Conas do Theastas Digiteach COVID an AE a fháil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir leat na rudaí seo a leanas a athrú:
Seolfaimid teastas nuashonraithe chugat chuig an seoladh ríomhphoist a thugann tú dúinn.
Faigh cóip den teastas a fuair tú seolta chugat trí ríomhphost
Má fuair tú teastas roimhe seo ach gur mhaith leat é a sheoladh chugat arís trí ríomhphost - comhlánaigh an fhoirm seo a leanas.
Má fuair tú vacsaíniú iomlán in Éirinn níos mó ná 5 lá ó shin agus nach bhfuil do theastas vacsaínithe faighte fós agat, is féidir leat é a iarraidh ach rochtain a fháil ar an tseirbhís thíos.
Is féidir leat Teastas Digiteach COVID an AE a iarraidh le haghaidh vacsaínithe a fhaightear lasmuigh den AE má tá pas bailí Éireannach agat agus doiciméid a dhearbhaíonn go bhfuil vacsaíniú iomlán faighte agat i dtír/stát nach de chuid an AE í.
Nóta: Ní féidir ach vacsaíní atá údaraithe lena n-úsáid in Éirinn a aithint chun críche na seirbhíse seo.
Má bhí tástáil dheimhneach COVID-19 (RT-PCR nó ‘NAAT’) agat níos mó ná 11 lá ó shin, is féidir leat teastas téarnaimh a iarraidh. Fanfaidh do theastas bailí ar feadh 180 lá tar éis duit tástáil dheimhneach a fháil.
Nuair a bheidh na sonraí thíos comhlánaithe agat, gheobhaidh tú do theastas trí ríomhphost laistigh de 5 lá.
Ní réamhchoinníoll taistil é an Teastas Digiteach COVID ach is fusa taisteal laistigh den AE dá bharr. Mar sin féin, beidh ort fós cloí leis na bearta sláinte poiblí atá i bhfeidhm sa tír a bhfuil tú ag taisteal chuici. Is féidir leat sonraí faoi na bearta seo agus na ceanglais iontrála a fháil ar láithreán gréasáin ReOpen EU