Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas i ndiaidh chruinniú de chuid Cheannairí agus Airí an Rialtais maidir le Covid-19

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Níos luaithe inniu thug an Príomhoifigeach Leighis an Dr. Tony Holohan, an Leas CMO an Dr. Ronan Glynn, agus an tOllamh Philip Nolan cur i láthair mionsonraithe don Taoiseach, Tánaiste, an tAire Ryan, an tAire Donohoe, an tAire Mc Grath agus an tAire Donnelly ar na sonraí is deireanaí maidir le Covid-19 in Éirinn.

Thug an CMO anailís ar an víreas atá i ngach réigiún sa tír agus thug Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid measúnú ar inniúlacht freagartha ospidéal faoi láthair, agus uasdátú maidir leis an gcóras tástála agus riain, a bhfuil an HSE ag leathnú ar bhonn leanúnach.

Tugadh cuir i láthair chomh maith ar na hiarmhairtí geilleagracha, fostaíochta agus iarmhairtí ó thaobh na sochaí go ginearálta a bhainfeadh le srianta níos déine a ghlacadh.

Rinneadh ceisteanna suntasacha eile cosúil le meabhairshláinte agus foréigean baile a phlé.

Mar chuid bhunúsach den phlé bhí an cuspóir uileghabhálach beatha daoine agus slite beatha a chosaint.

Thug an fhoireann Sláinte faisnéis do na hAirí go mbeadh páistí níos sábháilte ar scoil, go bhfuil rátaí tras-seolta íseal agus go bhfuil sé an-tábhachtach d’fhorbairt agus d’fholláine páistí agus daoine óga go bhfanfadh na scoileanna ar oscailt.

Beidh cruinniú ag an gComh-Aireacht ar an Luan chun níos mó plé a dhéanamh ar an gceist.

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat