D'fhéadfadh an Scéim um Shochar Cóireála cabhrú leat na costais seo a leanas a íoc:
Is féidir le hoibrithe árachaithe, oibrithe féinfhostaithe agus oibrithe atá ar scor a bhfuil na ranníocaíochtaí ÁSPC riachtanacha acu cáiliú don sochar seo. Féadfaidh céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir cleithiúnach duine cáilithe a bheith i dteideal Sochar Cóireála chomh maith.
Le cáiliú, caithfidh ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) aicme A, E, P, H nó S a bheith íoctha agat. Braitheann méid na ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a theastaíonn uait ar d’aois. Tá ceithre raon aoise liostaithe thíos.
Má tá tú faoi 21 bliain d'aois, d'fhéadfá cáiliú tú má tá 39 ranníocaíocht ar a laghad íoctha agat ag aon tráth.
D'fhéadfá cáiliú idir na haoiseanna seo má tá 39 ranníocaíocht ar a laghad íoctha agat agus:
NÓ
Ó 29 bliain d'aois ar aghaidh ní mór duit 260 ranníocaíocht ar a laghad a bheith íoctha agat
AGUS
NÓ
Má tá tú incháilithe do shochar idir 60-65 bliain d'aois, coinneoidh tú an teidlíocht sin an chuid eile de do shaoil.
Ní mór go mbeadh an méid seo a leanas ag daoine atá 66 bliana d'aois agus níos sine:
(Tabhair ar aird: Is í an bhliain chánach ábhartha ná an bhliain chánach iomlán dheireanach sula sroichtear 66 bliain d'aois. Sampla: Má bhí tú 66 bliana d'aois sa bhliain 2010, is í an bhliain ábhartha chánach ná 2008. Má bhí tú 66 bliain d'aois sa bhliain 2012, is í an bhliain chánach ábhartha ná 2010)
NÓ
Má chomhlíonann tú ceachtar de na coinníollacha seo nuair a shroicheann tú aois an phinsin, fanfaidh tú cáilithe ar feadh an chuid eile de do shaol.
Má chuaigh tú ar scor mar gheall ar dhrochshláinte nó má mheastar go bhfuil tú dífhostaithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta nó Sochar Cuardaitheora Poist má chomhlíonann tú coinníollacha áirithe.
Má cháilíonn tú do na sochair seo, féadfar ranníocaíochtaí curtha chun sochair a bhronnadh ort freisin, ar féidir iad a chur san áireamh chun clúdach do Shochair Chóireála a leathnú.
Mura gcáilíonn tú do Shochar Cóireála ar do thaifead árachais shóisialaigh (ÁSPC) in Éirinn agus má bhí tú i bhfostaíocht inárachaithe roimhe seo i dtír atá faoi chumhdach Rialacháin an AE nó na Ríochta Aontaithe, b'fhéidir go mbeidh tú in ann do thaifead árachais shóisialaigh a úsáid sa tír eile AE nó sa Ríocht Aontaithe chun cabhrú leat cáiliú.
Ní mór duit ranníocaíocht ináirithe amháin ar a laghad de ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) (aicmí A, E, H, P agus S) a bheith íoctha agat ó tháinig tú ar ais go hÉirinn.
Féadfaidh céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir cáiliú má tá a ndóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh acu.
Mura bhfuil a ndóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh acu, d'fhéadfadh siad cáiliú do Shochair Chóireála ar thaifead árachais shóisialaigh a gcéile, a bpáirtí sibhialta nó a gcomhchónaitheoir más iad a gcleithiúnaithe iad.
Ní mór do chéile/pháirtí sibhialta/chomhchónaitheoir:
- Pinsean Míchumais
(Má tá Liúntas Cúramóra nó Pinsean Stáit (Neamhranníocach) á fháil acu, is féidir leo cáiliú má bhí siad i gcleithiúnaithe leat díreach sula bhfuair siad an liúntas nó an pinsean.)
Má fhaigheann duine faoi árachas bás agus má bhí a c(h)éile nó a p(h)háirtí sibhialta cleithiúnach i dteideal sochar a fháil tráth an bháis, coimeádann sé/sí a dteidlíocht fad is a fhanann sé/sí i mbaintreachas nó ina p(h)áirtí sibhialta marthanach.
Íocann an Roinn costas iomlán an scrúdaithe bhéil uair amháin sa bhliain féilire.
Ó Dheireadh Fómhair 2017, cuirtear íocaíocht €42 ar fáil i leith:
Más mó ná €42 an costas ar ghlanadh nó ar chóireáil phearódóntach, ní mór duit an chuid eile a íoc. Tá uasteorainn €15 air seo le haghaidh scála agus snas. Níl aon uasteorainn ar an iarmhéid a ghearrtar ar chóireáil phearódóntach.
