An Rúnaí Cúnta don Rannán Prótacail & Beartais Shibhialta agus Gnóthaí Corparáideacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Andrew Munro an Rúnaí Cúnta don Rannán Prótacail & Beartais Shibhialta agus Gnóthaí Corparáideacha
Tá Rannán Prótacail agus Beartais Shibhialta Roinn an Taoisigh freagrach as Prótacal an Stáit, lena n-áirítear prótacal don Taoiseach, don Tánaiste agus d’Airí Stáit. Baineann sé sin le himeachtaí Stáit agus oifigiúla a eagrú lena n-áirítear Comórthaí agus Cuairteanna isteach Ceann Stáit nó Rialtais. Tá an Rannán ar an bpointe teagmhála idir an tUachtarán agus Ranna Rialtais. Déanann an Rúnaí Cúnta Munro cathaoirleacht ar an nGrúpa Forfheidhmithe Idir-Rannach don Choimisiún Toghcháin, tugann sé tacaíocht do Thionól na Saoránach agus téann sé i gcomhairle leis, agus tacaíonn sé leis an Taoiseach i ndáil le ceisteanna bunreachtúla. Chomh maith leis sin, déanann an Rannán éascaíocht ar an gclár idirphlé struchtúrtha idir an Rialtas agus eaglaisí, comhlachtaí fealsúnachta agus comhlachtaí neamhchreidmheacha.
An Coimisiún um Thodhchaí na Meán
Cuireann an Rannán an Rúnaíocht ar fáil don Choimisiún um Thodhchaí na Meán. Bhunaigh an Rialtas an Coimisiún i mí Mheán Fómhair 2020 mar shainghrúpa neamhspleách a leagtar de chúram air scrúdú a dhéanamh ar thodhchaí na meán in Éirinn, lena n-áirítear na saincheisteanna atá roimh chraoltóirí seirbhíse poiblí, craoltóirí tráchtála agus ardáin meán clóite agus ar líne. Tá an Coimisiún chun tuarascáil agus moltaí a chur ar fáil faoi shamhradh na bliana 2021. Chun tuilleadh a fhoghlaim, téigh chuig [external-link www. futureofmediacommission.ie | www.futureofmediacommission.ie]
Tá an Rannán Gnóthaí Corparáideacha freagrach as seirbhísí airgeadais, bainistithe soláthair & taistil; acmhainní daonna; ICT; lóistín agus seirbhísí tacaíochta eile a chur ar fáil do Roinn an Taoisigh agus don fhoireann laistigh de chreat rialachais láidir. Chomh maith leis sin, féachann an Rannán Gnóthaí Corparáideacha le deiseanna a aithint chun feabhas a chur ar phróisis ghnó, cumarsáid agus sreafaí faisnéise ar fud na Roinne agus lena custaiméirí inmheánacha agus seachtracha.
Tugann an tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí dearbhú don Oifigeach Cuntasaíochta maidir le leordhóthanacht agus éifeachtacht chóras na rialuithe inmheánacha sa Roinn. Feidhmíonn an tAonad mar acmhainn ag Bainisteoirí Roinne agus Rannáin trí anailís agus measúnú a dhéanamh ar chórais rialuithe na Roinne. Ina chuid tuarascálacha, tugann an tAonad moltaí don bhainistíocht atá bunaithe ar dhea-chleachtas. Chomh maith leis sin, gníomhaíonn an tAonad i gcáil chomhairleach i ndáil le tionscadail atá á bhforbairt d’fhonn leorgacht na mbeart rialaithe a chinntiú.