí, Séamus de Brúin, TD:
“Tá áthas orm a bheith ag cur €2.5m breise ar fáil i gcomhair beart i leith an aosa óig agus lena dtabharfar an infheistíocht iomlán i 2023 suas go beagnach €24m. Leis an gcistiú sin, tacófar le haidhm na Straitéise i leith an Aosa Óig tograí atreoraithe i leith an aosa óig a chlúdach go hiomlán ar fud na tíre go léir i gcaitheamh an dá bhliain atá amach romhainn, ionas gur féidir le gach leanbh a bhfuil na seirbhísí sin ag teastáil uathu rochtain a fháil orthu. Leis an gcistiú sin, tacófar le tionscnaimh chun gach pobal a dhéanamh níos sábháilte trí shaolta a athrú – ag stiúradh daoine óga ó dhrochroghanna agus ag cur oideachas, oiliúint agus tacaíochtaí fostaíochta ar fáil, chomh maith le gníomhaíochtaí forbartha pearsanta agus spóirt. I gcás daoine áirithe, is féidir leis na seirbhísí sin a bheith ina gcor cinniúnach lena mbristear an patrún iompar damáisteach agus lena gcuidítear le daoine óga leochaileacha barr a gcumais a bhaint amach.
“Tá an-áthas orm bunú an Údaráis Rialála Cearrbhachais a chur chun cinn, ar tiomantas tábhachtach sa Chlár Rialtais atá ann. Leis an leithroinnt bhreise €1m do 2023 tacófar leis an bPríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ainmnithe ina cuid oibre ullmhúcháin agus cuideofar lena chinntiú go mbeidh an tÚdarás in ann a chuid oibre a thosú go tapa i ndiaidh a bhunaithe. Táimid i bhfad níos gaire anois dá dheimhniú go mbeidh bearta nua-aimseartha éifeachtacha ceadúnúcháin agus rialála bunaithe don tionscal chun an dochar mór arb é an cearrbhachas fadhbach is cúis leis a laghdú.”
€2.14 billiún atá sa leithroinnt chomhlán iomlán do Vóta na nGardaí i 2023, méadú de bhreis is €78m.
Áirítear soláthar le haghaidh na nithe seo a leanas sa €78 milliún breise:
Dúirt an tAire Nic an tSaoi:
"Le méadú €21m ar an mbuiséad TFC tógfar ar shárobair an chláir nuachóirithe, ag forbairt teicneolaíocht cheannródaíoch nua chun tacú le Gardaí ar an líne thosaigh. Leis an gcistiú breise, beifear ábalta tús a chur leis an gclár um cheamaraí a chaitear ar an gcorp a fháil i 2023, freisin.
“Tá an-áthas orm, freisin, €7m a leithroinnt i 2023 chun tús a chur leis an bpróiseas chun aerárthach nua a chur in ionad an aerárthaigh sciatháin sheasta atá ag na Gardaí faoi láthair agus atá 26 bliain d’aois anois. Tá curtha in iúl ag an gCoimisinéir gur infheistíocht bhunriachtanach atá san aerárthach sin i gcumas faireachais chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe agus slándáil an Stáit a chosaint. Táthar ag súil leis go mbeidh an t-aerárthach nua faoi lánseol i 2024.”
Tá €63m breise á chur ar fáil i gcaiteachas reatha i gcomhair an vóta Dlí agus Cirt i 2023, a fhágann gur €545m atá sa leithroinnt chomhlán iomlán.
Agus í ag tagairt do chistiú breise €9.2m i gcomhair fhreagairt na Roinne Dlí agus Cirt ar ghéarchéim na hÚcráine, dúirt an tAire Nic an tSaoi:
“Táim an-bhródúil as freagairt mo Roinne ar an ngéarchéim sin, ar léiriú atá inti ar fhreagairt fhíor-thruachroíoch mhuintir na hÉireann. Cé go bhfuil go leor dúshlán ag eascairt as an gcogadh i gcónaí, go háirithe do mhuintir na hÚcráine, cinnteoidh an cistiú breise seo go mbeidh mo Roinnse ábalta leanúint uirthi ag déileáil go cineálta agus go héifeachtúil leis na hiarratais ar chosaint shealach.”