Is féidir leat na cóireálacha seo a fháil ó fhiaclóirí príobháideacha atá ar phainéal na Roinne. Seiceálfaidh d'fhiaclóir cibé an gcáilíonn tú le haghaidh cóireála nó nach gcáilíonn.
Faoin Scéim um Shochar Cóireála tá tú i dteideal tástáil radharc na súl saor in aisce a dhéanamh uair amháin gach dara bliain féilire. Ní chlúdaítear tástálacha radharc na súl d'aonaid fístaispeána amhail scáileáin ríomhaire agus ceadúnais tiomána.
Uair amháin i ngach dara bliain féilire, is féidir leat íocaíocht a fháil i dtreo péire amháin:
Frámaí a roghnú
Tá frámaí bunúsacha saor in aisce. Má roghnaíonn tú frámaí níos costasaí, íocfaidh an Roinn €42 i dtreo an chostais iomláin agus íocfaidh tú féin an t-iarmhéid.
Ní féidir ach le radharceolaithe, optaiméadraithe nó oftailmeolaithe a bhfuil conradh acu leis an roinn an chóireáil a sholáthar. Seiceáil le do sholáthraí cóireála, le do thoil.
Faoin Scéim um Shochar Cóireála, ní féidir leat lionsaí tadhaill a fháil ar chúiseanna cosmaideacha amháin. Is féidir leat lionsaí tadhaill a fháil chun críocha optúla (féachaint) tríd an scéim Sochair Optúil.
Cé mhéad atá clúdaithe
Má theastaíonn lionsaí tadhaill uait ar chúiseanna leighis, íocfaidh an Roinn uasmhéid €500 i dtreo chostas gach lionsa leighis uair amháin gach dara bliain féilire, ar choinníoll go bhfuil moladh oftailmeolaí agat.
Ní féidir ach le hoftailmeolaithe a bhfuil conradh acu leis an roinn an chóireáil a sholáthar. Seiceáil le do sholáthraí cóireála, le do thoil.
Féadfaidh soláthraithe áiseanna éisteachta a sholáthar nó a dheisiú uair amháin gach ceithre bliana féilire má tá conradh acu leis an roinn.
Clúdaíonn an roinn:
AGUS
Féadfaidh soláthraithe táirge athsholáthair gruaige plaite neamh-mháinliachta a sholáthar uair amháin in aghaidh na bliana féilire má tá conradh acu leis an roinn.
Cad iad na costais atá clúdaithe
Clúdaíonn an roinn uasmhéid €500 i dtreo costas táirge athsholáthair gruaige plaite neamh-mháinliachta nuair a eascraíonn caillteanas gruaige as galar nó cóireáil galair amhail ailse nó alóipéice.
Is iad seo a leanas na cineálacha alóipéice a cháilíonn:
Féadtar faoiseamh cánach a fháil ar chóireálacha fiaclóireachta neamhghnáthacha áirithe amhail corónacha nó barr a athsholáthar.
Is féidir leat éileamh a dhéanamh trí do sholáthraí sochair cóireála (fiaclóir, radharceolaí dáiliúcháin, optaiméadraí, oftailmeolaí, éisteolaí nó soláthraí athsholáthair gruaige).
Seiceálfaidh siad cibé an gcáilíonn tú nó nach gcáilíonn tú sula bhfaigheann tú cóireáil agus féadfaidh siad íocaíocht a éileamh ina dhiaidh sin.
Beidh faisnéis ag teastáil ón soláthraí chun tú a aithint lena n-áirítear:
Roimh chóireáil, beidh ort foirm thoilithe a shíniú ina gcomhaontaíonn tú go mbíonn an t-eolas seo ag do sholáthraí cóireála agus ina dtugann tú do thoiliú go dtugtar an t-eolas seo don roinn seo den rialtas chun go n-íocfar d’éileamh.
Éileamh mar chleithiúnaí
Má tá éileamh á dhéanamh agat mar chleithiúnaí faoi thaifead árachais shóisialaigh (ÁSPC) do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheora, beidh ortsa agus ar do chéile nó do pháirtí foirm iarratais do chéile chleithiúnaigh a chomhlánú agus í a sheoladh chuig Rannóg na Sochar Cóireála lena ceadú.
Cóireáil san AE nó sa Ríocht Aontaithe
Maidir le cóireáil a fuarthas i mballstáit eile den AE nó sa Ríocht Aontaithe, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le Rannóg na Sochar Cóireála ag an seoladh thíos lena dheimhniú go gcáilíonn tú.
Má cháilíonn tú, ba chóir duit na sonraí thíos a sheoladh chuig Rannóg na Sochar Cóireála:
Tá liosta de na soláthraithe cóireála ar fáil thíos:
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.