Deontas do Léitheoir Pearsanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má tá tú caoch nó má tá lagamharc ag gabháil duit agus go dteastaíonn cúnamh uait le léitheoireacht i do chuid oibre, d’fhéadfá a bheith i dteideal deontais chun deis a thabhairt duit léitheoir pearsanta a fhostú. Ní íoctar an deontas sin ach amháin má tá tú fostaithe san earnáil phríobháideach.
Íocfaidh an rialtas táillí de réir na huaire, ag teacht leis an bpá íosta reatha . Íocfar é ar feadh tréimhse comhaontaithe suas le 640 uair an chloig sa bhliain.
Cáileoidh tú:
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ag D’oifig Intreo áitiúil. Gheobhaidh tú na foirmeacha iarratais a theastóidh uait ansin nó féadfaidh tú iad a íoslódáil ag bun an leathanaigh.
Má cheadaítear an t-iarratas, íocfaidh an roinn deontas leat chun costais chomhaontaithe do léitheoir phearsanta a íoc, nuair a sheolfaidh tú foirm éilimh isteach ag deireadh gach mí. Tá an fhoirm lonnaithe freisin ag bun an leathanaigh.
Caithfidh tú an dá fhoirm a líonadh agus iad a thabhairt nó a sheoladh chuig d’ionad Intreo áitiúil.
Caithfidh tú féin agus d’fhostóir bualadh le cás-oifigeach agus an líon iomlán uaireanta sa tseachtain dá dteastóidh léitheoir pearsanta uait a aontú.
Má cheadaítear an t-iarratas, gheobhaidh tú deontas chun costais chomhaontaithe do léitheoir phearsanta a íoc.
Ní fhéadfaidh an léitheoir pearsanta teacht in ionad aon chúnamh a thugann comhghleacaithe oibre, gaolta nó cairde duit de ghnáth leis an léitheoireacht.
Application Form - Section 1: Personal Reader Grant
This application form Section 1 must be accompanied by a Section 2 application for the particular Support, for example, Work Equipment/Adaptation Grant, Job Interview Interpreter Grant, Personal Reader Grant, etc
Application Form - Section 2: Personal Reader Grant
Part 2 of the grant application for a personal reader grant scheme.
Claim Form: Personal Reader Grant
This claim form must be sent in every month you are taking the Personal Reader Grant.
Divisional Contacts
Updated: January 2022
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.