Tugann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara bearta bithshlándála feabhsaithe isteach mar réamhchúram i gcoinne Fliú Éanúil Ardphataigineach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go dtabharfaí isteach rialacháin faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013 lena gceanglaítear ar choimeádaithe ealta bearta bithshlándála áirithe a chur i bhfeidhm maidir le héanlaithe clóis agus éin ghafa eile mar bheart réamhchúraim i gcoinne Fliú Éan Ardphataigineach (HPAI ), chomh maith le cosc ar thionól éan. Tiocfaidh na bearta réamhchúraim seo i gcoinne fliú éanúil (fliú éan) i bhfeidhm an 17 Samhain 2021.
Tá an tionscnamh seo á ghlacadh tar éis deimhniú a fháil ar HPAI H5N1 in éin fhiáine i roinnt contaetha ó thús mhí na Samhna. Deimhníonn na torthaí éan fiáin seo go bhfuil an víreas fliú éanúil ag scaipeadh go forleathan faoi láthair i measc na n-éan fiáin in Éirinn. Tá an t-ionfhabhtú ina riosca dár n-ealta éanlaithe agus dár dtionscal. Ní raibh aon ráigeanna in ealta éanlaithe clóis ag an am seo.
Éilíonn na Rialacháin seo go gcuirfidh coimeádaithe na n-ealtaí éanlaithe clóis (agus éin ghafa eile) bearta bithshlándála ar leith i bhfeidhm, beag beann ar a méid, chun cabhrú le riosca ionfhabhtaithe a gcuid éanlaithe ón víreas a mhaolú agus bearta breise bithshlándála feabhsaithe a chur i bhfeidhm ag úinéirí ealtaí i ndáil le healtaí 500 éan nó níos mó.
Ó Dheireadh Fómhair i leith tá fochineál HPAI H5N1 freagrach as galair in éin fhiáine agus ráigeanna in éanlaith chlóis agus éin ghafa i roinnt Ballstát AE agus sa Bhreatain Mhór. Níor aithníodh aon chás i dTuaisceart Éireann go dtí seo. Tá an Roinn i ndlúth-theagmháil lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe chun riosca fliú éanúil ar an oileán a mheas agus a bhainistiú.
Ba cheart d’úinéirí ealtaí éanlaithe a bheith airdeallach maidir le haon chomharthaí den ghlar ina n-ealtaí, dianbhearta bithshlándála a choinneáil agus aon amhras faoi ghalar a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Réigiúnach Roinne is gaire dóibh, fiú mura bhfuil ach éan nó dhó acu.
Dheimhnigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte, cé gur féidir le fochineál HPAI H5N1 a bheith ina chúis le galar tromchúiseach in éanlaith chlóis agus in éin eile, níor tuairiscíodh aon ionfhabhtuithe i ndaoine leis an víreas seo ar fud an domhain agus dá bhrí sin meastar go bhfuil an riosca do dhaoine an-íseal. Tá táirgí éanlaithe clóis agus éanlaithe atá cócaráilte i gceart, lena n-áirítear uibheacha sábháilte le hithe.
Moltar do bhaill an phobail gan éin fhiáine atá tinn nó marbh a láimhseáil agus cásanna den chineál sin a thuairisciú don Oifig Tréidliachta Réigiúnach nó teagmháil a dhéanamh le beolíne an ghalair DAFM ar 1850 200456. Tá córas luathrabhaidh i bhfeidhm le Cairde Éanlaith Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Áitiúla Géime maidir le faireachas ar chomharthaí galair in éin fhiáine.
Leanann an Roinn ag déanamh dlúthfhaireacháin agus measúnaithe ar staid an ghalair agus bíonn sí i dteagmháil go rialta le páirtithe leasmhara tionscail.
Nótaí don Eagarthóir:
1. Is é teideal na nIonstraimí Reachtúla Rialacháin Fliú Éanúil (Bearta Bithshlándála) 2021 agus Rialacháin Fliú Éanúil (Srian ar Thionól Éan Beo) 2021
2. Tá Fliú Éanúil H5N1 aitheanta in éin fhiáine i nGaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Ros Comáin agus Uíbh Fhailí
3. Is féidir tuilleadh eolais faoi fhliú éanúil a fháil anseo:
gov.ie - Fliú Éanúil (Fliú Éan) (www.gov.ie)
4. I measc na gcomharthaí cliniciúla ar chóir do choimeádaithe éanlaithe clóis a lorg ina gcuid éan tá ceann ata, dídhathú ar an muineál agus an scornach, cailliúint goile, anacair riospráide, buinneach agus níos lú uibheacha á mbreith - cé go n-athraíonn siad seo idir speicis éan.
5. Má tá amhras ort go bhfuil galar i d'ealta féin, cuir sin in iúl donOifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire nó glaoigh ar Líne Chabhrach um an Fhliú Éanúil: 076 106 4403 (Lasmuigh de ghnáthuaireanta Oifige: 1850 200 456).
6. Má aimsíonn tú éin fhiáine mharbha mar lachain fhiáine, géanna fiáine, eala, faoileáin nó éin chreiche, ná láimhseáil na héin. Tuairiscigh na torthaí don Roinn mar atá thuas.
7. Tá liosta d’oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a gcuid sonraí teagmhála ar fáil ag: http://www.agriculture.gov.ie/contact/