Lean an tAire uirthi:
“Tá mo Roinnse ag déileáil le roinnt dúshlán suntasach inár gcórais inimirce agus chosanta idirnáisiúnta, le hardú tagtha ar líon na n-iarratas tar éis phaindéim Covid, lena n-áirítear méadú mór ar iarratais chosanta idirnáisiúnta. Úsáidfear cistiú breise de €18m, geall leis, chun cur leis an éifeachtúlacht i bpróiseáil iarratas, chun an baol go bhfanfaidh daoine sa chóras ar feadh tréimhsí fada, agus éiginnteacht ann faoina stádas, a laghdú.”
Oifigeach Príosúin) thar réimse feidhmeanna, áiteanna breise le haghaidh príosúnach i bPríosún nua na mBan i Luimneach agus sciathán nua i bPríosún Luimnigh, a bheidh ag feidhmiú gan mhoill, agus é curtha in ionad an tseanphríosúin a théann siar chomh fada le 1821. Le cistiú méadaithe le haghaidh earcaíochta tacófar le freastal ar cheardlanna ríthábhachtacha oideachais agus oiliúna. Cuirfidh €2m breise solúbthacht ar fáil i leith freastail bhreise.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi:
“Tá áthas ar leith orm go gcuireann an pacáiste buiséid thart ar €12.5m ar fáil i gcaiteachas reatha breise le haghaidh Príosún.
“Táim bródúil as obair na foirne ar an líne thosaigh i Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus sa tSeirbhís Phromhaidh. Tá a gcuid oibre díograisí ríthábhachtach i gcóras ceartais choiriúil forásach a fhéachann thar pionóis chuig athshlánúchán agus ath-imeascadh éifeachtach.
“Leis an mBuiséad seo tá cistiú suntasach breise ann chun baill foirne breise a sholáthar, uaireanta breise agus TFC níos fearr do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann a chuirfidh ar ár gcumas acmhainn foirne a fhás agus rialachas a láidriú chun freastal ar riachtanais timpeallachta casta a mbíonn dúshláin ag roinnt léi go minic.
“Leis an leithroinnt mhéadaithe ar an tSeirbhís Phromhaidh tacófar le maoirseacht iarscaoilte a dhéanamh ar fhíorchoirpigh agus cuirfear leis an obair athshlánúcháin a chuidíonn le ciontóirí aghaidh a thabhairt ar a n-iompar, agus é a athrú, agus a mbíonn leibhéil níos ísle choireachta agus sábháilteacht phoiblí níos mó mar thoradh air, tríd is tríd.
“Leis seo cumasófar earcaíocht shuntasach bhreise ar fud na seirbhíse agus maolófar roinnt de na brúnna atá sa chóras faoi láthair agus sinn ag teacht amach as tréimhse Covid. Aithnítear leis, freisin, an obair thábhachtach athshlánúcháin a chuirtear ar fáil trí chláir oideachais agus oiliúna agus trí na seirbhísí síceolaíochta agus seirbhísí leighis eile. Leanfar leis an gcistiú breise seo ag neartú na seirbhísí tábhachtacha sin.”
Mar aitheantas ar an ról tábhachtach a imríonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí ag cosaint ceart príobháideachais, leanfar leis an leithroinnt don Choimisiún ag cur go suntasach leis an gcistiú i 2023. Tá €3m breise leithroinnte chun soláthar ball foirne arna mhéadú a chlúdach, agus lena n-áirítear dhá phost nua Coimisinéara, chomh maith le táillí dlí agus feistiú áitreamh nua an Choimisinéara, lena dtugtar buiséad an CCS go breis is €26m, méadú 13%.
Nóta le haghaidh Eagarthóirí
€3.3 billiún san iomlán atá i mbuiséid ollchaiteachais do na 6 Vóta i nGrúpa an Vóta Dlí agus Cirt agus cuimsítear leo na Vótaí seo a leanas:
Vóta na nGardaí (€2.14 billiún), Vóta na bPríosún (€411 milliún), Vóta na gCúirteanna (€177 milliún), an Vóta Dlí agus Cirt (€545 milliún), Vóta an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (€26 milliún) agus Vóta an Údaráis Póilíneachta (€4.1 milliún).