Tá cistí éagsúla ar fáil do cheantair thuaithe. Seo a leanas breac-chuntas ar gach ceann chomh maith le naisc chuig na seirbhísí ar leith agus an tslí le hiarratas a dhéanamh orthu.
Is ionann an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe agus gealltanas €1 billiún ón Rialtas, atá le hinfheistiú i gceantar tuaithe na hÉireann sa tréimhse 2019 go 2027.
Leis an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, is féidir maoiniú a thabhairt do thionscadail lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do) na cinn seo a leanas:
80% an méid uasta maoiniú a bhreithneofar i gcásanna ina mbeidh ranníocaí pobail mar chuid shuntasach den chistiú meaitseála.
Tugtar ar aird go bhfuil an chéad ghlao ar iarratais dúnta anois. Fógrófar an dara glao níos déanaí in 2019
Mar eolas duit, tugtar an fhoirm iarratais chun cur isteach ar an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe thíos. Ní bhreithneofar iarratais a fhaightear an fhad a bheidh an scéim dúnta.
Má tá ceist ar bith agat, déan teagmháil linn ag: rrdf@drcd.gov.ie
Is ionann CLÁR – Maoiniú le haghaidh Tionscadal Tuaithe Mionscála (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) agus clár infheistíochta spriocdhírithe lena gcuirtear maoiniú ar fáil do thionscadail infreastruchtúir mhionscála sna ceantair thuaithe inar tharla an laghdú daonra ba mhó.
Tugtar maoiniú do thrí bheart faoi CLÁR 2019:
Beart 1: tacaíocht do Scoileanna/Bearta Sábháilteachta Pobail
Beart 2: áiteanna súgartha (lena n-áirítear limistéir ilúsáide cluichí)
Beart 3: tacaíochtaí folláine pobail lena gcuimsítear:
Is ceart do ghrúpaí ar spéis leo maoiniú a fháil faoi na bearta 1, 2 agus 3(c) (gairdíní céadfacha) dul i dteagmháil lena n-údarás áitiúil chun an próiseas iarratais a thabhairt chun críche.
Chun iarratas a dhéanamh ar Bhearta 3(a) agus 3(b) (Tuairisc um Chéadfhreagairt agus Soghluaisteacht agus Iompar Cúraim Ailse), ní mór foirmeacha iarratais a sheoladh chuig clar@drcd.gov.ie.
An 25 Aibreán 2019 an dáta deiridh chun iarratais a fháil faoi gach beart.
Is é aidhm lárnach Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte tacú le hathbheochan na mbailte agus na sráidbhailte, feabhas a chur ar thimpeallacht cónaithe agus oibre na bpobal agus a n-acmhainneacht a mhéadú chun tacú le gníomhaíocht mhéadaithe gheilleagrach sa todhchaí.
Beidh an méid seo a leanas i gceist le tionscadail a bhfaighidh maoiniú:
Is faoi na húdaráis áitiúla go príomha na cineálacha tionscadal a bheidh le maoiniú faoin tionscnamh seo a shainaithint i gcomhpháirtíocht le gnóthaí agus le pobail áitiúla.
Má tá ceisteanna ar bith agat maidir leis an scéim, seol iad ar an ríomhphost chuig: townandvillage@drcd.gov.ie.
Tá iarratais ar chistí tuaithe LEADER bunaithe ar:
Déantar é a riar ar leibhéal áitiúil ag 29 ngrúpa gníomhaíochta áitiúla, ina bhfuil ionadaithe ón bpobal, ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach. Tá gach grúpa freagrach as maoiniú LEADER a roghnú agus a bhronnadh ar thionscadail laistigh dá gceantar geografach.
Caithfidh tionscadal a bheith ailínithe le tosaíochtaí na straitéise forbartha áitiúla. €250 milliún an maoiniú iomlán atá ar fáil faoi Chlár LEADER 2014-2020.
Chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú le haghaidh do thionscadail LEADER, déan teagmháil leis an ngrúpa gníomhaíochta áitiúla is gaire duit.
Faoin Scéim Feabhsaithe Áitiúil (LIS), cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú le húdaráis áitiúla oibreacha feabhsaithe a dhéanamh ar bhóithre príobháideacha agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil phoiblí orthu.
Is minic go dtéann na bóithre sin go dtí
Má tá bóthar agat nó más eol duit do bhóthar a bhfuil deisiú de dhíth air agus nach ndéantar cothabháil air, déan teagmháil le d’údarás áitiúil lena fháil amach cibé an mbeadh maoiniú LIS ar fáil.