Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach ag freastal ar Chruinniú Mullaigh Neamhfhoirmiúil an AE in Salzburg

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Téann an Taoiseach, Leo Varadkar, go Salzburg inniu chun freastal ar Chruinniú Mullaigh Neamhfhoirmiúil de Cheannairí Stáit agus Rialtais an Aontais Eorpaigh. Tá an tAire Gnóthaí Eorpacha, Helen McEntee in éineacht leis.

Beidh an phríomhbhéim ar chur chuige an Aontais Eorpaigh maidir le himirce isteach, agus le slándáil inmheánach an Aontais. Beidh cruinniú ann freisin i bhformáid Airteagal 50 chun idirbheartaíocht an Bhreatimeachta (Brexit) a phlé.

Is é Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk an cathaoirleach ar an gCruinniú Mullaigh mar chuid de shraith chruinnithe neamhfhoirmiúla idir ceannairí an Aontais Eorpaigh maidir le Todhchaí na hEorpa.

Ag labhairt roimh an gcuairt, dúirt an Taoiseach:

“Táim ag tnúth le bualadh le mo chomhghleacaithe ón Aontas Eorpach i Salzburg, agus leis na ceisteanna tábhachtacha seo a phlé.

“Is é Breatimeacht an tosaíocht do Rialtas na hÉireann agus cuirfidh mé béim ar an ngá atá le cúlstop a bheidh inoibrithe go dlíthiúil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus gabhfaidh mé buíochas le comhpháirtithe an Aontais Eorpaigh as a dtacaíocht leanúnach agus a ndlúthpháirtíocht maidir leis an tsaincheist seo. Mar a dúirt Michel Barnier, Príomh-Idirbheartaí an Aontais Eorpaigh, go comhsheasmhach, agus mar a dúirt an Chomhairle Eorpach arís i mí an Mheithimh, ní aontaítear aon ní go dtí go n-aontaítear gach ní.

“Déantar níos lú difir d’Éirinn leis an imirce i gcomparáid le Ballstáit eile. Mar sin féin, i spiorad dlúthpháirtíochta, bhí ról tábhachtach againn trí bhearta athshocraithe agus athlonnaithe a ghlacadh, agus trí shraith de shoithí cabhlaigh a chur ar fáil chun cabhrú leis na hiarrachtaí daonnúla sa Mheánmhuir, rud a chur méadú suntasach ar ár rannchuidiú daonnúil. Le míonna beaga anuas, tá sé táirgthe againn imircigh a ghlacadh ó shoithí sa Mheánmhuir.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat