Tuarascáil Bhliantúil na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail don bhliain 2021 foilsithe ag an Aire Humphreys
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Tuarascáil Bhliantúil na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail do 2021 foilsithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, inniu (an 12ú, Lúnasa 2022).
Tugtar forléargas cuimsitheach sa tuarascáil ar réimse leathan beartas, clár agus tionscnamh a forbraíodh agus a cuireadh i gcrích laistigh den Roinn in 2021.
Áirítear ar roinnt de na príomhphointí dá dtagraítear sa Tuarascáil:
Ag tagairt di d'fhoilsiú na tuarascála bliantúla, dúirt an tAire Humphreys:
“Le linn na Paindéime, leanadh ar aghaidh leis an obair ríthábhachtach a rinne an Roinn chun tacú le pobail ar fud na tíre, lena chinntiú gur leanadh de sheirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha. Ábhar mórtais dom na tionchair dhearfacha atá ag cláir agus ag scéimeanna na Roinne i mbailte agus i sráidbhailte a fheiceáil. Is mian liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Joe O’Brien, as a chuid díograise i rith na bliana 2021 agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhúthracht agus d’ionchur sárluachmhar an lucht foirne agus an lucht bainistíochta sa Roinn, go háirithe ag tráth a raibh deacrachtaí móra á gcur rompu. Tá an Roinn seo ar cheann de na Ranna is nuabhunaithe sa Rialtas. Mar sin féin, trí scéimeanna agus trí chláir éagsúla na Roinne, chomh maith le beartas forbartha tuaithe nua na Roinne, ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann’, táimid ag cur beocht arís i bpobail thuaithe agus ag déanamh áiteanna níos deise le cónaí iontu, le bheith ag obair iontu agus le clann a thógáil iontu de Cheantair Thuaithe na hÉireann.”
Is féidir Tuarascáil Bhliantúil na Roinne a fháil anseo .
CRÍOCH