Íocaíochtaí Riachtanas Práinneach (SWA)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is éard atá in Íocaíocht um Riachtanais Phráinneacha ná íocaíocht aon uaire do dhaoine, lena n-áirítear iad siúd nach gcáilíonn de ghnáth chun Liúntas Leasa Forlíontach a fháil, a bhfuil riachtanas práinneach acu nach féidir leo freastal a dhéanamh air óna n-acmhainní féin nó nach bhfuil aon rogha eile ar fáil dóibh ag an am sin.
Mar shampla, chun freatal ar riachtanais phráinneacha amhail bia, éadaí nó dídean i ndiaidh dóiteáin, tuile nó imeacht éigeandála eile.
Is í an tSeirbhís Leasa Shóisialaigh de chuid na Roinne a dhéanann na hÍocaíochtaí um Riachtanais Phráinneacha a íoc.
Is féidir le duine ar bith cáiliú le haghaidh íocaíochta chun freastal ar riachtanas práinneach; níl teidlíocht uathoibríoch ag duine ar bith áfach chun a leithéid d’íocaíocht a fháil.
Tá Íocaíochtaí um Riachtanais Phráinneacha iníoctha de rogha oifigeach na Scéime Liúntais Leasa Fhorlíontaigh, tar éis breithniú a dhéanamh ar riachtanais na reachtaíochta agus ar chúinsí ábhartha an cháis.
Déanfar breithniú ar cibé an bhfuil rochtain agat ar chreidmheas tráchtála ag am an riachtanais phráinnigh, mar shampla, cárta creidmheasa nó cumhdach árachais.
Beidh méid na íocaíochta a gheobhaidh tú ag brath ar an gcineál cúnaimh atá ag teastáil uait.
Ag brath ar do chúinsí, mar shampla, má tá tú ag obair seans go mbeidh ort cuid den íocaíocht seo nó an íocaíocht ar fad a aisíoc ar dháta níos déanaí.
Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Leasa Shóisialaigh ag d’oifig áitiúil.
Is féidir foirm iarratais a íoslódáil anseo nó a fháil ó d’oifig áitiúil.
Foirm Iarratais le haghaidh Liúntais Leasa Forlíontaigh (SWA1)
Eagrán: Feabhra 2023
Chun cabhrú linn d’éileamh a phróiseáil, ba cheart na rudaí seo a leanas a bheith agat: