Tháinig deireadh le socruithe sealadacha a bhí i bhfeidhm le linn Phaindéim COVID-19 inar ceadaíodh breitheanna a chlárú gan tuismitheoirí a bheith i láthair in oifig um chlárú sibhialta Déardaoin an 30 Meán Fómhair 2021 nuair a athosclaíodh oifigí um chlárú sibhialta FSS.
Déan teagmháil le d'oifig um chlárú sibhialta áitiúil de chuid FSS le haghaidh uaireanta oscailte agus le haghaidh tuilleadh eolais ar conas clárú bhreith do linbh a chomhlánú.
Is féidir sonraí teagmhála d'oifig áitiúil um chlárú sibhialta áitiúil a fháil ar na láithreáin ghréasáin seo a leanas:
Beidh ort breith do linbh a chlárú tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a bhreithe nó a breithe. Is riachtanas dlíthiúil é clárú in Éirinn, ach beidh teastas breithe ag teastáil uait freisin chun do leanbh a chlárú ar scoil, chun iarratas a dhéanamh ar phas agus chun go leor críocha eile.
Is féidir breith a chlárú in oifig aon Chláraitheora Breitheanna, Póstaí agus Básanna, is cuma cá háit ar tharla sí.
Is féidir breith atá cláraithe cheana féin a athchlárú chun ainm an athar nó an tuismitheora neamhbhitheolaíoch a chur san áireamh.
Is féidir leis na tuismitheoirí, an mháthair nó an dara tuismitheoir iarratas a dhéanamh go dtaifeadtar sonraí an athar nó an tuismitheora neamhbhitheolaíoch i gclár na mbreitheanna.
Maidir le breitheanna deontóirghinte, féach conas breith linbh deontóirghinte a athchlárú le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Ón 4 Bealtaine 2020, is féidir leat sonraí an tuismitheora/na dtuismitheoirí, lena n-áirítear an tuismitheoir neamhbhitheolaíoch, a thaifeadadh agus breith linbh deontóirghinte (ar a dtugtar DAHR freisin) á chlárú agat.
Ní mór gnáthamh DAHR a bheith déanta tar éis an 4 Bealtaine 2020.
Chun clárú a chomhlánú, beidh ort:
Is féidir leat foirm chlárúcháin bhreithe agus dearbhú reachtúil a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig an GRO ag dahr@welfare.ie
Is féidir leat foirmeacha comhlánaithe a sheoladh trí:
nó
Cuirfidh an GRO an páipéarachas ar aghaidh chuig oifig um chlárú sibhialta de do rogha féin. Cuirfidh an cláraitheoir in iúl duit cathain is féidir leat freastail chun an clár a shíniú.
Ní mór breitheanna leanaí deontóirghinte (ar a dtugtar DAHR freisin), i gcás gur rinneadh an gnáthamh roimh an 4 Bealtaine 2020, a chlárú ar dtús mar bhreith neamh-DAHR. Baineann sé seo le leanaí deontóirghinte a rugadh roimh an 4 Bealtaine 2020 nó ina dhiaidh.
Tar éis don bhreith a chlárú, teastaíonn ordú cúirte ina n-ainmnítear duine eile mar thuismitheoir an linbh sula ndéantar DAHR a athchlárú.
Ansin is féidir leis na tuismitheoirí iarratas a dhéanamh ar an mbreith a athchlárú mar bhreith DAHR ag baint úsáide as an bhfoirm iarratais thíos.
Chun iarratas a dhéanamh, íoslódáil an fhoirm agus ceangail cóip dheimhnithe den Ordú Cúirte.
Re-registration of a Donor Assisted Human Reproduction (DAHR) form (BRR1)
Is féidir leat an fhoirm chomhlánaithe agus an tOrdú Cúirte a sheoladh trí
nó
• Sa phost chuig Rannóg DAHR, Oifig an Ard-Chláraitheora, Oifigí an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Baile Ros Comáin F42 VX53
Cuirfidh an GRO an páipéarachas ar aghaidh chuig oifig um chlárú sibhialta de do rogha féin. Cuirfidh an cláraitheoir in iúl duit cathain is féidir leat freastail chun an clár a shíniú.
I gcúinsí áirithe, féadtar sloinne a chlárú do do leanbh nach ionann é agus do shloinne féin.
Ba chóir don mháthair agus athair/tuismitheoir (más infheidhme) an fhoirm thíos a chomhlánú:
Is féidir an fhoirm seo a sheoladh ar ríomhphost nó sa phost chuig d'Oifig um Chlárú Sibhialta áitiúil ]
Ní ghearrtar aon táille as breith a chlárú, nó as athchlárú chun sonraí tuismitheora a chur san áireamh.
Gearrtar táillé €5 ar chéadainm a chur isteach nó a athrú. Gearrtar táillí ar Theastais Bhreithe.
Eisítear teastas breithe chun críocha leasa shóisialaigh ar chostas laghdaithe. Teastaíonn fianaise chun críocha leasa shóisialaigh, ar nós nóta ón Roinn.