An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
An Taoiseach le casadh le ceannairí pháirtithe Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Taistealóidh an Taoiseach Micheál Martin go Béal Feirste Dé Luain chun cruinnithe a reáchtáil le gach ceannaire ar na 5 phríomhpháirtí i dTuaisceart Éireann chun saincheisteanna polaitíochta ríthábhachtacha a phlé.
Casfaidh an Taoiseach leis na daoine seo a leanas astu féin; Michelle O’Neill, Sinn Féin; An Ridire Jeffrey Donaldson, An Páirtí Aontachtach Daonlathach; Naomi Long, Páirtí an Chomhaontais; Colum Eastwood, Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre; agus Doug Beattie, Páirtí Aontachtach Uladh.
Cuirfear deireadh leis an gclár le cuairt ar na rannpháirtithe sna cláir lena bhfuiltear ag obair le scoileanna mar chatalaígh ar son na síochána agus an athmhuintearais.