An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tá an Taoiseach Micheál Martin le tabhairt faoi chuairteanna réamhuachtaránachta chuig Heilsincí agus Vársá
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá an Taoiseach Micheál Martin i Heilsincí maidin inniu mar a mbuailfidh sé le Príomh‑Aire na Fionlainne Petteri Orpo.
Ansin, taistealóidh sé chuig Vársá san iarnóin le haghaidh cruinniú le Príomh‑Aire na Polainne, Donald Tusk.
Beidh na cruinnithe dírithe go príomha ar ullmhúcháin d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE sa dara leath den bhliain, ar lena linn a bheidh iomaíochas Eorpach ina phríomhábhar fócais, chomh maith le caidreamh déthaobhach agus saincheisteanna idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an cogadh san Úcráin agus sa Mheánoirthear.
Ag labhairt dó roimh na cruinnithe, dúirt an Taoiseach an méid seo a leanas:
“Tá mo chruinnithe inniu i Heilsincí agus i Vársá ina ndeiseanna tábhachtacha chun cloisteáil ó mo chomhghleacaithe AE maidir lena gcuid tosaíochtaí beartais agus lena n‑ábhair spéise de réir mar a dhruidimid le hUachtaránacht na hÉireann ar an AE. Tá clár oibre an‑ghnóthach romhainn.
“Tá níos lú ná 100 lá le dul anois go tús ár n‑uachtaránachta tráth a ghlacfaidh Éire freagracht chuici féin as clár oibre an Aontais Eorpaigh a thabhairt chun tosaigh ar fud cuid mhór réimsí beartais tábhachtacha, lena n‑áirítear saincheisteanna tosaíochta a bhaineann le hiomaíochas, méadú, slándáil agus luachanna bunúsacha AE a chosaint. Beimid ag obair freisin ar chomhaontú a dhaingniú maidir le buiséad AE do na seacht mbliana atá le teacht.
“Athdhearbhóidh mé tacaíocht dhaingean na hÉireann don Úcráin agus dá muintir in aghaidh ionsaithe barbartha leanúnacha ón Rúis.
“Bhí an Fhionlainn agus an Pholainn araon diongbháilte maidir lena gcuid tacaíochta don Úcráin agus maidir le freagairt a thabhairt don bhagairt ón Rúis.
“Pléifimid freisin na coimhlintí leanúnacha sa Mheánoirthear, lena n‑áirítear tionchair ar chostais an fhuinnimh, ar ábhar imní é sin do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud na hEorpa.”