Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin maidir le bás an Ollaimh an Tiarna Desmond Rea

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Bhí an‑bhrón orm a chloisteáil gur éag an tOllamh an Tiarna Desmond Rea a rinne cion ollmhór ina cháil mar chathaoirleach tionscnaimh Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann do chlaochlú na póilíneachta i dTuaisceart Éireann sna blianta tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Fear an‑mhacánta, a bhí tiomanta don tseirbhís phoiblí, ba ea an Tiarna Desmond agus bhí roinnt mhaith róil chumhachtacha agus thábhachtacha aige freisin, mar chathaoirleach ar Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Chaidreamh Oibreachais, agus Coimisiún Foirne an Rialtais Áitiúil.

Bhí tionchar mór ag an Tiarna Desmond i gcúrsaí gnó agus eacnamaíochta freisin, ina cháil mar chathaoirleach ar NIjobs.com, agus ina stiúrthóireachtaí le AIB agus United Dairy Farmers.

Rinne sé cion ollmhór freisin don oideachas agus don saol acadúil, mar chathaoirleach ar Choláiste Stranmillis agus Coláiste Meitidisteach, Béal Feirste, agus mar Ollamh ag Ollscoil Uladh.

Déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean chéile an tOllamh Maeve Rea, lena iníonacha, lena theaghlach agus lena chairde i gcoitinne.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat