An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Rúnaí Cúnta, Gnóthaí na Breataine agus Thuaisceart Éireann, Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte san áireamh
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá trí aonad gnó i Rannóg Ghnóthaí na Breataine agus Thuaisceart Éireann: an tAonad um Éire-RA, an tAonad um Ghnóthaí Thuaisceart Éireann, agus Aonad an Oileáin Chomhroinnte. Tacaíonn an Rannóg leis an Taoiseach agus leis an Rialtas chun athchairdeas a chothú agus caidrimh a fhorbairt ar oileán na hÉireann agus idir an RA agus Éire, agus Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn fúithi. Áirítear leis sin tacaíocht do rannpháirtíocht an Taoisigh sa Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus i gComhairle na Breataine-na hÉireann, chomh maith le tacú le soláthar tras-Rialtais na gceanglas faoi chlár comhair RA-Éire 2030. Chomh maith leis sin déanann an Rannóg maoirseacht ar fhorbairt agus cur chun feidhme Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte de chuid an Rialtais.