An Deontas um Oiriúnú Trealaimh san Ionad Oibre
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ceapadh an deontas seo do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil tairiscint fostaíochta faighte acu, nó atá ar tí a bheith ath-imlonnaithe, ardú céime a fháil, nó a bheith féinfhostaithe.
Má chiallaíonn aon cheann de na hathruithe seo go dteastaíonn ionad oibre atá níos inrochtana nó oiriúnaithe uait chun do phost a dhéanamh, d’fhéadfadh d’fhostóir deontas a fháil i leith na gcostas sin.
Samplaí d’athruithe:
Is féidir leat féin nó le d’fhostóir iarratas a dhéanamh ar an deontas seo:
Is féidir le d’fhostóir dul i dteagmháil le d’Oifig Intreo áitiúil chun foirmeacha iarratais a fháil nó is féidir iad a íoslódáil anseo:
agus
Ní mór d’iarrthóirí na hathruithe is gá a aithint, agus fianaise leighis a chur isteach go bhfuil gá leis an oiriúnú chun fostaíocht a choinneáil.
I gcás oiriúnuithe san ionad oibre, ba cheart pleananna a chur isteach leis na moltaí chomh maith le hamscála chun an obair a chríochnú.
Buailfidh Cásoifigeach ón roinn leis an iarrthóir chun an t-iarratas a athbhreithniú. Íocfaidh an roinn deontas leis an iarrthóir chun na costais aontaithe a íoc.
Má tá an méid iomlán atá á éileamh:
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le do Ionad Intreo áitiúil nó leis an Cásoifigeach Míchumais Ainmnithe i do cheantar .
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.